John B. Keane

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaJohn B. Keane

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith21 Iúil 1928
Lios Tuathail, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás30 Bealtaine 2002
73 bliana d'aois
Lios Tuathail, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisBás nádúrtha (Ailse phróstataigh)
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste Mhichíl, Lios Tuathail Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmúrscéalaí, scríbhneoir, drámadóir Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla agus an Ghaeilge
Saothar
Saothar suntasach
Teaghlach
SiblínEamonn Keane
Gradam a fuarthas

IMDB: nm0443865 Cuir in eagar ar Wikidata

Ba dhrámadóir agus scríbhneoir as Ciarraí é John B. Keane[1] (rugadh é ar an 21 Iúil 1928 agus d'éag ar an 30 Bealtaine 2002). Fear grinn den chéad scoth a bhí ann. Carachtar é a gcuirfeá dúil ann mar gheall ar a rógaireacht agus bhí sé lán d'aer an tsaoil.[2] Ina chuid scríbhneoireachta, bhí a fhios aige go raibh an-chumhacht ann sa mhaolaisnéis.

Ar chúrsaí reatha, níor sheachain sé an chonspóid riamh.

Brian Friel agus John B. Keane, BÁC

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh agus tógadh i Lios Tuathail, Co. Ciarraí é. Ba é an ceathrú duine é den naonúr páistí ag William Keane, bunmhúinteoir, agus Hannah Purtill.[3]

Tar éis dó an mheánscoil a fhágaint, chaith sé na blianta idir 1946 agus 1951 ag obair mar chúntóir i siopa poitigéara. Ó 1951 go dtí 1955 chuaigh sé ar imirce go Sasana, áit ar bhain sé a shlí bheatha amach ar neart bhealaí éagsúla. Sa bhliain 1955 d'fhill sé ar a áit dhúchais agus ó shin go shíothlaí sé, bhí teach tábhairne, mar gnó, idir láimhe aige.

Sa bhliain 1991 bronnadh ballraíocht buan den Royal Dublin Society air. Bhí sé ina uachtaráin ar PEN agus bhí sé ina bhunaitheoir den Irish Playwrights Society (Cumann na Drámadóirí Éireannacha). San am céanna bhain sé amach ballraíocht in Aosdána.

Carachtar a bhí ann ar an uile bhealach. Bhí sé ina bhall de Fhine Gael, agus níor sheachain sé díospóireacht chonspóideach riamh

Bhronn Coláiste na Tríonóide, Ollscoil Luimnigh agus Marymount College (Manhattan) dochtúireachtaí oinigh air.

Bhí sé pósta le Mary O'Connor agus bhí ceathrar chlainne acu, iníon agus triúr mac.

Fuair sé bás ina theach féin de bharr ailse i measc a phobail fhéin sa bhliain 2002 agus in aois 73 bliain dó.Go leor saothar a d'fhoilsigh sé le linn a shaol torthúil.

Saothar[cuir in eagar | athraigh foinse]

Lios Tuathail, Co. Ciarraí

Saothar spleodrach, barrúil agus greannmhar atá ann. A dhráma Sive a tharraing aird na hÉireann air i 1959. Is iad The Field (1965) agus Big Maggie (1969) na drámaí is clúití leis.[4][5]

Scríobh sé leabhar i nGaeilge ar fhear déanta cleamhnas, Dan Pheaidí Aindí, i 1977, chomh maith le gearrscéalta, úrscéalta agus saothar ilchineálach eile.

Drámaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Sive (1959)
  • Sharon's Grave (1960)
  • The Highest House on the Mountain (1961)
  • No More in Dust (1961)
  • Many Young Men of Twenty (1961)
  • Hut 42 (1962)
  • The Man from Clare (1962)
  • Seven Irish Plays (1967)
  • The Year of the Hiker
  • The Field
  • Big Maggie
  • Moll
  • The Crazy Wall
  • The Buds of Ballybunion
  • The Chastitute
  • Faoiseamh
  • The Matchmaker

Leabhair[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Dan Pheaidí Aindí, leabhar as Gaeilge (Mercier Press, 1977)[6]
  • The Bodhran Makers
  • Durango
  • The Contractors
  • A High Meadow
  • Letters of a successful T.D

Aistí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Love Bites
  • Owl Sandwiches

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. John Breandan Keane
  2. Gus Smyth agus Des Hickey. (1992). "The Real Keane (Beathaisnéis)". 
  3. "KEANE, John B. (1928–2002)" (ga). ainm.ie. Dáta rochtana: 2020-05-30.
  4. "John B. Keane" (en). Portraits of Irish-Language Writers. Dáta rochtana: 2020-05-30.
  5. Mairéad Ní Nuadháin (8 Nollaig 2023). "Drámaíocht nach dtéann in aois – níor chuir John B. fiacail ann nuair a chuir sé peann le pár" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-12-08.
  6. "Dan Pheaidí Aindí" (en-GB). Litríocht (2013-12-24). Dáta rochtana: 2020-05-30.