Isaac Asimov

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaIsaac Asimov

(1965) Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(ru) Исаáк Ази́мов
4 Deireadh Fómhair 1919 ↔ 2 Eanáir 1920
Petrovichi (Russian Socialist Federative Soviet Republic)
Bás6 Aibreán 1992
72 bliana d'aois
Manhattan, New York Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisBás nádúrtha (Galar a bhaineann le SEIF)
Faisnéis phearsanta
Grúpa eitneachNa Giúdaigh
ReiligiúnAn tAindiachas
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Columbia (–1939)
Boys and Girls High School (en) Aistrigh
Columbia University School of General Studies (en) Aistrigh
Fu Foundation School of Engineering and Applied Science (en) Aistrigh
Boys High School Cuir in eagar ar Wikidata
Áit chónaitheBrooklyn
Petrovichi
Bostún
West Philadelphia (en) Aistrigh
Manhattan
Teanga dhúchaisan Ghiúdais
Gníomhaíocht
Réimse oibreBithcheimic
Gairmbithcheimiceoir, múinteoir ollscoile, scríbhneoir neamhfhicsin, iriseoir, scríbhneoir scripte, scríbhneoir, scríbhneoir eolaíochta, dírbheathaisnéisí, scríbhneoir ficsean eolaíochta, úrscéalaí, scríbhneoir próis, scríbhneoir coirscéalta Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1934 –  1992
FostóirOllscoil Bhostúin Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaPáirtí Daonlathach Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
SeánraFicsean eolaíochta
Ainm cleitePaul French Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla agus an Ghiúdais
Gairm mhíleata
Brainse míleataArm na Stát Aontaithe
CoinbhleachtAn Dara Cogadh Domhanda
Saothar
Saothar suntasach
Teaghlach
CéileGertrude Asimov (1942–1973)
Janet Asimov (1973–1992) Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteRobyn Asimov
 ( Gertrude Asimov) Cuir in eagar ar Wikidata
SiblínStanley Asimov
Gradam a fuarthas
Síniú

Suíomh gréasáinasimovonline.com Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: nm0001920 TV.com: people/isaac-asimov
Youtube: UCh61UNcowJg-MDsBwVvOjoA Musicbrainz: 921108ff-319f-443e-83eb-3a21a767f7ef Discogs: 852800 Find a Grave: 10325 Cuir in eagar ar Wikidata

Scríbhneoir ficsin eolaíochta agus bithcheimiceoir ab ea Isaac Asimov (2 Eanáir 1920 - 6 Aibreán 1992) a chuir cor i stair an fhicsin eolaíochta lena chuid scéalta faoi róbait, chomh maith leis an tríológ a scríobh sé faoin bhFundúireacht thiar sna 1950idí.

Sloinne[cuir in eagar | athraigh foinse]

Eascraíonn an sloinne Asimov ón chéad chuid de озимый хлеб (ozímyj khleb), rud a chiallaíonn 'grán geimhridh' (seagal go sonrach) inar dhéileáil a sin-sin- sin-seanathair leis an ainm athartha Rúiseach -ov leis [1]. Litrítear Azimov mar Азимов san aibítir Choireallach [2]. Nuair a tháinig an teaghlach go dtí na Stáit Aontaithe sa bhliain 1923, b'éigean a n-ainm a litriú san aibítir Laidineach, litrigh a athair Asimov le S, ag creidiúint gur chóir an litir seo a fhuaimniú cosúil le Z (mar atá sa Ghearmáinis), agus mar sin rinneadh Asimov de [3]. Spreag sé seo ceann de ghearrscéalta Asimov ina dhiaidh sin, "My Spell with an S ."[4]

Dhiúltaigh Asimov do mholtaí luatha maidir le hainm níos coitianta a úsáid mar ainm cleite, agus chreid sé gur chabhraigh a inaitheantacht lena ghairm. Tar éis dó a bheith ina scríbhneoir cáiliúil, bhuail sé go minic le léitheoirí a chreid gur ainm cleite sainiúil é "Isaac Asimov" a chruthaigh údar a chruthaigh údar a bhfuil ainm coitianta air.

Scéal a Bheatha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Saolaíodh Isaac Asimov i dtús Mhí na Nollag sa bhliain 1920 - is é an dara lá de Mhí na Nollag an dáta oifigiúil, ach níl sé cruinn - i bPetrovichi in aice le Smolensk san Aontas Sóivéadach (inniu: An Rúis). Ba iad Anna Rachel Berman agus Judah Asimov a thuismitheoirí. Muilleoirí Giúdacha ab ea iad.

Nuair a bhí sé trí bliana d'aois, chuaigh an teaghlach ar imirce go dtí na Stáit Aontaithe. Mar sin, níor fhoghlaim Isaac óg Rúisis riamh, nó ba iad an Béarla agus an Ghiúdais an t-aon dá theanga a chuala sé sa bhaile i mBrooklyn i Nua-Eabhrac. D'fhoghlaim sé léamh agus scríobh as a stuaim féin nuair a bhí sé cúig bliana d'aois, agus bhí sé riamh ábalta Giúdais a labhairt chomh maith le Béarla.

Bhí irisí ficsin eolaíochta ar díol i siopa a thuismitheoirí, agus chuir sé spéis iontu. Nuair a bhí sé aon bhliain déag d'aois, thosaigh sé ag scríobh scéalta dá chuid féin, agus i gceann sraith de bhlianta, bhí na hirisí lónléitheoireachta á gceannach uaidh agus á bhfoilsiú.

Bhain Asimovː amach céim ollscoile in Ollscoil Columbia sa bhliain 1939. Naoi mbliana ina dhiaidh sin, rinne sé a dhochtúireacht ansin sa bhithcheimic. Idir an dá linn, chaith sé trí bliana ag obair do Stáisiún Aerthástála an Chabhlaigh in Philadelphia.

Nuair a bhí an cogadh thart cheana féin, coinscríobhadh san Arm é, agus chaith sé naoi mí ansin sular scaoileadh chun siúil "faoi onóracha" é. Botún maorlathach a bhí ann i ndáiríre agus bhí an t-ádh dearg ar Asimovː sheachain sé an tástáil adamhach mar sin in atall Bikini sa bhliain 1946.

Asimov (ar dheis) le L. Sprague de Camp agus Robert Anson Heinlein (ar clé) i Pennsylvania 1944

Nuair a fuair sé an dochtúireacht, chuaigh Asimovː ag obair in Ollscoil Bhostúin. Ón mbliain 1958 ar aghaidh, áfach, ní raibh dualgas léachtóireachta air a thuilleadh, nó faoin am sin, bhí sé ní ba mhó i dtuilleamaí na scríbhneoireachta ná na bithcheimice mar shlí bheatha. Mar sin féin, bhí sé ina chomhollamh i gcónaí, go dtí go ndearnadh ollamh oinigh de sa bhliain 1979.

Phós sé Gertrude Blugerman (1917, Ceanada–1990, Bostún) ar an 26ú lá de Mhí Iúil, 1942, agus rugadh beirt chlainne dóibh, David (sa bhliain 1951) agus Robyn Joan (sa bhliain 1955). Fuair siad colscaradh sa bhliain 1973, ach bhí siad dealaithe ó chéile sa saol laethúil i bhfad roimhe sin. Sa bhliain chéanna, phós Asimov Janet O. Jeppson.

Ba mhaith le hAsimov seomraí beaga cluthara. Ní fhéadfá clástrafóibe a chur ina leith. Sa chéad chuid dá bheathaisnéis, cuimhníonn sé ar an aisling a bhí aige ina bhuachaill beag dó: theastaigh uaidh, ansin, seastán nuachtán a bheith aige ar stáisiún an iarnróid faoi thalamh, i gcruth is go bhféadfadh sé a chuid léitheoireachta a dhéanamh i mboth beag seascair agus na traenacha ag dul thart leis.

Bhí eagla ar Asimov roimh eitilt, agus ní dheachaigh sé ar bhord eitleáin ach faoi dhó, nuair a bhí sé ar fiannas san arm, ionas nach bhféadfadh sé é a sheachaint. Dá thoradh sin, ní minic a chuireadh sé turais fada taistil de, rud a d'fhág a lorg ar a chuid scríbhneoireachta, go háirithe ar na scéalta faoin mbleachtaire Wendell Urth agus na scéalta faoi Elijah Baley.

Cnagaosta[cuir in eagar | athraigh foinse]

The Gentle Vultures, Super-Science Fiction, Nollaig 1957

Ina fhear cnagaosta dó, fuair sé amach go raibh sé ag baint an-taithnimh as cúrsáil loinge, agus ba mhinic a thugadh sé cainteanna faoi chúrsaí eolaíochta ar bhord loinge leis na paisinéirí eile a ghiúmaráil. Óráidí den chéad scoth a bhí ann a d'fhéadfadh draíocht a chur ar a lucht éisteachta. Bhí ciall dhian aige don am, nó bhí sé ábalta an t-am a bhí curtha ar fáil dó a spíonadh gan é a shárú gan oiread is súil chaitheamh ar an uaireadóir.

Ón taobh eile de, ní raibh mórán lúith ina ghéaga, nó níor fhoghlaim sé riamh conas snámhrothaíocht a dhéanamh. Mar sin féin, nuair a d'aistrigh sé go Bostún, d'éirigh leis teacht isteach ar thiomaint an ghluaisteáin. Ina leabhar scéilíní magaidh Asimov Laughs Again, thug sé "ainriail ar na rothaí" ar thrácht na sráideanna i mBostún.

Bhí suim ag Asimov ina lán rudaí éagsúla, nó nuair a bhí sé ag teannadh anonn san aois, ghlac sé ballraíocht in eagraíochtaí a bhí ag coinneáil cuimhne ar Gilbert agus Sullivan nó ar scéalta Nero Wolfe le Rex Stout. Bhí sé fosta ina bhall tábhachtach den chumann úd Baker Street Irregulars, an cumann is tábhachtaí dóibh siúd a bhfuil suim acu in eachtraí Sherlock Holmes.

Ón mbliain 1985 go lá a bháis, bhí sé ina Uachtarán ar an American Humanist Association, agus b'é a chara Kurt Vonnegut, scríbhneoir eile, a tháinig i gcomharbas air. Bhí sé mór le Gene Roddenberry freisin, an fear a chruthaigh an Réaltaistear, agus luadh a ainm ar na teidil chreidiúna don scannán Star Trek: The Motion Picture a bhuí leis an gcomhairleoireacht a rinne sé le linn an léiriúcháin. Go bunúsach, bhí sé ag áitiú ar fhoireann an chomhlachta Paramount Pictures nach raibh Roddenberry ag síneadh srianta na heolaíochta ní b'fhaide amach thar a raibh dlisteanach san fhicsean eolaíochta.

Bás[cuir in eagar | athraigh foinse]

Fuair Asimov bás ar an séú lá de Mhí Aibreáin sa bhliain 1992. D'fhág sé an dara bean chéile agus an chlann a rugadh dó sa chéad phósadh ina dhiaidh.

Deich mbliana i ndiaidh a bháis, nocht an t-eagrán dá dhírbheathaisnéis a chóirigh Janet Asimov gurbh é an SEIF ba thrúig bháis dó. Tholg sé an galar ón aistriú fola a fuair sé nuair a bhí sé ag dul faoi scian dochtúra le máinliacht seach-chonaire corónaí a fháil. Bhí Asimov féin toilteanach a phoibliú go raibh an galar seo air, ach d'áitigh a chuid dochtúirí air gan an tsreang a bhaint den mhála, nó bhí siad buartha faoi na réamhbhreithiúnaisí coitianta i leith an ghalair a ghoillfeadh ar a chlann.

Nuair a bhí sé tar éis bháis, bheartaigh a theaghlach an scéal a nochtadh don tsaol mhór. Ach ansin, i bhfianaise an challáin a tharraing an réaltóg leadóige Arthur Ashe nuair a nocht seisean go raibh an SEIF air, chinn siad gan a dhath a rá faoi go raibh an galar céanna ar Asimov. Deich mbliana ina dhiaidh sin, nuair a bhí na dochtúirí a raibh Asimov ina othar acu básaithe iad féin, chinn Janet agus Robyn, an iníon, go raibh sé chomh maith acu an fhírinne a insint go hoscailte.

A Dhearcadh Intleachtúil[cuir in eagar | athraigh foinse]

Daonnachaí agus réasúnaí ab ea Isaac Asimov. Ní raibh sé ag cur in aghaidh fíor-áitiús reiligiúnda, ach d'ionsaíodh sé go fíochmhar gach sórt pisreog. Nuair a bhí sé óg, d'urramaíodh a thuismitheoirí traidisiún reiligiúnda an Ghiúdachais Cheartchreidmhigh, ach ní dhearna siad riamh aon iarracht Isaac a thógáil leis an traidisiún seo in aghaidh a thola. Mar sin, nuair a tháinig sé i mbun a mhéide, is é an tátal a bhain sé as an mBíobla gurbh í díolaim na miotas Giúdach a bhí ann, cosúil leis an Iliad, ina raibh na miotais Ghréagacha curtha ar taifead. (Ar feadh tamaill bhig, bhí a athair, Judah Asimov, ag obair sa tsionagóg áitiúil le sult a bhaint as an timpeallacht agus le tuiscint a fháil ar an scrioptúr naofa. Is beag a chuaigh an taithí seo i bhfeidhm ar Isaac óg, ach amháin gurbh ansin a d'fhoghlaim sé aibítir na hEabhraise.)

Thar na blianta, dúirt Asimov go raibh sé ina aindiachaí, ach ní raibh sé sásta leis an téarma seo, ó bhí sé inbharúla go raibh sé ag cur an iomarca béime ar an rud nár chreid sé ann, gan a dhath a rá i leith na rudaí ar chreid sé iontu. Níos deireanaí, fuair sé gurbh fhearr leis "daonnachaí" a thabhairt air féin.

Clúdachː "Isaac Asimov's Science Fiction Magazine", 1988, le Garry Freeman

Sa leabhar deireanach dírbheathaisnéise a tháinig óna pheann, scríobh sé: "Mura mbeinn i m'aindiachaí, chreidfinn i nDia a shábhálfadh na daoine de réir iomlán a saoil, seachas an cineál cainte a chleachtann siad. Sílim gurbh fhearr Leis an t-aindiachaí macánta cneasta ná an seanmóirí teilifíse nach bhfuil ina bhéal ach Dia, Dia, Dia, agus nach bhfuil idir lámhaibh aige ach peaca, peaca, peaca."

Sa leabhar céanna, tagraíonn sé d'Ifreann mar "aisling shaobh an tSádaí" agus é greamaithe ar dhóigh amscaí de Dhia atá lán trócaire. Má bhí rialtais na stát daonna féin in ann srianta a chur le pionóis chruálacha nó neamhghnácha, ar seisean, cén fáth nach gcuirfí teorainn ama leis an bpionós sa saol eile?

Dhiúltaigh Asimov don smaoineamh go dtarraingeodh aon chreideamh nó gníomh daonna pionós síoraí ar an duine. Má bhí an saol eile ann agus gach duine ag fáil an rud a bhí tuillte aige thall ansin, ar seisean, nach raibh an pionós ba mheasa, ba déine agus ab fhaide ag dul dóibh siúd a bhí i ndiaidh "Ifreann a cheapadh le Dia a chlúmhilleadh"?

Mar is léir óna leabhair Treasury of Humor agus Asimov Laughs Again, bhí sé thar a bheith ábalta scéilíní magaidh a insint faoi Dhia an Ghiúdachais is na Críostaíochta, faoin Diabhal, faoi Pharthas agus faoi ábhar reiligiúnach eile, nó bhí sé den bharúil gur minic gur mhó a spreag scéilín maith magaidh smaointí ná comhrá faidréiseach fadaraíonach fealsúnachta.

Bhí dearcadh forásach ag Asimov ar an gcuid ba mhó de cheisteanna polaitiúla a linne, agus é ag tacú go daingean leis an bPáirtí Daonlathach. Bhí sé ag cur in aghaidh Chogadh Vítneam sna seascaidí, agus lá i dtús na seachtóidí, nuair a bhí sé faoi agallamh ar an teilifís, thacaigh sé le George McGovern go poiblí. Bhí sé míshásta le fás na míréasúntachta agus na pisreogachta i measc na bhforásach Meiriceánach ó dheireadh na seascaidí ar aghaidh.

Tyrann, 1951

Sa leabhar dírbheathaisnéise In Joy Still Felt, chuimhnigh sé ar an teagmháil a bhí aige le hAbbie Hoffman, fear mór an fhrithchultúir. Ba é an tátal a bhain Asimov as Hoffman agus a leithéidí go raibh siad ag leanúint tonn mhór na mothúchán is na maoithneachta a d'fhág i "bhfásach spioradálta" iad, agus ní raibh sé cinnte, an bhfillfidís as an bhfásach sin choíche. An dóigh a raibh sé ag cosaint na stáisiún adamhach leictreachais fiú i ndiaidh na n-imeachtaí in Three Mile Island, Harrisburg, rinne sé dochar dá chaidreamh le cuid de na Liobrálaigh eile sna Stáit Aontaithe. I litir a cuireadh in athchló sa leabhar úd Yours, Isaac Asimov, dúirt sé, siúd is gurbh fhearr leis "a shaol a chaitheamh gan dul in aon seans" ná a bheith ina chónaí in aice le himoibritheoir núicléach, go mbeadh sé ní b'fhonnmhaire é a chaitheamh in aice le himoibritheoir núicléach ná in aice le sluma, le Love Canal nó "le gléasra de chuid Union Carbide a bheadh ag táirgiú isicianáit mheitile" (tagairt ab ea é seo don olltubaiste i mBhopal san India, a bhí díreach i mbéal an phobail). Is iomaí achainí a d'eisigh sé, leis, ag éileamh go gcuirfí srianta le ródhaonrú an domhain, agus é go mór mór faoi thionchar daoine ar nós Thomas Malthus agus Paul R. Ehrlich i leith na ceiste seo.

Bhí Asimov ag tacú le cúis na mban sular éirigh an feimíneachas faisiúnta fairsing mar ghluaiseacht. Bhí sé den tuairim go raibh ceist na mban fite fuaite le ceist an daonra. Thairis sin, chreid sé gur chóir an homaighnéasachas a cheadú, mar ghníomhaíocht ghnéis nach raibh ag cur leis an daonra (féach an leabhar Yours, Isaac Asimov).

Ag druidim chun deiridh dá shaol dó, lochtaigh sé an dóigh a raibh an saol i gCathair Nua-Eabhrac, dar leis, ag dul chun donais de réir mar a bhí an mheánaicme ag éalú go dtí na bruachbhailte. An leabhar deireanach neamhfhicseanúil a tháinig óna pheann, mar atá, Our Angry Earth (1991), a scríobh sé i gcomhar lena sheanchara Frederik Pohl, scríbhneoir eile ficsin eolaíochta, bhí sí ag plé cheisteanna na géarchéime éiceolaíche, ar nós téamh an domhain agus ciseal ózóin.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Asimov, Isaac (1979). "In Memory Yet Green": 8, 10–11. 
  2. Asimov, Isaac. "In Memory Yet Green". 
  3. Earráid leis an lua: Invalid <ref> tag; no text was provided for refs named azimov2
  4. Asimov, Isaac (1987). "The Best Science Fiction of Isaac Asimov". Glasgow: Grafton Books.