Anraí VIII Shasana
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
| Anraí VIII | |
|---|---|
| Rí Shasana agus na hÉireann | |
| Portráid d'Anraí VIII, le Hans Holbein Óg | |
| Réimeas | 21 Aibreán 1509 – 28 Eanáir 1547 |
| Dáta breithe | 28 Meitheamh 1491 |
| Áit bhreithe | Pálás Greenwich, Greenwich |
| Dáta báis | 28 Eanáir 1547 |
| Áit bháis | Pálás Whitehall, Londain |
| Réamhtheachtaí | Anraí VII |
| Comharba | Éadbhard VI |
| Rítheaghlach | Túdar |
| Céile | Caitríona Aragón (1509-1533) Áine Boleyn (1533-1536) Sinéad Seymour (1536-1537) Áine Cleves (1540-1540) Caitríona Howard (1540 - 1542) Caitríona Parr (1543-1547) |
| Síniú |
|
Bhí Anraí VIII (28 Meitheamh 1491 – 28 Eanáir 1547) ina rí ar Shasana ó 21 Aibreán 1509, go dtí lá a bháis. Ba é a bhris an nasc idir ríocht Shasana agus an Eaglais Chaitliceach chomh maith le glacadh leis an teideal, Rí na hÉireann. Bhí sé de cháil air gur phós sé sé huaire i ndiaidh a chéile. Tháinig a aon mhac, Éadbhard VI, i gcomharbacht air.