Éadbhard VI Shasana
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
| Éadbhard VI | |
|---|---|
| Rí Shasana agus na hÉireann | |
| Éadbhard mar Phrionsa na Breataine Bige | |
| Réimeas | 28 Eanáir 1547 – 6 Iúil 1553 |
| Dáta breithe | 12 Deireadh Fómhair 1537 |
| Áit bhreithe | Pálás Chúirt Hampton, Richmond upon Thames |
| Dáta báis | 6 Iúil 1553 |
| Áit bháis | Pálás Placentia, Greenwich |
| Réamhtheachtaí | Anraí VIII |
| Comharba | An Bantiarna Jane Grey |
| Rítheaghlach | Túdar |
| Síniú |
|
Bhí Éadbhard VI (12 Deireadh Fómhair 1537 – 6 Iúil 1553) ina rí ar Shasana agus é ina bhuachaill óg. Ba é an t-aon mhac ag Anraí VIII agus tháinig sé i gcoróin nuair a bhí sé naoi mbliana d'aois. Ba é an chéad mhonarc Protastúnach ceart ar an tír sin. Bhí an tsláinte go dona aige i gcónaí agus fuair sé bás go hóg. Rinne Protastúnaigh chumhachtacha iarracht oidhreacht na corónach a aistriú go dtí bean óg darbh ainm An Bantiarna Jane Grey, ionas go bhfanfadh monarc Protastúnach i gcoróin ina dhiaidh. Bhí sí seo ina bhanríon neamhoifigiúil ar feadh naoi lá, ach theip ar an gceannairc seo ar deireadh agus tháinig deirfiúr Chaitliceach Éadbhaird, Máire I, i gcoróin.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.