An Bhantiarna Jane Grey
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
| Jane | |
|---|---|
| Banríon Shasana agus na hÉireann | |
| Portráid Streatham den Bhantiarna Jane Grey, a aimsíodh arís san 21ú haois | |
| Réimeas | 6/10 Iúil 1553 – 19 Iúil 1553 |
| Dáta breithe | t. deireadh 1536-tús 1537 |
| Dáta báis | 12 Feabhra 1554 |
| Áit bháis | Túr Londan (í curtha chun báis), Londain |
| Réamhtheachtaí | Éadbhard VI |
| Comharba | Máire I Shasana |
| Rítheaghlach | Túdar |
| Céile | An Tiarna Guilford Dudley |
| Síniú |
|
Bhí an Bhantiarna Jane Grey (1536/7 — 12 Feabhra 1554) ina banríon ar Shasana ar feadh naoi lá in Iúil 1553, le linn géarchéim chomharbachta. Tugadh 'Banríon na Naoi Lá' uirthi mar gheall air seo. Ba ghar-neacht le hAnraí VIII í agus chinn a athair agus Protastúnaigh thábhachtacha eile ar iarracht a dhéanamh í a chur i gcoróin tar éis don rí Protastúnach Éadbhard VI bás a fháil. Rinneadh é seo d'fhonn bac a chur ar an gCaitliceach, Máire Túdar, deirfiúr Éadbhaird agus an iníon ba shine le hAnraí VIII, teacht i gcoróin. Ach theip ar an gceannairc seo, ceal tacaíochta ón bpobal i gcoitinne. Cuireadh í chun báis tar éis do Mháire teacht i réim.
|
|
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |