Anraí VII Shasana
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
| Anraí VII | |
|---|---|
| Rí Shasana agus Tiarna na hÉireann | |
| Portráid d'Anraí ó 1500 | |
| Réimeas | 22 Lúnasa 1485 – 21 Aibreán 1509 |
| Dáta breithe | 28 Eanáir 1457 |
| Áit bhreithe | Caisleán Pembroke, An Bhreatain Bheag |
| Dáta báis | 21 Aibreán 1509 |
| Áit bháis | Pálás Richmond, Sasana |
| Réamhtheachtaí | Risteard III |
| Comharba | Anraí VIII |
| Rítheaghlach | Túdar |
| Céile | Eilís Eabhrac |
| Síniú |
|
Bhí Anraí VII (28 Eanáir 1457 – 21 Aibreán 1509) ina rí ar Shasana ó 22 Lúnasa 1485 go dtí 21 Aibreán 1509. Tháinig deireadh le Cogadh na Rósanna nuair a tháinig sé i gcoróin tar éis dó an bua a fháil ar Risteard III ag Cath Pháirc Bosworth. 'Túdar' an sloinne a bhí air agus chuir sé tús le Ré na dTúdarach nuair a tháinig sé i gcoróin, tréimhse a mhair go dtí 1603.