James Craig, 1ú Bíocúnta Chreaga Abhann

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
James Craig.

Ba cheannaire aontachtach i dTuaisceart Éireann é James Craig (8 Eanáir 1871 - 24 Samhain 1940). An chéad Phríomh-Aire Thuaisceart Éireann a bhí ann. Rinneadh bairnéad de sa bhliain 1918 agus sa bhliain 1927 rinneadh 'Viscount Craigavon' (Bíocúnta Chreaga Abhann) de. Sna seascaidí, d'ainmnigh baile ina dhiaidh, Creag Abhann. Chuir Craig agus Edward Carson Óglaigh Uladh ar bun sa bhliain 1911.