Prionsa Séarlas Éadbhard Stiúbhart
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
| An Prionsa Séarlas Stiúbhart | |
|---|---|
| "Séarlas III" de réir na Seacaibíteach | |
| Charles Edward Stuart (Bonnie Prince Charlie) | |
| Éilitheoireacht | 1 Eanáir 1766-31 Eanáir 1788 |
| Dáta breithe | 31 Nollaig 1720 |
| Áit bhreithe | Palazzo Muti, An Róimh |
| Dáta báis | 31 Eanáir 1788 |
| Áit bháis | Palazzo Muti, An Róimh |
| Ionad adhlactha | Basilica Naoimh Pheadair, Cathair na Vatacáine |
| Réamhtheachtaí | Séamus Éadbhard Stiúbhart ("Séamus VIII is III") |
| Comharba | Anraí Benedict Stiúbhart ("Anraí IX") |
| Rítheaghlach | Na Stiúbhartaigh |
| Céile | Louise de Stolberg-Gedern |
Ar an lá deireanach den bhliain 1720, rugadh leanbh mic do rítheaghlach na Stiúbhartach sa Róimh. B' é eisean an Prionsa Séarlas Éadbhard Stiúbhart, mac Séamus VIII is III agus comharba dlítheach ar Choróin na Breataine. Bhí lúcháir ar neart daoine faoi nuacht a bhreithe, óir bhí seo ag tabhairt dóchas úr do na Seacaibítigh go mbeadh an choróin faighte ar ais ag Teach Ríoga na Stiúbhartach, a chaill siad sa bhliain 1688 agus a bhí anois ag Teach Ríoga Hanovair.