Seacaibíteachas

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
An Prionsa Séarlas Éadbhard Stiúbhart, The Young Pretender, ag caitheamh an bhoinéid ghoirm Albanaigh agus an chnota bháin Sheacaibítigh

Ba ghluaiseacht pholaitíochta í an Seacaibíteachas ( agus tá an ghluaiseacht ann, go teoranta, go fóill) tiomnaithe do na Séamasaigh, sé sin teaghlach ríoga na Stíobhartach, a bheith athchóirithe chuig ríchathaoireacha Shasana, na hAlban agus na hÉireann. Thóg an ghluaiseacht a hainm ón bhfoirm Laidineach d’ainm an Rí Séamas II agus VII Jacobus.