Janis Joplin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaJanis Joplin

(1970) Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(en) Janis Lyn Joplin
19 Eanáir 1943
Port Arthur, Texas Cuir in eagar ar Wikidata
Bás4 Deireadh Fómhair 1970
27 bliana d'aois
Hollywood, California Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisBás tionóisceach (Ródháileog ópóideach)
Áit adhlacthaAn tAigéan Ciúin
adhlacadh san fharraige Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Texas, Austin
Ardscoil Shinsearach Kenmore West
Ollscoil Lamar
Thomas Jefferson High School (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Réimse oibreCumadóireacht
Gairmamhránaí, ceoltóir, giotáraí, cumadóir, amhránaí is scríbhneoir, ealaíontóir taifeadta Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse ama20ú haois
Tréimhse oibre1962 –  1970
SeánraRac sícideileach, na gormacha, gormrac, anamcheol, acid rock (en) Aistrigh, rac-cheol crua, ceol tíre agus ceol tuaithe
GluaiseachtCounterculture of the 1960s (en) Aistrigh agus Hipí
TeangachaBéarla
Cineál guthaMeánsoprán

UirlisGiotár, giotár acústach agus ceol gutha
Lipéad ceoilColumbia Records
Mainstream Records Cuir in eagar ar Wikidata
Saothar
Saothar suntasach
Teaghlach
Céileluach ar iarraidh Cuir in eagar ar Wikidata
MáthairDorothy Bonita Joplin
Gradam a fuarthas
Síniú

Suíomh gréasáinjanisjoplin.com Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: nm0429767 Rottentomatoes: celebrity/janis_joplin TV.com: people/janis-joplin IBDB: 495465
Facebook: janisjoplin Twitter: janisjoplin Instagram: janisjoplin Youtube: UCFlM0rQaEvMGxNQtXhYhTnQ TikTok: janisjoplin Souncloud: janis-joplin-music Spotify: 4NgfOZCL9Ml67xzM0xzIvC iTunes: 365673 Last fm: Janis+Joplin Musicbrainz: 76c9a186-75bd-436a-85c0-823e3efddb7f Songkick: 19445 Discogs: 120232 Allmusic: mn0000177060 Find a Grave: 555 Deezer: 1658 Cuir in eagar ar Wikidata

Amhránaí, cumadóir agus cóiritheoir ceoil Meiriceánach a bhí i Janis Lyn Joplin (19 Eanáir, 19434 Deireadh Fómhair, 1970), a rugadh i bPort Arthur, Texas. Bhain sí cáil agus rath amach den chéad uair sna 1960idí agus í ag canadh le Big Brother and the Holding Company, agus mar amhránaí ina haonar níos déanaí. Sa bhliain 2004, bhí Joplin ag uimhir 46 ar an liosta 100 Greatest Artists of All Time a d'fhoilsigh an iris Rolling Stone.

Fuair Joplin bás de bharr ródháileog hearóine agus í ag an óstán Landmark Motor[1] i Los Angeles, California.


Luathshaol[cuir in eagar | athraigh foinse]

1943-1965[cuir in eagar | athraigh foinse]

Meánscoil Thomas Jefferson, 1960

Rugadh Janis Joplin i bPort Arthur, Texas ar an 19ú Eanáir 1943[2]. Ba í Janis an chéad duine clainne a rugadh don innealtóir de chuid Texaco, Seth Joplin, is dá bhean chéile Dorothy Joplin (née East), a bhí ina cláraitheoir i gColáiste Gnó. Saolaíodh beirt chlainne eile do mhuintir Joplin, mar atá a mac, Michael, agus iníon amháin eile, Laura, ní ba dheireanaí. Freastalaíodh an teaghlach ar sheirbhísí reiligiúnacha de chuid Church of Christ. Ba pháiste neamhghnách í Janis Joplin, agus dar lena máthair gur theastaigh níos mó airde uaithi mar pháiste ná mar a bhí i gceist lena páistí eile, agus go mbíodh sí "míshásta nuair nach mbeadh go leor airde á thabhairt uirthi. Níor leor léi an ghnáthrapport".[3]

Ina déagóir di, chuir sí aithne ar ghrúpa déagóirí a bhí chomh himeallaithe léi féin agus bíodh siad iontach mór le chéile. Bhí roinnt albam na ngormacha ag duine acu, Grant Lyons, agus ina measc siúd bhí albaim le Leadbelly agus Bessie Smith. Ba í Bessie Smith ba mhó a chuaigh i bhfeidhm ar Janis óg .[4] Bhí an oiread sin ómóis ag Joplin do Bhessie Smith gur cheannaigh sí leac uaighe di sa bhliain 1970 nuair a nochtadh di nach ndearnadh amhlaidh riamh, is gur ina luí in uaigh gan aon ainm air a bhí sí.[5] Ina dhiaidh sin, thosaigh Janis ag éisteacht le réimse níos leathaine ceoil, leithéidí Odetta agus Bhig Mama Thornton.

Beadh sí ag ceol le cór eaglasta Phort Arthur, ach dar léi féin nár léir di go raibh glór ar leith aici go dtí go raibh seacht mbliana déag slánaithe aici.[6] Is ag cóisir a bhí sí an lá úd nuair a "fuair sí amach" go raibh feith an cheoil inti. Bhí sé de nós aici agus ag a cuid cairde aithris a dhéanamh ar cheoltóirí mhóra, agus an t-am sin, rinne sí aithris ar Odetta a chuir alltacht ar a cuid cairde.[7]

1969

Ba í an phéinteáil mór-shuim Janis nuair a bhí sí fós ar scoil,[8] ach thosaigh sí ag canadh ceoil tíre lena cuid cairde. D'fhreastail sí ar Thomas Jefferson High School i bPort Arthur, ach dar léi féin go mbeadh na daltaí eile ag maistíneacht uirthi, agus is é an rud a bhí le rá aici fúthu in agallamh le Dick Cavett sa bhliain 1970 (an bhliain inar cailleadh í) ná: "They laughed me out of class, out of town and out of the state, man".[8][7] Nuair a bhí thart faoi ceithre bliana déag slánaithe aici,[7] chuir sí a lán meácháin suas agus tháinig athruithe mhóra ar a cuma. Bhí an aicne a tháinig uirthi sa tréimhse úd chomh tromchúiseach gur fhág sí coilm ar aghaidh Janis ar theastaigh obráid dermabrasion a dhéanamh orthu len iad a leigheas.[3][9][10] Níor thaitin na blianta scoile le Janis in aon chor, agus ba mhinic do na scoláirí a bheith eile dá maslú, mar gheall ar an chuma a bhí uirthi ag an am go háirithe. Thugtaí na maslaí "pig", "freak" agus "creep" uirthi go rialta, agus caithidís seile is pinginí léi.[3]

Tréimhsí san ollscoil[cuir in eagar | athraigh foinse]

Joplin ar stáitse le Tom Jones sa bhliain 1969

Bhain Janis a dioplóma ardscoile amach sa bhliain 1960 agus bhog sí amach ón bhaile.[7] D'fhreastail sí ar Choláiste Teicneolaíochta Lamar (i mBeaumont, Texas, athainmnithe anois in Ollscoil Lamar), áit inar chónaigh sí i suanlios na gcailíní,[7] le linn an tsamhraidh, ach d'éirigh sí as an chúrsa i ndiaidh seimeastair an Fhómhair.[9] Seanchampas tuaithe le meon fíorchoimeádach a bhí i gcampas Lamar, agus is beag siamsaíocht a bhíodh ar fáil do na mic léinn, do mhná ach go háirithe. Éalaíodh Janis Joplin ó shuanlios na gcailíní ar bhonn rialta ar mhaithe le aghaidh a thabhairt ar an Pharagon, bialann charrsheirbhíse inar déantaí beoir a dháil amach do chustaiméirí ina gcuid soithí féin. Tharraing Janis agus a cuid cairde nua drochmheas a gcomhscoláirí ar bhealaí eile freisin, go háirithe tríd an chairdeas a bhí acu le daoine ghorma, agus trína gcuid iarrachtaí imeascadh cine a chur ar bun sa chaifé áitiúil, Walgreens.

1969 nó 1970

Bhain Janis sult as a cuid gníomhaíochtaí seach-churaclaim le linn di bheith ina hiníon léinn ag Lamar, ach má bhain féin, bhí a dóthain faighte aici i ndiaidh seimeastair an Fhómhair agus cheap sí an coláiste a fhágáil. Ó tharla nach raibh aon rogha fágtha aici (as siocair í a bheith díomhaoin gan tacaíocht airgeadais a tuismitheoirí) d'aistrigh sí aniar go Port Arthur, agus isteach léi i dteach a muintire.[7] Rinne tuismitheoirí Janis margadh léi, is é sin ná go mbeadh cead aici bogadh chun na cathrach dá mbainfeadh sí scrúdú rúnaíochta amach. Cé gur chaill sí roinnt mhaith dá cuid ranganna rúnaíochta d'aon turas, d'éirigh léi sa scrúdú i samhradh na bliana 1961, agus bhog sí isteach lena haintín i Los Angeles, California[7], áit ar d'oibrigh sí mar oibritheoir eochairphollaire.[11]

Uathchláirseach

I ndiaidh di titim amach lena col ceathrair, áfach, b'éigean do Janis bogadh amach as árasán a haintíne. Fuair sí árasán ar cíos íseal i mbruachbhaile suarach sa Veinéis, in iarthar Los Angeles. Gidh go raibh sí ag maireachtáil i mbréantas ar fad, agus gur ceantar gránna baolach a bhí ann, do mhná go háirithe, bhí draíocht éigin ann do Janis, a bhí meallta ag iarsmaí chultúr na "Beats" agus ag an chur síos a rinne an t-údar Lawrence Lipton ar chultúr an cheantair, faoi mar a bhí sna 50í, sa leabhar The Holy Barbarians (1959).

Chuaigh Janis ar an ordóg an samhradh sin lena haisling rómánsúil faoi North Beach Chailifoirnia a fhíoradh. D'imigh sí as radharc a muintire ar feadh dhó nó thrí de mhíonna, agus d'fhill ar theach a tuismitheoirí gan fainic gan foláireamh i bhfómhair na bliana 1961. In ainneoin a ríméid ar fheiceáil a n-iníne arís dóibh, ní mó ná sásta a bhí muintir Joplin Janis a bheith ag únfairt timpeall an tí agus d'impigh siad uirthi tús a chur le plean éicint dá saol. Is chuige sin a chláraigh Janis do chúrsa eile i gColásite Lamar, is a bhfuair sí post di féin mar fhreastalaí ag cúirt babhlála.

An bhliain dár gcionn (1962), thosaigh sí ar chúrsa staidéir san ealaín in Ollscoil Thexas, in Austin, Texas. Faraor, níor chríochnaigh sí a cuid staidéir ann ach an oiread.[12] Foilsíodh alt fúithi sa nuachtán ollscoile, The Daily Texan, dar teideal "She Dares to Be Different"[13], inar luadh cé chomh tógtha is a bhí sí le saol sóisialta an choláiste, agus leis an cheol, go háirithe leis an uathchláirseach. Más rud é go raibh na hógánaigh in Ollscoil Thexas ní ba héagsúla ná mic léinn de chuid Lamar, fós féin bhí Janis agus a cuid cairde (ar a tugadh "na Beatniks")[14] ina mionlach an-bheag go deo.

1973-07-07

Ní raibh cead aici bogadh isteach ann, ach is sa Gheiteo, árasán mac léinn a bhí suite ar Shráid Nueces, a chaith Janis an chuid ba mhó dá cuid ama is í in Austin.

Réalta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Dioscliosta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Big Brother and the Holding Company
Teideal Dáta Foilsithe Lipéad Nótaí
Big Brother and the Holding Company 1967 Mainstream Records
Big Brother and the Holding Company 1967 Columbia
Big Brother and the Holding Company 1967, Ar dhlúthdhiosca ón bhliain 1999 Columbia Legacy Recordings CK66425
Cheap Thrills 1968 Columbia 2x Platanam
Cheap Thrills 1968, Ar dhlúthdhiosca ón bhliain 1999 Legacy Recordings
Live at Winterland '68 1998 Legacy Recordings ASIN: B000007TSP
Íomhá:Janis Joplin in 1969.png
1969
Kozmic Blues Band
Teideal Dáta Foilsithe Lipéad Nótaí
I Got Dem Ol' Kozmic Blues Again Mama! 1969 Columbia Records Platanam
I Got Dem Ol' Kozmic Blues Again Mama! 1969, Ar dhlúthdhiosca ón bhliain 1999 Legacy Recordings
1969
Teideal Dáta Foilsithe Lipéad Nótaí
Pearl 1971 Columbia Records Eisíodh an ceirnín seo tar éis bháis Janis Joplin, 4x Platanam
Pearl 1971 Sony Music
Pearl 1971, Ar dhlúthdhiosca ón bhliain 1999 Legacy Recordings
Pearl 1971, Ar dhlúthdhiosca dhúbailte ón bhliain 2005 Legacy Recordings Disoca 1 – 6 amhrán breise
Diosca 2 – Taifid ó Thuras Festival Express
Janis Joplin Big Brother and the Holding Company, c. 1966-1967
Big Brother & the Holding Company / Full Tilt Boogie
Teideal Dáta Foilsithe Lipéad Nóta
In Concert 1972 Columbia Records ASIN: B0000024Y7
1969-05-04
Leabhar Steve Banks, "Janis' Garden Party."

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Los Angeles Herald Examiner 5ú Deireadh Fómhair, 1970, príomhleathanach.
  2. "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2012-01-03. Dáta rochtana: 2011-02-05.
  3. 3.0 3.1 3.2 Jacobson, Laurie (October 1984). Hollywood Heartbreak: The Tragic and Mysterious Deaths of Hollywood's Most Remarkable Legends. Simon & Schuster. ISBN 0-671-49998-X.
  4. "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2010-01-28. Dáta rochtana: 2011-02-05.
  5. Albertson, Bessie, p. 277.
  6. http://www.youtube.com/watch?v=yH5SCpbk-gk Interview with Janis Joplin 1969
  7. 7.0 7.1 7.2 7.3 7.4 7.5 7.6 Echols, Alice (2000-02-15). Scars of Sweet Paradise: The Life and Times of Janis Joplin. Henry Holt and Company. ISBN 0-8050-5394-8.
  8. 8.0 8.1 Agallamh ar an Dick Cavett Show, 25ú Meitheamh 1970
  9. 9.0 9.1 Caserta, Peggy (October 1980). Going Down With Janis. Dell Publishing. ISBN 0-440-13194-4.
  10. Friedman, Myra (1992-09-15). Buried Alive: The Biography of Janis Joplin. Crown Publishing Group. ISBN 0-517-58650-9.
  11. “keypunch” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-06-12.
  12. Hendrickson, Paul (1998-05-05). "Janis Joplin: A Cry Cutting Through Time". Washington Post. http://www.washingtonpost.com/wp-srv/style/features/joplin.htm. Retrieved 2008-05-12.
  13. "She Dares to Be Different" le Pat Sharpe, eagarthóir cúnta an Daily Texan, Dé hAoine, 27 Iúil 1962
  14. "She Dares to Be Different" le Pat Sharpe, eagarthóir cúnta an Daily Texan, Dé hAoine, 27 Iúil 1962