Ron Asheton
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Ba ghiotáraí, dordghiotáraí agus cumadóir rac-cheoil é Ron Asheton (17 Iúil, 1948 - 6 Eanáir, 2009). Meiriceánach as Ann Arbor, Michigan a bhí ann, agus bhí ar dhuine de bhunaitheoirí an bhanna The Stooges, in éineacht le Iggy Pop, sa bhliain 1967. Sheinn sé an giotár ar na chéad dhá albam a sheol an grúpa, ach don tríú albam Raw Power ghlac James Williamson a áit mar ghiotáraí agus d'athraigh Asheton go dtí an dordghiotár. Nuair a tháinig The Stooges ar ais le chéile sa bhliain 2003, d'fhill Asheton ar a shean-uirlis.
Tá deartháir Asheton ina bhall den bhanna céanna mar dhrumadóir (Scott Asheton).
Fuair Asheton bás sa bhaile in Ann Arbor. Taom croí a bhí i gceist.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.