Seán Sabhat

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Oifigeach de chuid an IRA ab ea Seán Sabhat (rugadh i Luimneach é sa bhliain 1929 agus fuair sé bás an 1 Eanáir 1957 in Achadh Lon). Básaíodh i bpáirc an áir é, nuair a bhí sé i gceannas ar bhuíon mhíleata a d'ionsaigh bearaic de chuid Chonstáblacht Ríoga Uladh in Achadh Lon i gContae Fhear Manach Lá Caille sa bhliain 1957. Ní raibh sé ach seacht mbliana fichead lá a bháis.

B'as Garraí Eoin i Luimneach do Sheán Sabhat. Bhí sé ina bhall den Réalt, roinn Ghaelach Chathlán Mhuire, agus é óg. Ina fhear fásta dó, bhí sé ag obair ina chléireach do chomhlacht James McMahon, comhlacht mór áitiúil a bhí ag plé le trádáil an adhmaid.

Bhí sé ina bhall de Chonradh na Gaeilge, agus smaointe úra aige: mhol sé, mar shampla, go gcuirfí tús le hiris mhagaidh do na páistí as Gaeilge. Thairis sin, ba shuim leis cúrsaí míleata, agus bhí sé ina bhall den Fhórsa Cosanta Áitiúil. Bhí dearcadh coimeádach aige ar a lán rudaí, fiú de réir thuiscint a linne féin. D'áitigh Mainchín Seoighe, a scríobh a bheathaisnéis Gaeilge faoin teideal Maraíodh Seán Sabhat aréir, go raibh Sabhat ina bhall d'Ailtirí na hAiséirí fosta, ach tá an dá bh'fhéidir ann.

Imeachtaí Achadh Lon[athraigh | edit source]

An oibríocht chogaidh ba trúig bháis do Shabhat, ba chuid é d'Fheachtas na Teorainne a bhí ar siúl ag an IRA i ndeireadh na gcaogaidí agus i dtús na seascaidí. Áit bheag is ea Achadh Lon, agus ba dheacair do na hÓglaigh an bhearaic a aithint, ó bhí sí ar aon chuma leis na tithe eile. Mar sin, ba dhóbair dóibh gan sonrú a chur inti nuair a tháinig siad a fhad léi ar an trucail. Ní raibh a ndóthain lón cogaidh acu le haghaidh an mheaisínghunna a bhí in úsáid acu le haird na bpéas a tharraingt, chun go bhféadfadh an chuid eile den bhuíon a bpléascán a chur. Nuair a rith an lón lámhaigh orthu, thosaigh na péas ag freagairt na tine.

Ba é Seán Sabhat ba túisce a buaileadh, ó bhí sé ina sheasamh thuas ar an trucail, agus radharc maith ag na péas air. Chaith duine de na hÓglaigh pléascáinín láimhe i dtreo na bearaice, ach nuair a bhuail sé fuinneog, léim sé ar ais i dtreo na trucaile, áit ar phléasc sé. Fágadh seisear fear de na hÓglaigh gonta, ina measc Seán Sabhat agus Feargal Ó hAnluain, a raibh néal an bháis orthu cheana féin. D'éirigh leis na hÓglaigh éalú go teach sábháilte faoin tuath cupla ciliméadar taobh amuigh d'Achadh Lon, áit ar cuireadh Sabhat agus Mac Uí Anluain ina luí i mbóitheach ar feadh tamaill, go dtí go bhfaighfí cabhair dóibh. Lean na péas na hÓglaigh go dtí an fheirm seo, áfach, agus loisc siad a gcuid arm i dtreo na trucaile agus an bhóithigh. Tá dhá insint ar an dóigh ar bhásaigh an bheirt fhear. De réir leagain amháin, bhí siad gonta go héag cheana féin, ionas gur shíothlaigh siad le linn an fhrithionsaí a rinne na péas. De réir an leagain eile, bhuail piléir na bpéas iad áit a raibh siad ina luí sa bhóitheach, ionas gur maraíodh iad.

A Oidhreacht[athraigh | edit source]

Adhlacadh Seán Sabhat i Reilig Chnoc Lorcáin i Luimneach i ndiaidh do na sluaite móra é a chomóradh tríd an gcathair. An dóigh a ndeachaigh bás Shabhat agus Uí Anluain i bhfeidhm ar na daoine chabhraigh sé le ceathrar iarrthóirí de chuid Shinn Féin olltoghchán na bliana 1957 a bhuachan agus suíocháin a bhaint amach mar Theachtaí Dála.

Chum an Luimníoch Seán Ó Coisealbha an t-amhrán Seán South of Garryowen ("Seán Sabhat as Garraí Eoin") i ndilchuimhne ar Sheán Sabhat, agus áirítear ar ceann de na hamhráin chatha is mó le rá i gcónaí é. Scríobh Doiminic Ó Beacháin amhrán cáiliúil eile faoi bhás Fheargail Uí Anluain, The Patriot Game.

Ceiliúrann Sinn Féin cuimhne na beirte seo Lá Coille gach bliain le searmanas cuimhneacháin i Reilig Chnoc Lorcáin.