Thomas Merton
| Thomas Merton | |
| Dáta breithe | 31 Eanáir, 1915 |
| Prades, an Fhrainc | |
| Dáta báis | 10 Nollaig, 1968 |
| Bancác, An Téalainn | |
| Gairm | Manach Trapach agus scríbhneoir |
Bunainm an tAthair M. Louis ab ea Thomas Merton, manach Caitliceach, file agus scríbhneoir bisiúil a thrácht ar chúrsaí spioradálta agus sóisialta; duine de mhórscríbhneoirí Caitliceacha Mheiriceá Thuaidh san 20ú aois. An 31 Eanáir 1915 in Prades na Fraince a rugadh, an 10 Nollaig 1968 i mBancác na Téalainne a fuair bás.
Clár ábhair |
Saol[athraigh]
Péintéir as an Nua-Shéalainn a bhí ina athair, Owen Merton, agus ball de Chumann na gCairde as Meirceá a bhí ina mháthair, Ruth Jenkins. Baisteadh Thomas Merton ina bhall d'Eaglais Shasana. Bhásaigh a mháthair nauir a bhí sé 6 bliana d'aois. San Fhrainc agus i Sasana a cuireadh bunoideachas air. Tar éis dó bliain a chaitheamh in Ollscoil Cambridge, d’fhreastail sé ar Ollscoil Columbia i gCathair Nua Eabhrac, áit ar ghnóthaigh sé céim B.A. (1938) agus céim M.A. (1939). D'iompaigh sé ina Chaitliceach sa bhliain 1938. Tar éis dó bliain a chaitheamh ag múineadh Béarla in Ollscoil Columbia (1938-39) agus in ollscoil Bonaventure (1939-41) gar do Olean, Nua Eabhrac, chuaigh sé isteach i Mainistir Thrapach Ghéatséamini láimh le Louisville, Kentucky. Rinneadh sagart de sa bhliain 1949. Cailleadh é agus é in aois a 53 bliain le linn comhdhála ar an manachas sa Téalainn nuair a leictreamharaíodh de thaisme é agus é ag teacht amach as an bhfolcadán.
Saothar[athraigh]
Scríobh Merton os cionn 60 leabhar agus na scórtha aistí. Cnuasaigh filíochta a bhí ar an gcéad saothar dá chuid a foilsíodh, mar atá Thirty Poems (1944), A Man in the Divided Sea (1946), agus Figures for an Apocalypse (1948). I ndiaidh fhoilsiú The Seven Storey Mountain (1948) thuill sé clú idirnáisiúnta dó féin. Ábhar spioradálta amháin atá sa chéad saothair óna pheann, ach ó thús na 1960í i leith bhí téamaí sóisialta le sonrú ina chuid scríbhneoireachta agus ina shaothair dheireanacha is léir go raibh léargas ar fhealsúnacht na hÁise agus ar an misteachas aige, tréith neamhchoitianta ag an uair sin i scríbhneoir ón Iarthar.
I 1969, an bhliain tar éis a bháis, foilsíodh My Argument with the Gestapo, saothar a scríobh sé i 1949 agus arb é an t-aon úrscéal leis. Saothair eile leis is ea The Waters of Siloe (1949), stair na dTrapach; Seeds of Contemplation (1949); The Living Bread, tráchtas ar an Eocairist; agus roinnt foilseachán eile a foilsíodh i ndiaidh a bháis, mar atá cnuasach aistí dar teideal Contemplation in a World of Action (1971), agus The Asian Journal of Thomas Merton (1973). Foilsíodh seacht imleabhar dá dhialanna príobháideacha agus roinnt imleabhar dá litreacha chomh maith.
Tagairtí[athraigh]
- Arna bhunú ar "Merton, Thomas", Encyclopaedia Britannica, arna aisghabháil an 8 Lúnasa 2008 ó Encylcopaedia Britannica Online.
Naisc sheachracha[athraigh]
- Thomas Merton Monk and Poet website of Dan Phillips, founded 1995.
- Thomas Merton Center and International Thomas Merton Society.
- Thomas Merton Society of Great Britain and Ireland.
- Thomas Merton Series - Books and Resources.
- The Abbey of Gethsemani Home Page.
- A look at the Vancouver School of Theology and its Thomas Merton reading room.
- Knight, Jim, 1998, "The Thomas Merton we knew."