Audrey Hepburn
| Audrey Hepburn | |
|---|---|
| Ainm breithe | Audrey Kathleen Ruston |
| Breith | 4 Bealtaine, 1929 |
| Ixelles, an Bheilg | |
| Bás | 20 Eanáir, 1993 |
| Tolochenaz, an Eilvéis | |
| Gairm | Aisteoir |
| Gníomhach | 1948–1992 |
| Gradaim | 2 Oscar, 4 BAFTA, srl.. |
| Céile | Mel Ferrer (1954-'68) Andrea Dotti (1969-'82) {Robert Wolders ('80-'93)} |
Ba aisteoir Briotanach í Audrey Hepburn (4 Bealtaine 1929 - 20 Eanáir 1993). Rugadh in Ixelles na Beilge í, agus chaith sí a hóige sa tír úd, san Ísiltír, agus i Londain Shasana sular thug sí aghaidh ar na Stáit Aontaithe. D'fhreastail sí ar scoil chónaithe i Sasana agus saoránach Briotanach a bhí inti. Ba mhinic í gléasta in éadaigh deartha ag Hubert de Givenchy ina cuid scannán. Fuair sí bás de bharr ailse ina teach féin san Eilvéis.
Mar gheall ar phost a hathair le comhlacht árachais Sasanach, thaistil an teaghlach sách minic idir an Bheilg, an Ísiltír, agus Sasana. Ó 1935 go 1939, d’fhreastail Hepburn ar Miss Rigden's School, scoil neamhspleách do chailíní in Elham, Kent, in oirdheisceart Shasana. Chaith sí tréimhse an Dara Cogadh Domhanda san Ísiltír, mar a bhfaca sí carráistí traenach lán de Ghiúdaigh ar a mbealach go dtí na campaí géibhinn.
[athraigh] Saothair aisteoireachta
- 1961: Breakfast at Tiffany's
- 1957: Love in the Afternoon
- 1953: Roman Holiday
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.