Muhammad Ali
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Iar-dhornálaí Meiriceánach is ea é Muhammad Ali (a rugadh leis an ainm Cassius Marcellus Clay, Jr ar an 17 Eanáir, 1942 i Louisville, Kentucky). Dornálaí an-rathúil a bhí ann, agus tugadh an leasainm The Greatest air. Bhronn an iris Sports Illustrated an teideal "Fear Spóirt an Chéid" air sa bhliain 1999. Taobh amuigh den chró dornálaíochta, gníomhaí polaitiúil ab ea é freisin, agus ghlac sé páirt sa ghluaiseacht chearta sibhialta i S.A.M. sna 1960idí.
D'éirigh Ali as an dornálaíocht sa bhliain 1981, nuair a chlis a shláinte. Fuair sé amach go raibh Galar Parkinson air sna 1980idí.
|
|
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |