Muhammad Ali vs. Sonny Liston

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtMuhammad Ali vs. Sonny Liston
Cineálboxing match (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na blianaBealtaine 1965
Feabhra 1964 Cuir in eagar ar Wikidata
Rannpháirtí
Spórtdornálaíocht Cuir in eagar ar Wikidata
25 Feabhra 1964, i Miami Beach

Troideadh babhtaí dornálaíochta idir Sonny Liston agus Cassius Clay (nó Muhammad Ali mar a bhaist sé air féin níos deireanaí) i 1964 agus arís an bhliain dár gcionn. Tharraing na troideanna – dá dtabharfá troideanna orthu – conspóid ollmhór.[1]

25 Bealtaine 1965 in Lewiston, Maine

Ar 25 Feabhra 1964, bhuaigh Ali an chraobh nuair a chuir sé Sonny Liston, ag cosaint an Choróin Trom-mheáchain an Domhain, de dhroim seoil i Miami Beach.[2][3] Níor tugadh seans na ngrást do Clay roimh ré. Ach níor mhair Liston ach leathuair san fháinne nuair a d'éirigh sé as an troid.[4]

An bhliain dár gcionn, ar 25 Bealtaine 1965 in Lewiston, Maine, troideadh babhta eile. Níor mhair an troid ach cúpla 2n30s.[5][6] Dúradh gur chaith Liston ar an urlár é féin agus nach ndearna sé iarracht cheart ar bith. Chuaigh Muhammad Ali[7][8] ar aghaidh sa bhfáinne nó gur glacadh leis go raibh sé ar dhuine de na seaimpíní trom-mheáchain ab fhearr ariamh.[1] An raibh toradh an chluiche socraithe roimh ré ? Dúradh ag an am go raibh an cluiche ceannaithe, nó sin a chreid go leor. Ach persona non grata a bhí i Muhammad Ali in áiteacha go leor ina thír dhúchais ag an am agus dhealraigh sé go raibh lucht tacaíochta Liston thar a bheith míshásta faoin troid ag an am.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 Máirtín Ó Catháin (30 Deireadh Fómhair 2023). "‘Déanann na gunnaí cumhachtacha seo damáiste uafásach’" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-10-31.
  2. History com Editors. "Young Muhammad Ali knocks out Sonny Liston for first world title" (en). HISTORY. Dáta rochtana: 2023-01-17.
  3. "Ali vs Liston 1 | How Ali SHOOK UP the World - Breakdown" (as en) . 
  4. "Cassius Clay (Muhammad Ali) vs. Sonny Liston 1 - 1964 Full Fight in Color HD" (as en) . 
  5. "Muhammad Ali vs Sonny Liston II - 25th May 1965 - Color" (as en) . 
  6. "Gmail". accounts.google.com. Dáta rochtana: 2023-10-31.
  7. Ar an 6 Márta 1964, d'athraigh sé a ainm Cassius Clay go Muhammad Ali.
  8. Slate