Jörg Haider
| Jörg Haider | |
|
Gobharnóir Kärnten
|
|
| In oifig 1989 – 2008 |
|
|
|
|
| Dáta breithe | 26 Eanáir 1950 |
| Bad Goisern, An Ostair | |
| Dáta báis | 11 Deireadh Fómhair 2008 |
| Köttmannsdorf, An Ostair | |
| Páirtí | FPÖ, BZÖ |
| Gairm | Dlíodóir |
| Suíomh gréasáin | www.bzoe.at |
Polaiteoir Ostarach ab ea Jörg Haider (26 Eanáir 1950 - 11 Deireadh Fómhair 2008). Ba ghobharnóir chúige Kärnten agus ceannaire Comhghuaillíochta ar son Todhchaí na hOstaire (BZÖ - Bündnis Zukunft Österreich) é nuair a fuair sé bás i dtimpiste bóthair (agus é ag tiomáint faoi thionchar alcóil).[1]
Ba cheannaire é ar Pháirtí Saoirse na hOstaire (FPÖ - Freiheitliche Partei Österreichs), páirtí eile ar an eite dheis, ar feadh i bhfad. D'éirigh sé as mar chathaoirleach an FPÖ sa bhliain 2000 ach ba eisean an duine is mó le rá sa pháirtí i gcónaí. Cuireadh amach ón FPÖ é sa bhliain 2005, tar éis dó an BZÖ a bhunú. Fuair an BZÖ 10.7% de na vótaí in olltoghcháin na Ostaire, 2008, agus fuair an FPÖ 17.54%.
Ba dhuine conspóideach é i gcónaí, go háirithe mar mhol sé cuid de pholasaithe na Naitsithe.