Bobby Fischer

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bobby Fischer i Leipzig, 1960.

Ba sármháistir fichill é Robert James "Bobby" Fischer (9 Márta, 1943 i Chicago, SAM - 17 Eanáir, 2008 i Réicivíc, an Íoslainn) agus iar-churadh an domhain.

Bhuaigh sé Comórtas Fichill an Domhain ar 1 Meán Fómhair, 1972, ceann de bhuaicphointe an Cogadh Fuar. Ba é an dara Meiriceánach agus an chéad Meiriceánach a rugadh i SAM chun Comórtas Fichill an Domhain a bhuachaint.

Shíothlaigh sé i Réicivíc, san Íoslainn sa bhliain 2008 tar éis dó saorántacht na hÍoslainne a bhaint amach sa bhliain 2005.