Cliseadh duán

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Meathlú i gcumas na nduán toilleadh uisce is leictrilítí na colainne a rialú agus torthaí iomarcacha meitibileacht próitéiní (úiré is créitínín) a eisfhearadh. Laghdaítear táirgeadh an fhuail, agus tarlaíonn éidéime is méadú i dtiúchan leictrilítí, cosúil le potaisiam, sa bhfuil, rud a fhéadfaidh a bheith marfach. Tarlaíonn cliseadh na nduán faoi chúinsí éagsúla: indoirteadh lag fola do na duáin (mar a tharlódh i dturraing), ionfhabhtuithe is drugaí áirithe (mar shampla, iad sin a chuirfeadh tús le glomarúlaineafraíteas), diaibéiteas, agus hipirteannas. Is féidir go n-éireoidh cliseadh duán géar, ach mar sin féin, go mbeidh sé iomlán inchasta. Nó is féidir go mbeidh sé ainsealach leanúnach, agus gá le haemascagdhealú ar bhonn rialta chun cothromaíochtaí an uisce is na leictrilítí sa cholainn a chaomhnú.