Dave Grohl

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaDave Grohl

(2019) Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(en) David Eric Grohl
14 Eanáir 1969
55 bliana d'aois
Warren, Ohio Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Ainm cleiteLate! Cuir in eagar ar Wikidata
Scoil a d'fhreastail sé/síBishop Ireton High School (en) Aistrigh
Thomas Jefferson High School (en) Aistrigh
Ardscoil Annandale Cuir in eagar ar Wikidata
Áit chónaitheEncino
Teanga dhúchaisBéarla
Gníomhaíocht
Gairmgiotáraí, drumadóir, amhránaí is scríbhneoir, stiúrthóir scannán, amhránaí Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1981 –
Ball de pháirtí polaitíochtaPáirtí Daonlathach Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
Them Crooked Vultures (2009–)
Foo Fighters (1994–)
Nirvana (1990–1994)
Scream (1986–1990)
The Backbeat Band Cuir in eagar ar Wikidata
SeánraRac-cheol, rac malartach, ceol trom-mhiotalach agus sludge metal (en) Aistrigh
TeangachaBéarla
Cineál guthaTeanóir

UirlisGiotár, ceol gutha agus foireann drumaí
Lipéad ceoilGeffen Records Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas

IMDB: nm0342970 Allocine: 81442 Allmovie: p221883 TV.com: people/dave-grohl
Twitter: foofightersdave Youtube: UCi2KNss4Yx73NG0JARSFe0A Spotify: 7mRVAzlt1fAAR9Cut6Rq8c Last fm: Dave+Grohl Musicbrainz: 4d5f891d-9bce-45ae-ad86-912dd27252fa Songkick: 318156 Discogs: 203017 Allmusic: mn0000180516 Cuir in eagar ar Wikidata

Is ceoltóir rac-cheoil é Dave Grohl (rugadh é mar David Eric Grohl ar an 14 Eanáir 1969, i Warren, Ohio, Stáit Aontaithe Mheiriceá). Is giotáraí agus amhránaí é Grohl sa bhanna cáiliúil Foo Fighters, agus roimhe sin ba dhrumadóir é sa bhanna Nirvana. Is ceoltóir gnóthach é Grohl, agus tá ábhar taifeadta aige leis a lán grúpaí eile, mar shampla Queens of the Stone Age, Killing Joke, Nine Inch Nails, Garbage, Cat Power agus a thionscadal miotail troim féin Probot. Tugtar an leasainm "an fear is deise i rac-cheol" ar Grohl.

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Dave Grohl sa bhaile beag Warren sa bhliain 1969. B'iriseoir é a athair James, agus múinteoir Béarla í a mháthair Virginia. Tá deirfiúr amháin aige, Lisa, atá níos óige. Sa bhliain 1972, chuir an teaghlach faoi i Springfield sa stát Virginia, in aice le Washington, D.C.. Fuair a thuismitheoirí colscaradh sa bhliain 1975, agus d'fhan Grohl ina chónaí leis a mháthair. Buachaill ó bhaile briste a bhí ann, rud a bheadh i gcoiteanna aige le Kurt Cobain agus Krist Novoselic ní ba dhéanaí. Chuir Grohl óg suim mhór sa cheol ó nuair a bhí sé óg. B'amhránaí amaitéarach í a mháthair, agus sheinn a athair an fheadóg mhór. D'éist siad le go leor saghsanna ceoil éagsúla sa bhaile. Bhí giotár acu sa teach, ach ní raibh suim ar bith ag Grohl san uirlis ar dtús. Ach nuair a bhí sé deich mbliana d'aois, thosaigh sé ag baint triail as. D'fhoghlaim sé an t-amhrán Smoke on the Water, ón bhanna úd Deep Purple, agus sheinn Grohl óg an t-amhrán sin arís is arís. D'aontaigh sé dul chun ceachtanna a dhéanamh nuair a bhí gach guine tuirseach leis. Lean sé ar aghaidh leis na gceachtanna ar feadh bliain amháin. Bhí Grohl ábalta amhráin a fhoghlaim ina aonair freisin, agus d'fhoghlaim sé amhráin ó The Beatles agus na bannaí móra eile. Ag an am seo, thosaigh Grohl ag cur a amhráin féin ar chaiséad leis a chara.

Fuair Grohl a chéad ghiotár leictreach sa bhliain 1981, mar bhronntanas Nollag. Silvertone ,le haimplitheoir ionsuite ab ea é, ach i gcúpla mhí bhí sé briste. Cheannaigh sé ceann nua, cóip Les Paul saor. Ag an am sin, bhí Grohl ag éirí compordach mar ghiotáraí agus thosaigh sé ag seinm i bhanna beag le buachaillí eile as a chomharsanacht. Sheinn siad amhráin ó The Rolling Stones, The Who agus bannaí mar seo. Sheinn siad taispeántas amháin.

Sa tsamhradh 1982, thug Grohl agus a theaghlach cuairt ar a chol cheathrair in Evanston, Illinois. Bhí iontas air nuair a bhuail sé leis a chol ceathrair Tracey, agus í gléasta mar phunc. B'é sin an chéad uair a bhuail Grohl le punc-rac. Bhí a lán ceirníní agus irisí ag Tracey, agus ba duine difriúil é Grohl nuair a d'fhill sé abhaile. Thosaigh sé ag dul chun bannaí punc a fheiceáil, mar shampla Naked Raygun, agus thosaigh sé ag seinm le banna punc áitiúil Freak Baby i 1984. Rinne siad ceirnín beag le léiritheoir agus cara Grohl Barrett Jones, agus sheinn siad sa scoil cúpla uair. Ní raibh drumadóir an bhanna rómhaith, agus mar thoradh bhain Grohl triail as. Drumadóir nádúrtha ab ea é. Thaitin an banna Led Zeppelin go mór leis, agus i gceann tamaill bhí laoch nua aige, an drumadóir John Bonham. Mar thoradh, fuair Grohl tatú in onóir Bonham. Chuaigh Grohl isteach i bhanna nua, Mission Impossible, mar dhrumadóir. Sheinn siad rac-cheol trom agus gasta, agus bhí rath beag áitiúil acu. Dúirt Ian MacKaye gur thaitin an banna leis, agus sheinn siad le bannaí a bheadh cáiliúil níos déanaí, mar shampla Girls Against Boys. Tar éis Mission Impossible, thosaigh Grohl banna nua Dain Bramage leis an dordghiotáraí as Mission Impossible. Scríobh siad a lán amhráin le chéile, agus d´fhoghlaim Grohl a lán rudaí faoi chumadóireacht. Rinne siad ceirnín amháin, I Scream Not Coming Down.

Scream[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ag an am seo, bhí Grohl ina leantóir an bhanna punc Scream. Bhí a lán bannaí ag teacht amach as Washington, D.C., agus b'é Scream ceann de na bannaí ab fhearr. Bhí Scream le chéile ó 1979, agus bhí cúpla cheirnín seolta acu. Cheannaigh Grohl na ceirníní, agus chuaigh sé chun iad a fheiceáil cúpla uair. Ba laochra iad don leaid óg. Fuair Grohl amach go raibh Scream ag lorg drumadóir nua. Chuir sé glaoch ar Franz Stahl, giotáraí an bhanna. Cheap Grohl go mbeadh onóir dó seinm leis an mbanna seo, fiú amháin cúpla nóiméad. Bhí fhios aige nach raibh sé ceart don bhanna, mar ní raibh sé ach sé bliana déag d'aois. Dúirt Grohl go raibh sé fiche, agus chuaigh sé chun cleachtadh leo. Bhí aithne ag Grohl ar amhráin Scream go leor, agus cheap an banna go raibh sé go hiontach. Go tobann, d'iarr Stahl air teacht isteach sa bhanna. Bhí áthas an domhain ar Ghrohl, ach ní raibh sé éasca a sheanbhanna a fhágáil. Ag an nóiméad deireanach, dúirt Grohl nach raibh sé ábalta a chairde i nDain Bramage a fhágáil. An tseachtain ina dhiaidh, chuaigh Grohl chun Scream a fheiceáil ag ceolchoirm. Cheap sé go raibh siad go h-iontach, agus ní raibh sé ábalta an seans a dhiúltú. Mar sin, d'fhág sé Dain Bramage agus ghlac sé áit mar dhrumadóir nua Scream.

San Earrach 1987, chuaigh Grohl isteach sa stiúideo le Scream chun an No More Censorship LP a dhéanamh. Bhí conradh acu le Ras Records, comhlacht a rinne ceol reggae. Bhuail siad an bóthar san fhómhar ar a gcéad turas Meiriceánach. Ní raibh a lán airgead acu, ach b'eachtra maith í dó. Chuaigh Grohl go háiteanna nua agus fuair sé a lán cairde nua. Bhí a fhios aige anois go ndearna sé an rogha ceart nuair a fhág sé Dain Bramage. I mí Feabhra 1988, chuaigh Scream go dtí an Eoraip freisin, agus sheinn siad san Ísiltír, An Fhrainc, An Ghearmáin, An Iodáil, An Spáinn, Sasana agus sa Chríoch Lochlann. Fuair siad a lán tacaíocht agus rinne siad cúpla albam nua, Live at Van Hall in Amsterdam agus Live in Germany. Nuair a bhí am saor aige, chuaigh Grohl abhaile go dtí Virginia agus rinne sé ceirnín beaga leis a chara Barrett Jones. D'úsáid Scream cúpla de na hamhráin seo, agus d'úsáid Grohl cúpla eile níos déanaí. Chuaigh an banna ar ais go hEoraip san Earrach 1990, agus sheinn siad gach lá ar feadh cúpla seachtain. D'fhill siad ar ais abhaile, tuirseach agus gan airgead. D´fhág an dhordghiotáraí Skeeter Thompson an banna, agus bhí fhios ar Grohl gur mhaith leis rud nua a fháil.

Nirvana[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí Grohl i Los Angeles, gan banna agus gan airgead. Chuir sé glaoch ar a chara Buzz Osbourne, as an banna The Melvins. Dúirt Osbourne go raibh aithne aige ar an mbanna Nirvana, agus go raibh siad ag lorg drumadóir nua. Chonaic Cobain agus Novoselic Grohl ag seinm am éigin le Scream, agus cheap siad go raibh sé go h-iontach. Ní raibh a lán eolas ag Grohl faoin bhanna seo, ach bhí sé sásta dul go dtí Seattle agus triail a bhaint as. Bhuail sé le Cobain agus Novoselic ag an aerfort i Seattle. Bhí iontas ar Ghrohl ar dtús, ag caint leis an dordghiotáraí ollmhór callánach Novoselic, agus an giotáraí bídeach ciúin Cobain. Cúpla corr ab ea iad. Chuaigh Grohl chun an banna a fheiceáil sa Motor Sports Garage, le Danny Peters ón bhanna Mudhoney ar na drumaí. An lá ina dhiaidh sin, sheinn Grohl cúpla amhrán as an albam Bleach le Cobain agus Novoselic, agus fuair sé an post.

Ag an am seo, bhí Nirvana ar bhruach clú móir. Le Grohl ar na drumaí, bhí siad ábalta rudaí nua a dhéanamh. Drumadóir gasta agus láidir ab ea e, agus chuir sé fuinneamh nua sna hamhráin agus sa bhanna. Bhí roinnt amhráin nua scríofa ag Cobain, agus bhí siad i bhfad níos láidre le Grohl ar na drumaí. Thosaigh siad ag ullmhú a n-albam nua, leis an léiritheoir Butch Vig i Wisconsin. Fuair siad conradh mór nua le DGC Records, agus san Earrach 1991 chuaigh siad isteach sa stiúideo chun an t-albam nua a dhéanamh. Rinne siad an t-albam i Los Angeles, le Butch Vig. Ar an albam seo, is féidir an éifeacht a bhí ag Grohl ar an mbanna a chloisteáil. Rath mór ab ea é an t-albam Nevermind, agus go tobann bhí Nirvana ar cheann de na bannaí ba mhó ar domhan. Thosaigh siad ag seinm in áiteanna i bhfad níos mó, bhí siad ar an raidió agus an teilifís agus bhí siad ag fáil duaiseanna ó MTV agus daoine mar seo. Tréimhse spraíúil ab ea é dóibh, ach crua agus tuirsiúil chomh maith.

Lean Grohl ar aghaidh ag teacht ar ais go dtí Virginia nuair a bhí aon am saor aige. Ní raibh Nirvana ar an mbóthair i gcónaí, agus bhí tréimhsí ina raibh Cobain tinn. Bhí Grohl ag scríobh amhráin an t-am ar fad, agus rinne sé albam beag le Barrett Jones. Níor mhaith le Grohl na hamhráin a úsáid le Nirvana, agus mar thoradh thug sé an t-ainm Pocketwatch air, agus d'úsáid sé an t-ainm bréige Late!. Ar Phocketwatch, bhí na hamhráin Winnebago a d'úsáid Grohl níos déanaí le Foo Fighters, agus an t-amhrán Marigold a bheadh ar an taobh eile den shingil Nirvana Heart-Shaped Box.

Chuaigh Nirvana ar fud an domhain tar éis an albam Nevermind, ach bhí giotár ag Grohl i gcónaí. Nuair a d'fhill siad abhaile, chuaigh Grohl ar ais sa stiúideo, le Jones arís. D'úsáid Grohl na hamhráin níos déanaí. Rinne Nirvana a gceirnín nua In Utero, agus scríobh Grohl cúpla rud air. Scríobh sé píosa giotáir san amhrán Scentless Apprentice, agus sheol siad amach an t-amhrán Marigold.

Bhí roinnt rath ag an albam In Utero. Chuaigh Nirvana amach arís ar chamchuairt, agus rinne siad an t-albam MTV Unplugged in New York. Ach bhí stát an bhanna ag éirí go dona. Bhí argóint acu faoi airgead, agus bhí fearg agus imní ar Grohl le mí-úsáideach drugaí Cobain. Bhain Grohl triail as druganna éagsúla ag amanna éigin, ach níor thuig agus níor aontaigh sé le cad a bhí á déanamh ag Cobain. I mí Aibreán 1994, tháinig deireadh an bhanna le féinmharú Chobain.

Foo Fighters[cuir in eagar | athraigh foinse]

Grohl ag seinm leis na Foo Fighters i Londain sa bhliain 2006.

Tar éis bás Chobain, chaill Grohl a shuim i gceol ar feadh tamaill. Phós sé a chailín Jennifer Youngblood. Fuair sé cárta poist ó bhanna eile as Seattle, Seven Year Bitch, banna a chaill ball trí drugaí freisin. Thug siad misneach do Grohl leanúint ar aghaidh. Sheinn sé le Tom Petty and the Heartbreakers, ach ní raibh sé sásta le seo. Roghnaigh sé na hamhráin is fearr a bhí aige, agus chuaigh sé ar ais sa stiúideo le Barret Jones. An toradh a bhí ann ná albam láidir nua. Sheinn Grohl gach uirlis, agus chan sé gach amhrán. Bhí an rud ar fad déanta aige i seachtain. Ar dtús, níor mhaith leis an ainm a chuir ar an albam. Ba mhaith leis teideal a chuir air, Foo Fighters. Cheapfadh daoine gurb banna é, agus bheadh Grohl ábalta a bhfreagairt a fheiceáil gan aon obair a déanamh. Ach bhí a lán suim san albam, agus anois bhí seans nua ag Grohl banna a chur le chéile, agus a bheith ábalta an giotár agus canadh a dhéanamh. Bhuail sé le Nate Mendel agus William Goldsmith, agus tháinig siad isteach sa bhanna nua mar bhí a mbanna Sunny Day Real Estate ag briseadh suas in aon chor. Thaitin an t-albam le Pat Smear freisin, an giotáraí a sheinn le Nirvana sna míonna deireancha. Anois, bhí banna agus albam nua ag Grohl. Sheoladh an t-albam Foo Fighters amach i 1995.

Bhí rath ag an albam nua, agus chuaigh Foo Fighters ar fud an domhain ag seinm. Bhí fhios ag Grohl go mbeadh sé "an drumadóir as Nirvana" i gcónaí, ach lean sé ar aghaidh agus tar éis tamaill ghlacadh é mar cheoltóir ina aonar. Rinne sé amhrán don clár teilifís The X-Files, agus bhí Grohl agus a bhean céile le feiceáil in eipeasóid amháin sa bhliain 1996. Sa bhliain 1997, chruthaigh Grohl ceol nua don scannán Touch. Bhí fadhbanna idir Grohl agus Goldsmith i rith an albam nua, The Colour and the Shape. Cheap Grohl nach raibh obair Goldsmith go maith, agus sheinn sé féin cúpla amhrán arís ar na drumaí. Bhí fearg ar Goldsmith, agus d´fhág sé an bhanna. Sa deireadh, sheinn Grohl ar an chuid is mó den albam. Albam mór ab ea é, agus ráiteas láidir chomh maith. Fuair Grohl colscaradh ag an am céanna. Fuair siad drumadóir nua Taylor Hawkins, a bhí ag seinm ag an am seo le Alanis Morisette. I mí Meán Fómhair, d'fhág Smear an banna agus tháinig Franz Stahl as Scream isteach ina áit. Ní raibh Stahl ábalta a bheith compordach sa bhanna, agus d'fhág sé freisin. Fuair Chris Shifflet an post níos déanaí. D'fhill Grohl abhaile chun an t-albam There is Nothing Left to Lose a dhéanamh sa bhliain 1999. Sheol siad amach an t-albam 1x1 sa bhliain 2002, agus an t-albam dúbailte In Your Honour sa bhliain 2005.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]