André-Marie Ampère
| André-Marie Ampère | |
| Dáta breithe | 20 Eanáir, 1775 |
| Marseille, An Fhrainc | |
| Dáta báis | 10 Bealtaine, 1836 |
| Poleymieux, Lyon, an Fhrainc | |
| Náisiúntacht | Francach |
| Réimsí | Fisic (leictreamaighnéadas) |
| Iomráiteach do | Dlí Ampère |
Ba fisiceoir Francach é André-Marie Ampère (20 Eanáir, 1775 – 10 Bealtaine, 1836), deirtear gur aimsigh sé tréithe na Leaictreamaignéadais. Glaodh an t-aonaid SI do sruth leictreach, an aimpéar ina dhiadh.
A óige [athraigh]
Rugadh é i Lyon, sa Fhrainc, agus bhí cónaí ar sa sráidbhaile , Poleymieux-au-Mont-d'Or, ón mbliain 1775 go 1836. Mar pháiste éachtach, bhí an-suim aige i bhfoghlaim agus eolas a aimsiú ó aois óg, deirtear gur úsáid sé clocha agus brioscaí le suime mór a dhéanamh amach, sular fhoghlaim sé a chuid uimhreacha. Thosaigh a athair ag múineadh Laidin dó, ach stop sé nuair a bhí sé sóiléir go raibh sé níos fearr ag an mata. Chun saothar Euler agus Bernoulli a thuiscint, bhí air an Laidin a fhoghlaim pé scéal é.
Sa bhliain 1796 bhuail sé le Julie Carron, iníon ghabha a bhí ina chónaí in aice le Lyon. Sa bhliain 1799 pósadh iad. Ón mbliain 1796 ar aghaidh, mhúin Ampère an matamaitic, an cheimic agus teangacha. Sa bhliain 1801 chuaigh sé go Bourg, le bheith mar ollamh le fisic agus ceimic. D'fhán a bhean chéile breoite agus a mhac óg (Jean Jacques Ampère) ag Lyon. Fuair sí bás sa bhliain 1804, agus bhí an-tionchar ag a báis air. Sa bhliain chéanna, ceapadh é mar ollaimh mata sa lycée i Lyon.
Ranníocaíocht do fisic agus eile
Tá clú agus cáil ag Ampère i gcúrsaí eolaíochta de bharr an nasc a rinne sé idir leictreachas agus maighnéadas , agus ag chuir tús le staidéar an leictreamaighnéadais. Ar an 11 Meán Fómhair, 1820 chuala sé faoi aimsiú H. C. Ørsted, go ndéanann sruth voltach gníomh ar snáthaid maighnéadach , agus seachtain ina dhiaidh sin, léirigh sé páipéar ag míniú céard a bhí ag tarlú ansin.
Oidhreacht agus laethanta deireanacha [athraigh]
Lean sé ag staidéar ar an leictreamaignéadas, agus d'fhionn sé teoiric matamaiticiúil a mhínigh na heachtraí a bhí feicthe cheana féin agus a réamhaithrigh rudaí nua freisin.
Bhí "Essai sur la philosophie des sciences, ou exposition analytique d'une classification naturelle de toutes les connaissances humaines", mar saothar deireanach Ampère a d'fhoilsíodh i ndiaidh a bháis.
Fuair sé bás i Marseille agus cuireadh é sa Cimetière de Montmartre, i bPáras.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.