Jean Baptiste Biot

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Fisicí Francach ab ea Jean Baptiste Biot (1774-1862). Lena chomhghleacaí Félix Savart, d'fhorbair sé dlí Biot-Savart i 1820 chun an gaol idir sruth leictreach is an réimse iarmharach maighnéadach a rianú. Cuireann sé an réimse mhaighnéadach a chruthaíonn sruth leictreach in iúl. Bíonn an floscdhlús maighnéadach B díreach i gcomhréir leis an sruth I, roinnte ar an bhfad ón sruth. Níl an dlí seo chomh ginearálta le dlí Ampère (agus is féidir é a dhíorthú ón dlí sin), ach is fusa é a úsáid.