Wolfgang Amadeus Mozart
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
| Wolfgang Amadeus Mozart | |
|---|---|
Mozart timpeall an bhliain 1780, portráid le Johann Nepomuk della Croce |
|
| Ainm breithe | {{{ainm_breithe}}} |
| Ainm(neacha) eile | {{{ainm_eile}}} |
| Rugadh | 27 Eanáir, 1756 |
| {{{bunús}}} | |
| Bás | 5 Nollaig, 1791 |
| {{{áit_bháis}}} | |
| Náisiúntacht | Ostarach |
| Gairm | Cumadóir |
| Seánra(í) ceoil | {{{seánra_ceoil}}} |
| Gníomhach | {{{gníomhach}}} |
| Lipéad/lipéid | {{{lipéad}}} |
| Gaolta le | {{{gaoil}}} |
| Síniú | |
| Suíomh Gréasáin | {{{idirlíon}}} |
Wolfgang Amadeus Mozart (Johannes Chrysostomus Wolfgang Theophilus Mozart) (27 Eanáir, 1756 – 5 Nollaig, 1791), duine de na cumadóirí ba thábhachtaí is ab iomráití i gceol clasaiceach na hEorpa. Rugadh é i Salzburg na hOstaire. Ba Wunderkind é i gcúirteanna na hEorpa san 18ú haois. É ina rímháistir ar an veidhlín agus ar an bpianó, má b'fhíor do lucht a linne.
Admhaítear go raibh sé ar mháistrí móra an cheoldráma, agus gur thug sé an coinseartó, an siansa agus an tsonáid chun forfeachta, foirmeacha a tháinig chun tosaigh sa cheol clasaiceach ina dhiaidh sin.
Clár ábhair |
[athraigh] Scéal a bheatha
[athraigh] É ina pháiste (1756-1773)
[athraigh] An Páiste iontach
Rugadh é i Salzburg, príomhchathair phrionsachta de chuid na hImpireachta Naofa Rómhánaí. Rugadh é do chumadóir agus múinteoir mór ceoil (Leopold Mozart (1719 - 1787) agus dá bhean chéile siúd (Anna Maria Pertl (1720 - 1778). Rugadh seachtar duine clainne, ach níor tháinig slán ach Mozart féin agus a dheirfiúr Maria-Anna Mozart (Nannerl).
Bhí féith an cheoil ann ó thús: cluas fhoirfe aige agus sárchuimhne. Thosaigh sé ag foghlaim conas seinm ar an gcruitchorda óna athair in aois a chúig bliana, agus thug faoi sheinm an veidhlín agus faoin gcumadóireacht ina dhiaidh sin. Bhí sé in ann nodaireacht cheoil a thuiscint agus a sheinm sula raibh léamh agus scríobh aige, agus é ag cumadh ceoil in aois a shé bliana. Aithnítear anois gur chuid nár bheag dá sháréirim cheoil an oiliúint iontach a fuair sé agus é an-óg agus an saothrú gan stad a lean í. Níor tháinig ainchleachtadh riamh air.
[athraigh] An Taistealaí
Idir 1762 agus 1766 bhí sé ag taisteal lena athair agus le Maria-Anna (a bhí ina sársheinnteoir í féin), agus b'fhada an turas é: Munich, Augsburg, Mannheim, Francfort, an Bhruiséal, Páras, Londain, La Haye, Amstardam, Dijon, Lyon, An Ghinéiv, Lausanne. Thosaigh sé ag scríobh ceoldrámaí, agus idir 1769 agus 1773 ba mhinic san Iodáil é ag déanamh staidéir ar an gceoldrámaíocht; rinne an Pápa Cléimint XIV Cavaliere dello speron d’oro (Ridire an Spoir Órga) de.
[athraigh] Ar Fostú ag an bPrions-Ardeaspag
Bhí Mozart ar fostú cheana ag an bPrions-Ardeaspag Schrattenbach; cailleadh é siúd sa bhliain 1771, agus ba é an Prions-Ardeaspag Colloredo an máistir nua. Ní rómhaith a réitigh siad le chéile; b'fhearr leis an bPrions-Ardeaspag an cumadóir a choinneáil sa bhaile agus deireadh sé leis conas ba chóir ceol a scríobh do na deasghnátha diaga. D'éirigh Mozart as a phost agus chuaigh chomh fada le Páras ar thóir poist nua; b'éigean dó filleadh abhaile agus a sheanphost a fháil arís, a bhuíochas sin ar a athair, a thug an Prions-Ardeaspag ar a thaobh. Cailleadh a mháthair idir an dá linn.
Scríobh sé ceoldráma, Idomeneo, Rè di Creta, a moladh go haer. Lean sé a fhostaí go dtí Vín, áit ar scar an bheirt go deo, agus chuaigh sé i mbun oibre mar chumadóir neamhspleách. Faoin am seo bhí sé féin agus Joseph Haydn an-mhór le chéile; dúirt Haydn le Leopold go raibh a mhac ar an gcumadóir ba mhó dá raibh ar a aithne.
[athraigh] Vín (1782-1791)
[athraigh] Neamhspleáchas
Sa bhliain 1782 d'iarr an tImpire Joseph II ceoldráma air: Die Entführung aus dem Serail (An Fuadach ón Saraiglí). Phós Mozart Constanze Weber sa bhliain chéanna, agus i gceann tamaill chuir sé eolas ar cheol Bach et Haendel, beirt chumadóirí a bhí ligthe i ndearmad agus a ndeachaigh a saothar i gcion air.
Sa bhliain 1784 chuaigh Mozart isteach sna Máisiúin agus tá a rian sin le haithint ar Die Zauberflöte (An Fhliúit Dhraíochta) (1791). Bhí an-fháilte roimh Le nozze di Figaro i Vín agus i bPrág (1786), agus i bPrág a chéadléiríodh Don Giovanne, le leabhróg ó lámh Lorenzo da Ponte, file drámata. Cailleadh a athair timpeall an ama seo, rud a bhuair go mór é. Níor lig sé faillí sna siansaí agus eile idir an dá linn.
[athraigh] Saol Deacair
Sna blianta deireanacha ba mhinic Mozart tinn, agus d'fhág a nósanna costasacha fiacha móra air, d'ainneoin an ratha a bhí ar a shaothar i gcoitinne. Rinne sé an t-uafás rudaí a chumadh: sonáidí, coinseartónna, siansaí, ceoldrámaí. Cailleadh é ar 5 Nollaig 1791.
D'ainneoin na barúla coitianta, ní in olluaigh a cuireadh é ach in uaigh chomhchoiteann i reilig a bhí suite tamall ó Vín ar chúiseanna sláinte. Uaigh dheichniúir ba ea í ar íocadh aisti roimh ré. Bhí na mílte duine ag seirbhís chuimhneacháin i bPrág ar 14 Nollaig, agus bhí seirbhís eile i Vín.
[athraigh] A Theaghlach
Rug Constanze a lán páistí, ach ní raibh ach beirt acu nár cailleadh ina naíonáin, Karl Thomas agus Franz Xaver Wolfgang. Deirtear gur lagaigh an toircheas go mór í.
Mhair Constanze ar feadh i bhfad i ndiaidh a fir agus í ag taisceadh a chuid lámhscríbhinní go cúramach.
Ábhar díospóireachta is ea cás Maria-Anna, deirfiúr Mhozart: is léir go raibh bua an cheoil thar barr aici, ach dealraíonn sé nár thug Leopold an aire chéanna di is a thug sé do Wolfgang. Ní fios cén toradh a bheadh ar a bua siúd dá saothrófaí é, rud a tharraingíonn anuas ceist na hoiliúna agus na hardéirime.
[athraigh] Catalóg Köchel (KV)
Sa bhliain 1862 chríochnaigh Ludwig von Köchel catalóg 626 saothar de réir dátaí agus í geall le lánchuimsitheach. Í ina gnáthfhoinse thagartha inniu.
[athraigh] Mórshaothair
[athraigh] Saothair Dhiaga
- Veni sancte spiritus, KV 47
- Exsultate, jubilate, KV 165 (1773, Milan)
- Vesperae de dominica, KV 321
- Krönungsmesse i C beag, KV 317 (1779)
- Vesperae solennes de confessore, KV 339
- Messe en ut mineur, KV 427 (1782-83)
- Ave verum corpus, KV 618
- Requiem i D beag, KV 626 (1791, Vín)
[athraigh] Ceoldrámaí
- Bastien und Bastienne, KV 50 (1768, Vín)
- Mitridate, rè di Ponto, KV 87 (1770, Milan)
- Lucio Silla, KV 135 (1772, Milan)
- Il re pastore, KV 208 (1775, Salzburg)
- Idomeneo, Rè di Creta, KV 366 (1781, Munich)
- Die Entführung aus dem Serail, KV 384 (1782, Vín)
- Le nozze di Figaro, KV 492 (1786, Vín)
- Don Giovanni, KV 527 (1787, Vín agus Prág)
- Così fan tutte, KV 588 (1790, Vín)
- La Clemenza di Tito, KV 621 (1791)
- Die Zauberflöte, KV 620 (1791, Vín)
[athraigh] Symphonies
- Siansa uimh. 25 in G beag, KV 183 (1773)
- Siansa uimh. 28 i C mór, KV 200 (1773)
- Siansa uimh. 29 in A mór, KV 201 (1774)
- Siansa uimh. 31 i D mór, KV 297 (1778)
- Siansa uimh. 34 i C mór, KV 338 (1780)
- Siansa uimh. 35 i D mór, KV 385 (1782)
- Siansa uimh. 36 i C mór, KV 425 (1783)
- Siansa uimh. 38 i D mór, KV 504 (1786)
- Siansa uimh. 39 in E maol, KV 543 (1788)
- Siansa uimh. 40 i G beag, KV 550 (1788)
- Siansa uimh. 41 i C mór, KV 551 (1788)
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.