Franz Joseph Haydn

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Joseph Haydn
Joseph Haydn Signature.svg

Cumadóir ceoil a rugadh i Rohrau na hOstaire ab ea Franz Joseph Haydn (31 Márta 173231 Bealtaine 1809). Thug sé isteach an ceathairéad téadach 4 ghluaiseacht, agus an siansa clasaiceach. I measc a shaothar tá 104 siansa, 50 coinséartó, 84 ceathairéad téadach, 24 saothar stáitse, 12 aifreann, agus cuid mhaith sonáidí méarchláir, ceol seomra, uirlise is gutha.