Cluas

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Cluas dhaonna

Orgán a bhaineann leis an éisteacht agus leis an gcothromaíocht is ea an chluas. Trí phríomhchuid a bhíonn sa chluas: an chluas sheachtrach, an chluas láir agus an chluas inmheánach.

An chluas sheachtrach[athraigh | edit source]

Tagann na fuaimthonnta tríd an duillín agus tríd an gcanáil sheachtrach chloisteála. Buaileann siad tiompán na cluaise, agus critheann sé i bpas le brú na fuaime.

An chluas láir[athraigh | edit source]

Tá trí chnámhóg sa chluas láir agus iad ceangailte lena chéile: an casúirín a ghluaiseann i dtiúin le tiompán na cluaise; an inneoin agus an stíoróipín. Tiomáineann sí seo scannán beag sa chochla, an fhuinneog ubhchruthach.

An chluas inmheánach[athraigh | edit source]

Bíonn an chochla sa chluas inmheánach lán le leacht agus brat de ribechealla feadh a fhaid, agus má ghluaiseann an fhuinneog ubhchruthach tarchuirtear tonnta tríd an leacht. Spreagann na tonnta seo néarchinn na néaróige cloisteála.

Íogaireacht na cluaise daonna[athraigh | edit source]

Ní hionann íogaireacht na cluaise daonna chun gach uile mhinicíocht. Úsáidtear an chloismhéadracht chun íogaireacht na cluaise a thomhas. Is ionann tairseach na cloisteála agus an fhuaim is lú déine a chloiseann an chluas. Ní hionann an tairseach seo i gcás gach uile mhinicíocht. Ní féidir fuaim ar bith faoi bhun na tairsí a chloisteáil. Ni chloistear rud ar bith faoi 20 Hz ná os cionn 20 kHz.

Is minic a dhéanann dáileoga iomarcacha d'fhuaimchumhacht damáiste do néarchinn na ribecheall.