Cluas sheachtrach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is ionann an chluas sheachtrach agus an pinna, an concha agus an chanáil sheachtrach chloisteála. Tagann na fuaimthonnta tríd an duillín agus tríd an gcanáil sheachtrach chloisteála. Buaileann siad tiompán na cluaise, agus critheann sé i bpas le brú na fuaime. Cuireann seo tús le hobair na cluaise láir.