Cluas láir

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is ionann an chluas láir agus chuid den chluas idir an tiompán agus an fhuinneog ubhchruthach. Buaileann fuaimthonnta siad tiompán na cluaise, agus critheann sé i bpas le brú na fuaime. Tá trí chnámhóg sa chluas láir agus iad ceangailte lena chéile: an casúirín a ghluaiseann i dtiúin le tiompán na cluaise; an inneoin agus an stíoróipín. Tiomáineann sí seo scannán beag sa chochla, an fhuinneog ubhchruthach. Cuireann seo tús le hobair na cluaise inmheánaí.