Pósadh Figaro

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Libretto 1786

Ceoldráma grinn (Iodáilis:Opera buffa) is ea Le nozze di Figaro, ossia la folle giornata (Pósadh Figaro. nó lá na mire ), K. 492, cumtha ag Wolfgang Amadeus Mozart, agus a leabhróg scríofa ag Lorenzo Da Ponte, bunaithe ar dhráma grinn stáitse le Pierre Beaumarchais, La Folle Journée, ou le Mariage de Figaro, (1784).

Cé gur cuireadh toirmeasc i bhfeidhm ar dtús ar dhráma Bheaumarchais, sa Vín, mar gur cheap na húdaráis gur fhilíochta ar an uasaicme a bhí mar théama aige, gníomh a mheasadh contúirteacha sna deich mbliana roimh Réabhlóid na Fraince, sa deireadh thiar áfach, bhí an ceoldráma ar cheann de na hoibreacha ba rathúla ag Mozart. Bhain an réamhcheol, ach go háirithe, clú amach agus is minic é a bheith seinnte mar phíosa ceolchoirm (Gearmáinis:Konzertstück).