Cruitchorda

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Uirlis cheoil mhéarchláir, in úsáid sa tSín faoin 8ú céad, san iarthar ón 15ú céad. Laghdaigh a úsáid sa 19ú céad, ach tá sé in úsáid arís le haghaidh ceoil luaith. Nuair a bhrúitear gléas gluaistear seac adhmaid, feistithe le figín leathair, cleite nó plaistigh (in uirlisí nua-aoiseacha), agus baineann sé seo stoitheadh as an tsreang (síneann na sreanga taobh thiar den mhéarchlár). Maolaítear creathanna na sreinge nuair a thiteann an seac ar ais ina áit.