Impireacht Naofa Rómhánach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
An Impireacht Naofa Rómhánach timpeall na bliana 1600.

Stát i lár na hEorpa ba ea an Impireacht Naofa Rómhánach (Gearmáinis: Heiliges Römisches Reich (HRR), Laidin: Sacrum Romanum Imperium (SRI)), a mhair ó 962 go 1806. Ba é Otto Mór an chéad Impire agus ba é Proinsias II an t-Impire deireanach. "Impireacht Naofa Rómhánach an Náisiúin Ghearmánaigh" a thugtaí uirthi go hofigiúil (Gearmáinis: Heiliges Römisches Reich Deutscher Nation, Laidin: Sacrum Romanum Imperium Nationis Germanicæ) ón 16ú haois go dtí gur tháinig deireadh léi san ochtú céad déag.

I mbuaic a réime bhí Ríocht na Gearmáine, Ríocht na hIodáile agus Ríocht na Burgúine faoi smacht na himpireachta. Is ionann na críocha seo agus an Ghearmáin (ach amháin deisceart Schleswig), an Ostair (ach amháin Burgenland), Lichtinstéin, an Eilvéis, an Bheilg, an Ísiltír, Lucsamburg, Poblacht na Seice, an tSlóivéin (ach amháin Prekmurje) chomh maith le cuid mhaith den Fhrainc (Artois, Alsace, Franche-Comté, Savoie agus Lorraine), den Iodáil (an Lombaird, Piodmant, Emilia-Romagna, an Tuscáin, agus Alto Adige-an Tioróil Theas go mór mhór), agus den Pholainn (an tSiléis, Pomerania, agus Neumark go mór mhór). De ghnáth, ní bhíodh smacht iomlán ag an impire ar na céadta, prionsachtaí, diúcachtaí, contaetha agus cathracha saora go léir san impireacht. In ainneoin an ainm ní leis an Róimh ach le lár na hEorpa a bhaineann an Impireacht Naofa Rómhánach.