Michael Schumacher
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Is tiománaí Gearmánach Fhoirmle a hAon é Michael Schumacher. Rugadh i Hürth-Hermühlheim (cóngarach do Köln sa Ghearmáin) é ar 3 Eanáir, 1969. De réir staitisticí, is é an tiománaí is fearr riamh sa spórt, le seacht gcraobh domhanda, an méid is mó bua sna rásaí, agus leis an méid is mó cúirteanna is tapúla chomh maith. Maraon leis sin, is é an tiománaí is saibhre sa spórt.
Cosúil leis an méid is mó de na tiománaithe Foirmle a hAon, thosaigh sé ag tiomáint kartanna go hóg, agus é ceathair go leith. Tar éis cúpla bliain ag rás sna kartanna bhog sé ar aghaidh go Foirmle Ford in 1988. Ghlac sé páirt i bhFoirmle 3 Germánach, i bhFoirmle 3000 Seapánach agus i gCraobh Turas Carranna Gearmánach sula bhog sé go Foirmle a hAon sa bhliain 1991.
An chéad rás a bhfuair sé ná i Grand Prix na Beilge le foireann Eddie Jordan, ach níor fhan sé ann ach ar feadh tamaill go dtí gur shínigh sé le Benetton. Bhuaigh sé an craobh domhanda leo in 1994 agus arís i 1995, go dtí gur bhog sé arís, an uair seo go Ferrari do shéasúr 1996. Thóg sé ceithre bliain air éirí ar ais go dtí an barr arís, ach sa bhliain 2000, bhuaigh sé an craobh domhanda don tríú uair. Bhuaigh sé cúig chraobh i ndiaidh a chéile ó 2000 go 2004, go dtí gur chuir Fernando Alonso agus a Renault stop leis sa bhliain 2005.
D'éirigh Schumachar as an spórt ag deireadh an tséasúir 2006 agus ceapadh é mar chomhairleor do Ferrari.
Sa bhliain 2009, d'fhógair Ferrari go raibh Schumacher chun páirt a ghlacadh arís sa spórt mar ionadaí don tiománaí gortaithe, Felipe Massa.
| Déantóirí agus tiománaithe atá ag glacadh páirt i gCraobh Foirmle a hAon 2006 | |||||||||||
|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
| Renault | McLaren | Ferrari | Toyota | Williams | Honda | Red Bull | BMW | MF1 | Toro Rosso | Super Aguri | |
| 1 Alonso 2 Fisichella |
3 Räikkönen 4 Montoya |
5 M Schumacher 6 Massa |
7 R Schumacher 8 Trulli |
9 Webber 10 Rosberg |
11 Barrichello 12 Button |
14 Coulthard 15 Klien |
16 Heidfeld 17 Villeneuve |
18 Monteiro 19 Albers |
20 Liuzzi 21 Speed |
22 Sato 23 Ide |
|
| Is stumpa faoi Foirmle a hAon é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. | |
| Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |