Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Is é is amhrán náisiúnta ann ná amhrán nó saothar ceoil eile a bhfuil ábhar tírghráúil aige, agus rialtas is údaráis oifigiúla an stáit ag baint úsáide as mar shuaitheantas don tír ag ócáidí oifigiúla. Ina lán tíortha, reachtaíodh dlíthe faoi cheartúsáid an amhráin náisiúnta, ach níl a leithéid riachtanach le go nglacfaí le hamhrán ar leith mar shiombaile náisiúnta den chineál sin. Mar shampla, is é an traidisiún an t-aon bhunús amháin le stádas an amhráin úd God Save the Queen sa Ríocht Aontaithe .
Is é amhrán na hÍsiltíre , Het Wilhelmus nó Amhrán Uilliam ó Nassau, an t-amhrán náisiúnta is sine sa domhan. Scríobhadh timpeall na bliana 1570 é, nuair a bhí an Cogadh Ochtó Bliain á chur ag an Ísiltír ar na Spáinnigh.
Níor éirigh an t-amhrán náisiúnta, mar nuáil chultúrtha, coitianta roimh an naoú haois déag. Is aireagán Eorpach é, go praiticiúil. Bíonn blas an cheoil chlasaicigh Eorpaigh ar amhráin náisiúnta na dtíortha neamh-Eorpacha féin, amach ó chúpla eisceacht a théann i dtuilleamaí cheol traidisiúnta na tíre (an tSín agus an tSeapáin , ach go háirithe).
An chuid is mó de na hamhráin náisiúnta, cantar i dteanga iad atá coitianta mar ghnáthurlabhra phobail sa tír. Mar sin féin, tá cúpla eisceacht ann. Nó cé gurb í an Urdúis teanga oifigiúil na Pacastáine, is í an Pheirsis teanga an amhráin náisiúnta. Teanga thábhachtach chultúrtha í an Pheirsis do mhuintir na Pacastáine, ach is ar éigean a labhraíonn aon duine ó dhúchas í sa tír sin.
Bratach
Tír
Ainm an amhráin
an Aetóip
Whedefit Gesgeshi Woude Henate Ethiopia
an Afganastáin
Sououd-e-Melli
Poblacht na hAfraice Láir
La Renaissance
an Afraic Theas
Nkosi Sikelel' iAfrika
an Ailgéir
Kassaman
an Airgintín
¡Oíd, mortales!
Albain
Flower of Scotland (de facto)
an Albáin
Hymni i Flamurit
Andóra
El Gran Carlemany
Angóla
Angola Avante
Anguilla
God Save the Queen
Antigua agus Barbúda
Fair Antigua, We Salute Thee
an tAontas Eorpach
Óid don Aoibhneas
an Araib Shádach
Aash Al Maleek
an Airméin
Mer Hayrenik
Arúba
Aruba Dushi Tera
an Astráil
Advance Australia Fair (tráth: God Save the Queen )
na Bahámaí
March On, Bahamaland
Bairéin
Bahrainona
Barbadós
In Plenty and In Time of Need
Beinin
L'Aube Nouvelle
an Bhanglaidéis
Amar Shonar Bangla
an Bhealarúis
My Belarusy
an Bheilg
La Brabançonne
an Bheilís
Land of the Free
an Bhoisnia-Heirseagaivéin
Intermeco (tráth: Jedna i Jedina )
an Bholaiv
¡Bolivianos!: el hado propicio
an Bhotsuáin
Fatshe leno la rona
an Bhrasaíl
Hino Nacional Brasileiro
an Bhulgáir
Mila Rodino
an Bhurúin
Burundi bwacu
an Bhútáin
Druk tsendhen
Brúiné
Ya Allah lanjutkan la usia Duli tuanku
Buircíne Fasó
Ditanyè (l'Hymne de la Victoire)
Camarún
Chant de Ralliement
Ceanada
O Canada
an Chambóid
Nokoreach
an Chatalóin
Els Segadors
an Chéinia
Ee Mungu Nguvu Yetu
an Chipir
Ode to Freedom
an Chirgeastáin
Kyrgyz Respublikasynyn Mamlekettik Gimni
an Chóiré Theas
Aegukga
an Chóiré Thuaidh
Patriotic Song
an Cholóim
¡Oh, gloria inmarcesible!
Oileáin Chomóra
Udzima wa ya Masiwa
Poblacht Dhaonlathach an Chongó
Debout Congolais
an Chróit
Lijepa nasa domovino
Cireabaití
Teirake kaini Kiribati
Poblacht an Chongó
La Congolaise
Oileáin Cook
God Defend New Zealand
Cósta Ríce
Noble patria, tu hermosa bandera
an Cósta Eabhair
L'Abidjanaise
Cúba
La Bayamesa
an Danmhairg
Der er et yndigt land (sibhialta) ; Kong Kristian (ríoga)
Doiminice
Isle of Beauty, Isle of Splendour
Eacuadór
¡Salve, oh Patria!
an Éigipt
Bilady, Bilady, Bilady
an Eastóin
Mu isamaa, mu õnn ja rõõm
an Eilvéis
Schweizerpsalm / Cantique suisse
Poblacht Éimin
République unie
Poblacht na hÉireann
Amhrán na bhFiann
Tuaisceart Éireann
An Fonn Dhoire (neamhoifigiúil)
Oileáin Fharó
Tú alfagra land mítt
Fidsí
God Bless Fiji
an Fhionlainn
Maamme
an Fhrainc
La Marseillaise
Gána
God Bless Our Homeland Ghana
Geansaí
Sarnia Chérie
Geirsí
Ma Normandie
an Ghabúin
La Concorde
an Ghaimbia
For The Gambia Our Homeland
an Ghearmáin
Das Lied der Deutschen
an Ghraonlainn
Nangmineq erinllik
an Ghréig
Imnos pros tin Eleftherian
an Ghuáin
Dear Land of Guyana, of Rivers and Palms
an Ghuine
Liberté
Guine-Bissau
Esta é a Nossa Pátrai Bem Amada
an Ghuine Mheánchiorclach
Caminemos Pisando la Senda de Nuestra Inmensa Felicidad
Grenada
Hail Grenada
Guam
Stand Ye Guamanians
Guatamala
¡Guatemala feliz...!
Guáin na Fraince
La Marseillaise
Háití
La Dessalinienne
Hondúras
Tu bandera, tu bandera es un lampo de cielo
Iamáice
Jamaica, Land We Love
an Iaráic
Ardulfurataini Watan
an Iaráin
Sorood-e Jomhoori-e Eslami
an India
Jana-Gana-Mana
an Indinéis
Indonesia Raya
an Iodáil
Fratelli d'Italia Inno di Mameli
an Íoslainn
Lofsöngur
Iosrael
Hatikvah
an Iordáin
As-salam al-malaki al-urdoni
an Iorua
Ja, vi elsker dette landet
An Ísiltír
Wilhelmus van Nassouwe
an Laitvia
Dievs, Sveti Latviju
Laos
Pheng Xat Lao
Leosóta
Lesotho Fatse La Bontata Rona
an Libéir
All Hail, Liberia Hail
an Libia
Libia, Libia, Libia
Lichtinstéin
Oben am jungen Rhein
an Liobáin
Koullouna Lilouataan Lil Oula Lil Alam
an Liotuáin
Tautiska Giesme
Lucsamburg
Ons Heemecht
Madagascar
Ry Tanindrazanay malala ô
Oileáin Bhriotanacha na Maighdean
God Save the Queen
Mailí
Pour l'Afrique et pour toi, Mali
Málta
L-Innu Malti
Maracó
Hymne Chérifien
Oileáin Marshall
Forever Marshall Islands
Maenmar
Gba Majay Bma
Meicsiceo
Mexicanos, al grito de guerra
an Mhacadóin
Denes nad Makedonija
an Mhalaeisia
Negara Ku
Oileáin Mhaildíve
Gavmii mi ekuverikan matii tibegen kuriime salaam
an Mhaláiv
Mlungu salitsani malawi
Stáit Aontaithe Mheiriceá
The Star-Spangled Banner
an Mhicrinéis
Patriots of Micronesia
an Mholdóiv
Limba Noastra
an Mhongóil
Hymne mongol
Oileán Mhuirís
Motherland
Monacó
Hymne Monégasque
Mósaimbíc
Viva, Viva a FRELIMO
an Namaib
Namibia, Land of the Brave
Nárú
Nauru Bwiema
Neipeal
Sayaun Thunga Phool Ka
Nicearagua
¡Salve a ti, Nicaragua!
an Nigéir
Arise Oh Compatriots, Nigeria's Call Obey
an Nígir
La Nigérienne
Nua-Ghuine Phapua
O Arise, All You Sons
an Nua-Shéalainn
God Defend New Zealand , God Save the Queen
Oileáin Cayman
Beloved Isles Cayman (neamhoifigiúil)
na hOileáin Fhilipíneacha
Lupang Hinirang
Óman
Hymne du sultan
an Ostair
Land der Berge, Land am Strome
An Phalaistín
fidāʾ
Panama
Alcanzamos por fin la victoria
Paragua
Paraguayos, ¡República o Muerte!
Peiriú
Somos libres, seámoslo siempre
an Phacastáin
Pak sarzamin shad bad
an Phoblacht Dhoiminiceach
Quisqueyanos valientes, alcemos
an Pholainn
Mazurek Dàbrowskiego
an Phortaingéil
A Portuguesa (La Portugaise)
Pórtó Ríce
La Borinqueña
an Ríocht Aontaithe
God Save the Queen /King
an Rómáin
Desteapta-te, romane! )Trei culori
an Rúis
Chanson patriotique Dieu sauve le Tsar
Ruanda
Rwanda rwacu (Notre Rwanda)
an tSaimbia
Stand and Sing of Zambia, Proud and Free
San Críostóir-Nimheas
Oh Land of Beauty
San Lucia
Sons and Daughters of St Lucia
Saint Pierre agus Miquelon
La Marseillaise
San Uinseann agus na Greanáidíní
St Vincent Land So Beautiful
an tSalvadóir
Saludemos la patria orgullosos
Samó
The Banner of Freedom
Samó Meiriceánach
Amerika Samoa
São Tomé agus Príncipe
Independência total
an tSeapáin
Kimi Ga Yo
an tSeoirsia
Dideba zetsit kurtheuls
Oileáin Sholaimh
God Save Our Solomon Islands
an tSile
Dulce Patria, recibe los votos
Daon-Phoblacht na Síne
La Marche des Volontaires
Sead
La Tchadienne
Poblacht na Seice
Kde domov muj
an tSeineagáil
Pincez tous vos koras, frappez les balafons
Siarra Leon
High We Exalt Thee, Realm of the Free
Singeapór
Majulah Singapura
an tSiombáib
Kalibusiswe Ilizwele Zimbabwe God Bless Africa
an tSiria
Homat el Diyar
an tSlóivéin
Zdravljica Naprej zastava slave
an tSlóvaic
Nad Tatrou sa bl?ska
an Spáinn
Marcha Real
Srí Lanca
Sri Lanka Matha
an tSualainn
Du gamla, Du fria (sibhialta) ; Ur svenska hjärtans djup en gång (ríoga)
an tSuasalainn
Nkulunkulu Mnikati wetibusiso temaSwati
an tSúdáin
Nahnu Djundulla Djundulwatan
an tSúdáin Theas
South Sudan Oyee!
Suranam
God zij met ons Suriname
an Táidsíceastáin
Hymne national tadjik
an Tansáin
Mungu ibariki Afrika
an Téalainn
Phleng Chat (sibhialta) Phleng Sansasoen Phra Barami (ríoga)
an Téaváin
San Min Chu I
An Tíomór Thoir
Foho Ramelau
Tóga
Salut à toi, pays de nos aïeux
Tonga
Koe Fasi Oe Tui Oe Otu Tonga
Oileán na Tríonóide agus Tobága
Forged From The Love of Liberty
an Túinéis
Houmet el-Hima
an Tuirc
Istiklâl Marsi
an Tuircméanastáin
Hymne national turkmène
Tuvalu
Tuvalu mo te Atua
an Úcráin
Chtche ne vmerla Ukraïna
Uganda
Oh Uganda, Land of Beauty
an Ungáir
Isten áldd meg a magyart
Uragua
¡Orientales, la Patria o la Tumba!
Vanuatú
Yumi, Yumi, Yumi
Cathair na Vatacáine
Inno e Marcia Pontificale
Veiniséala
Gloria al bravo pueblo
Vítneam
Tien quan ca