My Belarusy
Gaeilge: Amhrán Stáit Phoblacht na Bealarúise (My Belarusy) | |
---|---|
![]() | |
Amhrán Náisiúnta na | Bealarúise |
Liricí | Niescier Sakałoŭski, 1944 |
Ceol | Mikhas Klimkovich, 1944 |
Glactha | 1955 |
Sámpla ceoil | |
|
Is é "My Belarusy" (Bealarúisis: Мы, беларусы, Rúisis: Мы, белорусы, "Sinne, na Bealarúisigh") teideal neamhoifigiúil amhrán náisiúnta na Bealarúise agus céad líne liricí an amhráin. Tá an t-ainm "Amhrán Stáit Phoblacht na Bealarúise" (Bealarúisis: Дзяржаўны гімн Рэспублікі Беларусь, Rúisis: Государственный гимн Республики Беларусь) ar "My Belarusy" go hoifigiúil. Scríobhadh agus glacadh leis an amhrán sa bhliain 1955 chun a bheith mar amhrán náisiúnta ar Phoblacht Shóivéadach Shóisialach na Bealarúise. Chum Niescier Sakałoŭski ceol an amhráin agus scríobh Mikhas Klimkovich liricí amhrán náisiúnta PSS na Bealarúise.
I ndiaidh thitim an Aontais Shóivéadaigh, coimeádadh an ceol ar scríobh Sakałoŭski ach níor coimeádadh na liricí. Glacadh le liricí nua, ar scríobh Klimkovich agus Uladzimir Karyzny, nuair a eisíodh Foraithne ón Uachtarán an 2 Iúl 2002. Is éard atá i gceist le liricí an amhráin sa lá atá inniu ann ná Bealarúis chairdeachais, arna tabhairt onóir d'iar-chathanna míleata agus arna breathnú ar aghaidh go dtí an todhcaí. Coinníodh leis an gceol mar gheall ar a cheangail stairiúla do Bhealarúis.