Mu isamaa, mu õnn ja rõõm

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Saothar CeoilMu isamaa, mu õnn ja rõõm

Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm cheoilamhrán náisiúnta an Eastóin Cuir in eagar ar Wikidata
Sámpla ceoil Cuir in eagar ar Wikidata
Tonúlachtmórghléas C Cuir in eagar ar Wikidata
CumadóirFredrik Pacius
LeabhrógaíJohann Voldemar Jannsen (en) Aistrigh
LiriceoirJohann Voldemar Jannsen (en) Aistrigh
Teanga an tsaothair nó an ainmAn Eastóinis
Musicbrainz: f5c4c55d-2044-4b43-a686-adb3d1b96cb6 Cuir in eagar ar Wikidata

Is é Mu isamaa, mu õnn ja rõõm ('Mo thír dhúchais, mo ghliondar is mo rímhéad') amhrán náisiúnta na hEastóine. Glacadh cinneadh oifigiúil faoi seo sa bhliain 1920 an chéad uair. Nuair a d'fhorghabh na Sóivéadaigh an tír sa bhliain 1940, chaill an t-amhrán an chéimíocht seo, ach tugadh isteach é arís leis an neamhspleáchas nua sa bhliain 1991.

Ba é Johann Voldemar Jannsen a scríobh na liricí, ach fuarthas an ceol ar iasacht ó na Fionlannaigh - is ionann é agus amhrán náisiúnta na Fionlainne. Ba é Fredrik Pacius a chum an fonn, sa bhliain 1848.

Liricí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Mu isamaa, mu õnn ja rõõm,
kui kaunis oled sa!
Ei leia mina iial tääl
see suure, laia ilma pääl,
mis mul nii armas oleks ka,
kui sa, mu isamaa!
Sa oled mind ju sünnitand ja üles kasvatand; sind tänan mina alati ja jään sull' truuiks surmani, mul kõige armsam oled sa, mu kallis isamaa!
Su üle Jumal valvaku, mu armas isamaa! Ta olgu sinu kaitseja ja võtku rohkest õnnista, mis iial ette võtad sa, mu kallis isamaa!

Liricí as Gaeilge[cuir in eagar | athraigh foinse]

A Thír Dhúchais, is tusa mo ghliondar is mo rímhéad,
nach álainn atá tú!
Ní thiocfainn choíche ar thír eile 
anseo ar dhroim an domhain mhóir
dá dtabharfainn a leithéid de ghrá
agus a thugaim duitse, a Thír Dhúchais!
Is duitse a rugadh ar dtús mé agus is tusa a thug suas mé. Beidh mé i do sheirbhís i gcónaí agus fanfaidh mé dílis duit go lá mo bháis. Is tusa an grá is ansa liom, a Thír dhaor Dhúchais!
Go gcoinní Dia A shúil ort, a Thír dhaor Dhúchais! Go raibh Seisean mar chosantóir agat agus go dtála Sé A thiolacthaí ort go fial, cibé cuspóir a chuirfidh tú romhat, a Thír dhaor Dhúchais!