Jump to content

Fredrik Pacius

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaFredrik Pacius

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith19 Márta 1809
Hamburg Cuir in eagar ar Wikidata
Bás8 Eanáir 1891
81 bliana d'aois
Heilsincí Cuir in eagar ar Wikidata
Áit adhlacthaHietaniemi cemetery (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Ollamh
Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síGelehrtenschule des Johanneums Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmcumadóir, múinteoir ceoil, stiúrthóir ceolfhoirne, múinteoir ollscoile Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirOllscoil Heilsincí Cuir in eagar ar Wikidata
SeánraCeoldráma
Mac/iníon léinn de chuidLouis Spohr agus Moritz Hauptmann
Mac/iníon léinnJohan Lindberg
TeangachaAn Fhionlainnis
UirlisVeidhlín
Saothar
Saothar suntasach
Teaghlach
PáisteMaria Collan Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas

IMDB: nm0655433 Spotify: 0zMM1n8XTQRf3RuuKYYQgU Musicbrainz: 06d925cc-ead6-42f4-9e8b-cc7d7aedc884 Lieder.net: 5257 Discogs: 908380 IMSLP: Category:Pacius,_Fredrik Find a Grave: 14270821 Cuir in eagar ar Wikidata

Ceoltóir ab ea Fredrik Pacius (nó Friedrich Pazius, as Gearmáinis) a chuir bun le traidisiún an cheoil Chlasaicigh san Fhionlainn. Tugtar "athair an cheoil Fhionlannaigh" air. Gearmánach ab ea é, nó rugadh in Hamburg é sa bhliain 1809. Fuair sé bás san Fhionlainn sa bhliain 1891.

Tháinig Pacius go dtí an Fhionlainn sa bhliain 1834 le ceoltóireacht a theagasc san ollscoil i Heilsincí. Rinne sé an-obair le saol ceoltóireachta na Fionlainne a eagrú, nó bhunaigh sé cór do na mic léinn, chomh maith le cumann ceoltóireachta agus ceolchoirm. Sa bhliain 1848, chuir sé ceol le Vårt Land ("Ár dTír"), dán cáiliúil le Johan Ludvig Runeberg, file náisiúnta na Fionlainne, agus thug na Fionlannaigh a leithéid de thaitneamh don amhrán seo is gurb é amhrán náisiúnta na tíre é inniu féin. Ar ndóigh, is as Fionlainnis is minicí a chantar é inniu, faoin teideal Maamme. Tá an fonn céanna ag dul le Mu isamaa, mu õnn ja rõõm, amhrán náisiúnta na hEastóine.

Sa bhliain 1852 a chum Pacius an dara saothar is cáiliúla aige, mar atá, an chéad cheoldráma Fionlannach riamh. Kung Karls jakt atá air as Sualainnis, agus Kaarle-kuninkaan metsästys as Fionlainnis - ciallaíonn an dá ainm sin An Rí Séarlas ag Sealgaireacht. Ba é Zacharias Topelius, duine de scríbhneoirí bisiúla na linne san Fhionlainn, a scríobh téacs don cheoldráma: cur síos atá ann, go bunúsach, ar thuras sealgaireachta Rí na Sualainne go dtí an Fhionlainn. Ós rud é gur cuid den Rúis Impiriúil ab ea an Fhionlainn ag an am, bhí a phriacal féin ag baint leis an ábhar. Mar sin féin, ó tharla gur chuir an ceoldráma béim ar dhílseacht an náisiúin don rí, níor bhac na cinsirí lena stopadh.