Louis Spohr
Cuma
Cumadóir, veidhleadóir is stiúrthóir a rugadh i mBraunschweig na Gearmáine ab ea Louis (Ludwig) Spohr (5 Aibreán 1784 – 22 Deireadh Fómhair 1859). Cáil air mar chumadóir don veidhlín: scríobh sé 17 coinséartó dó. Bhí áit thábhachtach ag a chuid saothar idir an clasaiceachas agus an rómánsachas. I gCassel na Gearmáine a fuair sé bás.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Louis Spohr". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 619.
| Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
| Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |