Nkosi Sikelel' iAfrika

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de cançóNkosi Sikelel' iAfrika

Closán

Cineálamhrán náisiúnta
iomann
saothar ceoil
TaibheoirMiriam Makeba
Foilsithe19 haois
Teangaan Chóisis
LiriceoirEnoch Mankayi Sontonga
CumadóirEnoch Mankayi Sontonga
Tíran Afraic Theas
Musicbrainz: 1fb38c98-b4db-477e-ad98-b821ffa50aa8 Cuir in eagar ar Wikidata

Tá amhrán náisiúnta na hAfraice Theas bunaithe ar Nkosi Sikelel' iAfrika (nó Lord Bless Africa), iomann a cumadh sa bhliain 1897. Cantar é go minic fós mar iomann. Fonn meidhreach is ea é, a fhanann leat ar feadh i bhfad.

San Afraic Theas, cantar Nkosi Sikelel' iAfrika go minic leis an chéad véarsa as Xhosa agus leis an dara véarsa i dteanga eile na hAfraice Theas cosúil le Sesotho.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Scríobh Enoch Sontonga[1] an fonn, Nkosi Sikelel' iAfrika, mar iomann sa teanga Xhosa i 1897.[2]

Bhí Nkosi Sikelel’ iAfrica mar amhrán náisiúnta de Chomhdháil Náisiúnta na hAfraice san Afraic Theas le linn na coimhlinte in aghaidh cinedheighilte.

Tá leaganacha go leor ann. Tá an fonn mar chuid den amhrán náisiúnta den tSaimbia agus den Tainsáin, agus tá amhrán náisiúnta na hAfraice Theas bunaithe ar an iomann.

Casadh an t-amhrán go corraitheach sa scannán Cry Freedom (1987), stiúrtha ag Richard Attenborough, ina bhfuil Denzel Washington mar réalt, sa radharc ina gcuirtear síos ar shochraid an cheannaire ar chearta sibhialta do dhaoine gorma na hAfraice Theas, Steve Biko.[2]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Enoch Sontonga" (as en) (2022-08-23). Wikipedia. 
  2. 2.0 2.1 curriculumonline.ie. "Oideachas Idirchultúrtha sa Bhunscoil". Dáta rochtana: 2022.