Stair Bhaile Átha Cliath

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Téann stair Bhaile Átha Cliath siar níos faide ná 1,000 bliain, agus tá sí mar phríomhchathair na hÉireann le mórchuid den tréimhse ama sin, chomh maith le bheith mar chroílár cultúrtha, oideachais agus tionsclaíoch an oileáin.

Tíl urláir Mhargadh an Arbhair ó Shéipéal Naomh Audoen
Léarscáil den chathair sa bhliain 1797

Bunaidh agus luathstair na cathrach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Limistéar bhaile átha Cliath thart ar 800

D’uaireanta, deirtear gurbh í an chéad tagairt riamh a tugadh do Bhaile Átha Cliath ná an tagairt sin i bhfoinse scríbhneoireachta de chuid Claudius Ptolemaeus (Ptolemy), an réalteolaí agus cartagrafaí cáiliúil Éigipteo-Ghréigeach, nuair a thagair sé do lonnaíocht darbh ainm Eblana timpeall an bhliain 140. Is dócha gur féidir le lucht Bhaile Átha Cliath a mhaíomh go bhfuil an chathair ann le beagnach dhá mhíle bliain de réir na fianaise sin, toisc go gcaithfidh go raibh an lonnaíocht ar an bhfód roinnt mhaith blianta sular thrácht Ptolemy air. Le déanaí, tá amhras tar éis a bheith tarraingthe ar an teoiric sin gurb ionann Eblana agus Baile Átha Cliath, áfach, agus ceaptar nach ach de thaisme a bhfuil cosúlacht idir Eblana agus Duiblinn, seanainm eile ar Bhaile Átha Cliath.

Na laethanta seo, ceaptar go raibh lonnaíocht eaglasta Chríostaí darbh ainm Duiblinn, as ar tháinig an t-ainm Dyflin, sula raibh aon lonnaíocht Lochlannach ann. As an  agus an 10ú haois amach, bhí dhá lonnaíocht suite san áit ina bhfuil lár chathair na linne seo suite. Is é Dyflin, ón nGaeilge Duiblinn (nó “Linn Dhubh”, ag tagairt do linn dhubh taoide a bhí san áit sin ina théann Abhainn an Phoitéil isteach in Abhainn na Life i ngarraithe an Chaisleáin ar chúl Chaisleán Bhaile Átha Cliath), an t-ainm a tugadh ar an lonnaíocht Lochlannach a bunaíodh timpeall 841 agus bhí lonnaíocht na nGael darbh ainm Áth Cliath, níos faide suas an abhainn, san áit sin ina bhfuil Droichead an Athar Maitiú suite ag bun Shráid an Teampaill.[1] Úsáidtear ainm na lonnaíochta Ceiltí mar ainm Gaeilge a dtugtar ar chathair na linne seo, cé nach bhfuil trácht le fáil air sin go dtí 1362, nuair a thagraítear don ainm sin in Annála Uladh.[2] Is as ainm na lonnaíochta Lochlannaí, Dyflin, a thagann Dublin, an t-ainm Béarla atá ar an gcathair sa lá atá inniu ann, agus tháinig an t-ainm sin ón ainm Gaeilge, Duiblinn. Bhí na Lochlannaigh, nó na "hOstmen" mar a thug siad orthu féin, i gcoróin i mBaile Átha Cliath ar feadh beagnach trí haois, cé gur caitheadh amach iad in 902, ach amháin gur tháinig siad ar ais i gcumhacht in 917, go dtí gur threascair Ardrí na hÉireann arís iad ag Cath Chluain Tarbh sa bhliain 1014. Ón mbliain sin amach, ní raibh mórán tionchair pholaitiúil ag lucht na Lochlannach in Éirinn - ba sa saol tráchtála amháin a raibh aon tionchar suntasach acu as sin amach.[3] Tháinig deireadh iomlán le riail na Lochlannach i mBaile Átha Cliath in 1171 nuair a ghabh Diarmaid Mac Murchadha, Rí na Laighne, an chathair le cúnamh shaighdiúirí tuarastail Angla-Normannacha. Rinne an Rí Lochlannach deireanach de Bhaile Átha Cliath, Ascall mac Ragnaill, iarracht an chathair a athghabháil le harm a chruinnigh sé le muintir dá ghaolta féin a bhí suite i nGarbhchríocha na hAlban, an áit inar chuir sé faoi i ndeoraíocht agus é i mbun teite nuair a gabhadh an chathair, ach theip ar an athghabháil sin agus maraíodh Ascall. 

Skudelev II, long mhór chogaidh na Lochlannach a tógadh i gceantar Bhaile Átha Cliath c. 1042

Is é a bhí sa Thingmote ná mullóg ardaithe, a bhí 40 troigh (12m) ar airde agus a raibh 240 troigh (73 m) ina imlíne, agus arbh é an suíomh ina dtionóil na Lochlannaigh chun a gcuid dlite a reáchtáil. Bhí sé ann go dtí 1685, lonnaithe ar an taobh dheas den abhainn, in aice le Caisleán Bhaile Átha Cliath.[4]

Bhí margadh sclábhaithe mór i mBaile Átha Cliath san aimsir a bhí na Lochlannaigh i gcoróin ann. Níorbh iad amháin na Lochlannaigh a ghabh agus a dhíol na sclábhaithe; ghlac na Taoisigh Ghaelacha gur minic a bhí siad i mbun cogaíochta, páirt leis, freisin.b

Rinne lucht Bhaile Átha Cliath cothrom míle bliain bhunaidh na cathrach a cheiliúradh in 1988 faoin sluán "Dublin’s great in ‘88". Tá an chathair i bhfad níos sine ná sin, ach sa bhliain atá i gceist ansin, 888, d’aithin an Rí Lochlannach údarás Ghlun Iarainn mar Ardrí na hÉireann, ghlac sé go n-íocfar cánacha dósan agus ghlac sé leis an bhFéineachas mar chóras dlí chomh maith. Cé gur ceiliúradh an bhliain sin, is léir nach dáta cruinn atá i gceist: in 989 (bhliain amháin i ndiaidh 988) chuir [[Máel Sechnaill mac Domnaill|Mael Seachlainn]] an chathair faoi léigear ar feadh 20 lá agus d’éirigh leis í a ghabháil. Níorbh é siúd a chéad iarracht dó ionsaí a dhéanamh ar an gcathair, ach oiread.

Tharla gur éirigh le Baile Átha Cliath a bheith mar chroílár cumhachta Sasanaí i ndiaidh theacht na Normannach agus an ghabháil a rinne siad ar thaobh dheas na hÉireann (i gCúige Mumhan agus i gCúige Laighean) idir 1169 agus 1171, rud a d’fhág go raibh polaití na hÉireann dírithe ar Bhaile Átha Cliath as sin amach seachas ar Theamhair na Ríthe — croílár chumhacht Ardríthe Gaelacha na hÉireann. Dheonaigh Seán, Tiarna Éireann, céad Chairt na Saoirsí de chuid Bhaile Átha Cliath ar an 15 Bealtaine 1192, cairt ina ngair sé ar "a ghéillsinigh agus a chairde Francacha, Sasanacha, Éireannacha agus Breatnacha”. Ar an 15 Bealtaine 1229, dheonaigh a mhacsan Hanraí an deis Méara a thofa ar shaoránaigh; bheadh dhá phropast ag an Méara siúd mar chúntóirí.[5] Faoi 1400, bhí na concairí Angla-Normannacha tógtha isteach sa chultúr Gaelach, agus chuaigh siad isteach le nósanna agus le teanga na nGael, rud a d’fhág nach raibh fágtha faoi riail dhíreach Sasana ach limistéar beag timpeall ar Bhaile Átha Cliath, ar ar tugadh an Pháil.

Baile Átha Cliath i Ré na Meánaoise Deireanaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ard-Eaglais Chríost (taobh amuigh)

D’fhág a lán de na háitritheoirí Lochlannacha an tseanchathair, a bhí suite ar an taobh theas den Life, i ndiaidh ghabháil na cathrach a rinne na hAngla-Normannaigh in 1171 agus rinne siad lonnaíocht eile a thógáil dóibh féin ar an taobh thuaidh di, lonnaíocht darbh ainm Ostmantown (nó “Baile na Lochlannach” i nGaeilge agus “Oxmantown” i mBéarla). Tharla go raibh Baile Átha Cliath mar phríomhchathair Thiarnas na hÉireann, a bhí faoi choróin Shasana ó 1171 amach, agus as sin amach ba choilíneacha as Sasana agus as an mBreatain Bheag a bhí ina gcónaí ann den chuid is mó. Bhí a lán Sasanach ag cur fúthu sa cheantar tuaithe timpeall na cathrach, chomh fada ó thuaidh le Droichead Átha. Sa 14ú haois, rinneadh an limistéar seo a dhaingniú chun cosaint a thabhairt in aghaidh na nÉireannach bundúchasach a bhí ag éirí ní ba threallúsaí de réir a chéile – agus tugadh "an Pháil" ar an limistéar mar gheall air sin. Maidir leis an gcathair í féin, is i gCaisleán Bhaile Átha Cliath a bhí an riail Shasanach láraithe. Bhí Parlaimint na hÉireann, a raibh úinéirí talún agus ceannaithe inti mar bhaill, lonnaithe sa chathair ó 1297 amach. I measc na foirgnimh thábhachtacha a tógadh sa tréimhse seo cuimsítear Ardeaglais PhádraigArdeaglais Chríost agus Eaglais San Audeon, atá go léir suite faoi chiliméadar dá chéile.

Bhí an fhéiniúlacht chéanna ag an lucht a bhí ina cónaí laistigh den Pháil is a bhíonn de ghnáth ag grúpaí de choilínigh agus iad sáite in iamhchríoch bheag den tsibhialtacht, ciaptha leis na “bundúchasaigh barbartha” a mhaireann ina dtimpeall tharstu, ar gach taobh dóibh. Thaispeántaí an meon léigir seo a bhí ag lucht Bhaile Átha Cliath i ré na meánaoise san oilithreacht bhliantúil a thug siad fúthu dul gach bliain go dtí an ceantar darbh ainm Fiodh Chuilinn (an áit a dtugtar Raghnallach air sa lá atá inniu ann), ina ndearna Clann Uí Thuathail ár agus sléacht ina bhfuair timpeall cúig chéad coilíneach ó Bhriostó bás in 1209 agus iad amuigh ar thuras lasmuigh de theorainneacha na cathrach. Gach uile bhliain, ar “Black Monday” (nó “Luan Dubh”), shiúladh saoránaigh Bhaile Átha Cliath amach as an gcathair go dtí an suíomh inar tharla an t-ainghníomh seo agus d'ardaídís bratach dhubh in aghaidh na sléibhte, mar chomhartha siombalach chun dúshlán troda a thabhairt do na Gaeil. Go dtí an 17ú haois, bhí an eachtra seo fós chomh contúirteach sin go raibh gá ann go gcoimeádfadh na saoránaigh siúd faoi chosaint mhílíste na cathrach agus faoi chosaint sonnach adhmaid i gcoinne “an namhaid sna sléibhte".

Áit ina raibh dlúthphobal inti ab ea Baile Átha Cliath sa Mheánaois, agus idir 5,000 agus 10,000 duine ina gcónaí inti, chomh dlúth sin gur nós é go rachadh an maor i dteannta le gach aon saoránach nuaphósta go dtí réileán tarbh na cathrach chun an imfhálú a phógadh chun an t-ádh a bhaint amach. Ba limistéar an-bheag é freisin, iamhchríoch ar thaobh dheas na Life nach raibh breis is trí chiliméadar inti mar achar. Bhí bruachbhailte, leithéidí na Saorsaí, suite ar thailte ar leis Ardeaspag Bhaile Átha Cliath iad, agus an Baile Gaelach a bhí sainithe le haghaidh na nGael laistigh de bhallaí na cathrach, agus níor ceadaíodh do na Gaeil cónaí sa chathair í féin de réir dlí a ritheadh sa 15ú haois. Cé nár cheart go mbeadh na Gaeil ina gcónaí sna cheantair ná ina mórthimpeall ach oiread, níor bhac a lán dóibh leis an gceanglas sin agus faoin 16ú haois tá cuntais a thug muintir de shliocht Sasanacha Bhaile Átha Cliath ann ina ndearnadh gearán go raibh an Ghaeilge á úsáid mar ghnáth-theanga na Páile ar bhonn laethúil.

Saol an-neamhchinnte a bhí i gceist i mBaile Átha Cliath sa Ré Mheánaoiseach. In 1348, shroich an Phlá Mhór an chathair – plá bhúbónach mharfach a rinne scrios iomlán i ngach cearn den Eoraip i lár an 14ú haois. I mBaile Átha Cliath cuireadh íospartaigh ón ngalar in olluaigheanna i gceantair ar a dtugtar “Blackpitts” go deo nó “Na Cuithí Dubha” i nGaeilge. Ach chaith tochailt seandálaíochta suas fianaise go raibh saothracht súdaireachta sa cheantar, agus mar sin tá seans ann gur tagairt ar na poill súdaireachta a chuireadh dath dorcha ar an talamh sa cheantar. Is minic a bhí an phlá sa chathair go dtí go briseadh amach í den uair dheireanach in 1649. 

Tomás an Síoda ag tabhairt ionsaí ar Chaisleán Bhaile Átha Cliath

I rith iomlán na Meánaoiseanna, d’íocadh muintir na cathrach airgead mar chosaint nó “dúchíos” do na clanna Gaelacha sa timpeallacht chun ionsaithe foghlacha a sheachaint. In 1315, dhó arm Albanach faoi stiúir Éadbhard Brús (Edward the Bruce) bruachbhailte na cathrach. De réir mar a laghdaigh an tsuim a bhí ag na Sasanaigh i gcosaint na coilíneachta a bhí acu in Éirinn, ba ar Iarlaí Gearaltacha Chill Dara, a raibh forlámhas acu i saol polaitíochta na hÉireann suas go dtí an 16ú haois, a thit freagracht chosaint na cathrach. Mar sin féin, ba mhinic a ghníomhaigh an ríora sin de réir a suimeanna féin. In 1487, le linn Chogadh na Rósanna i Sasana, D’fhorghabh na Gearaltaigh an chathair le cúnamh trúpaí as an mBurgúin agus rinne siad Lambert Simnel, a bhí ar thaobh Eabhrac sa chogadh, a fhógairt a bheith ina Rí ar Shasana. In 1537, rinne an ríora céanna, faoi stiúir Thomáis an Síoda, a bhí le ceangal ag an am mar gheall ar shrianadh Ghearóid Mhic Gearailt, Iarla Chill Dara, Caisleán Bhaile Átha Cliath a chur faoi léigir. Chuir Rí Shasana, Anraí VIII, arm mór go hÉirinn chun cumhacht na nGearaltach a scrios agus riarthóirí Sasanacha a chur ina n-ionad. Sa tslí sin, cuireadh tús leis an gceangal ní ba dhaingne a bhí idir Baile Átha Cliath agus Coróin Shasana as sin amach, cé gur mhinic nach gaol cairdis a bhí i gceist leis.

An 16ú agus an 17ú haois[cuir in eagar | athraigh foinse]

Baile Átha Cliath i 1610 - athchló a rinneadh in 1896

Tháinig bunathrú ar Bhaile Átha Cliath agus ar lucht na cathrach sin mar gheall ar shuaitheadh an 16ú agus na 17ú haois. Ina measc an tsuaite sin bhí an concas iomlán den tír, rud nár éirigh le cumhachtaí Shasana a dhéanamh riamh go dtí an aimsir sin ina raibh na Túdar sa choróin. Cé go raibh seanphobal den mhuintir Shasanaigh de Bhaile Átha Cliath agus den Pháil sásta faoin gconcas sin agus faoi dhí-armáil na nGael, fós féin bhí siad ag mothú coimhthithe go hiomlán mar gheall ar an Reifirméisean Protastúnach a raibh tar éis titim amach i Sasana, toisc gur fhan an mhórchuid dóibhsean ina gCaitlicigh. Thairis sin, bhí fearg orthu gurbh éigean dóibh íoc as na garastúin Shasanacha a bhí sa tír trí cháin nach reachtódh sa pharlaimint ar a dtugadh "cess". Cuireadh roinnt mhaith daoine de mhuintir Bhaile Átha Cliatha chun báis as páirt a ghlacadh sa Dhara Éirí Amach i nDeasmhumhain sna 1580í. Fuair Banmhéara Bhaile Átha Cliath Margaret Ball bás i ngéibheann i gCaisleán Bhaile Átha Cliath in 1584 toisc go raibh sí báúil leis an Eaglais Chaitliceach agus crochadh Ardeaspag Caitliceach Dermot O'Hurley lasmuigh de bhallaí na cathrach an bhliain chéanna.

Ceann de na túir mheánaoiseacha i gCaisleán Bhaile Átha Cliath atá fós ina sheasamh.

In 1592, d’oscail Banríon Sasana, Éilís I, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath (suite in áit a raibh díreach lasmuigh den chathair ag an am sin, ar an taobh thoir di) mar Ollscoil Phrotastúnach le haghaidh na mionuaislí Éireannacha. Mar sin féin, d’eitigh na teaghlaigh thábhachtacha de Bhaile Átha Cliath an Ollscoil sin agus roghnaigh siad go gcuirfí oideachas ar a gcuid macsan in Ollscoileanna Caitliceacha Mhór-Roinn na hEorpa ina hionad.

Tháinig borradh faoin míshástacht a bhí ag lucht Bhaile Átha Cliath de bharr Chogadh na Naoi mBliana sna 1590í, nuair a ordaíodh go dtabharfaidh lucht na cathrach lóistín do shaighdiúirí Sasanacha de réir foraithne; rud a d’fhág go ndearnadh galair a leathadh agus praghsanna bia a ardú sa chathair. Gan ospidéal ceart, chuirtí na daoine a gortaíodh iad i stainníní sna sráideanna. Ansin cuireadh le míshástacht na ndaoine sa chathair, in 1597, nuair a phléasc cartúslann Arm na Sasanach i Sráid an Fhíona de thaisme, agus fuair beagnach 200 Baile Átha Cliathaigh bás. Is ceart a rá, áfach, go raibh lucht na Páile, mar sin féin, fós achrannach i gcoinne na nGael faoi stiúir Aoidh Uí Néill, cibé bealach ina raibh siad míshásta le Rialtas Shasana.

Mar thoradh ar na teannais siúd, smaoinigh na húdaráis Shasanacha ar lucht Bhaile Átha Cliath mar dhaoine nach bhféadfaidís muinín a bheith acu astu agus bheartaigh siad ar Shasanaigh Phrotastúnacha a spreagadh chun lonnú ann. Ba iad na "Nua-Ghaill" seo croílár an Údaráis Sasanaigh in Éirinn suas go dtí an 19ú haois.

[...]

Baile Átha Cliath san 18ú agus san 19ú hAois[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ó chathair mheánaoiseach go cathair den Ré Sheoirseach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Faoi thús an 18ú haois bhí rialú agus smacht curtha in áit ag na Sasanaigh agus d'fhorchuir siad na Péindlíthe brúidiúlachta ar an bhformhór de mhuintir na hÉireann a bhí ina gCaitlicigh. Bhí ag éirí go maith leis an gCinsealacht Phrotastúnach i mBaile Átha Cliath, áfach, agus tháinig borradh mór faoin gcathair go tapa ón 17ú haois amach. Faoi 1700, bhí an daonáireamh tar éis sárú thar 60,000, rud a d’fhág gurbh í an dara cathair is mó, taobh thiar de Londain, in Impireacht na Breataine. Agus an Reistiréisean faoi lánseol, chuir Ormonde, an Fear Ionaid ar Éirinn ag an am, an chéad bheartas i dtreo cruth nua-aimseartha a chuir ar an gcathair nuair a d’ordaigh sé go raibh ar gach teach ar fad na Life a aghaidh a thabhairt ar an abhainn agus go raibh éadan galánta orthu uile. Ba chodarsnacht mhór í seo leis an tslí ina raibh cúrsaí roimhe sin, nuair a thug tithe na cathrach a gcúl ar an abhainn, agus gur mhinic a úsáideadh í mar chineál ionaid dumpála bruscair.

Teach Powerscourt : (Baile Átha Cliath) áit chónaithe don Viscount Powerscourt. Sna 1980í rinneadh ionad siopadóireachta de. Tabhair faoi deara an tsíleáil den ré Sheoirseach agus an doras taobh istigh den ré Sheoirseach.

Ba le linn an 18ú céad a tógadh cuid mhaith de na foirgnimh ba shuntasaí atá sa chathair agus a leagadh amach roinnt mhaith de na sráid-dreacanna galánta inti chomh maith. Maidir leis an tslí inar leagadh amach na sráideanna ann, ba chathair mheánaoiseach í Baile Átha Cliath dála Pháras ag tús an 18ú haois. Le linn chúrsa an 18ú haois tharla tionscnamh atógála mór ann (dála an tionscnaimh atógála a tharla i bPáras sa 19ú haois), agus rinne an Wide Streets Commission (Coimisiúin na Sráideanna Leithne) a lán de na sráideanna caola a scriosadh chun sráideanna móra den Ré Sheoirseach a chur ina n-ionad. I measc na sráideanna cáiliúla a leagadh amach mar chuid den athdhearadh seo cuimsítear Sráid Sackville (a dtugtar Sráid Uí Chonaill uirthi sa lá atá inniu ann), Sráid an Dáma, Sráid Westmoreland agus Sráid D’Olier, agus tógadh iad go léir i ndiaidh scriosadh agus leagadh sráideanna cúnga meánaoiseacha chun iad a mhalgamú. Leagadh amach cúig chearnóg thábhachtacha den Ré Sheoirseach freisin; Cearnóg Rutland (ar a dtugtar Cearnóg Parnell sa lá atá inniu ann) agus Cearnóg Mhuinseo ar an taobh thuaidh, agus Cearnóg Mhuirfean, Cearnóg Fitzwilliam agus Faiche Stiabhna, atá go léir suite ar an taobh theas d’abhainn na Life. Cé go raibh na hárais chónaithe ba ghustalacha inar chónaigh piaraí ar an taobh thuaidh den chathair ar dtús, in áiteanna leithéidí Shráid Henrietta agus Chearnóg Rutland, mar thoradh ar an gcinneadh a rinne Iarla Chill Dara (an phiara ba mhó a rá in Éirinn, a rinneadh é ina Dhiúca Laighean de ní b’fhaide anonn), teach cathrach nua dó féin, Teach Chill Dara (arna ainmniú Teach Laighean i ndiaidh dó a bheith ina Dhiúca ar Laighin) ar an taobh theas den chathair, tháinig fuadar faoin líon piaraí a bhí ag iarraidh tithe nua a thógáil ar an taobh theas den abhainn, go háirithe ar na trí chearnóg phríomha ann, nó ina dtimpeall.

In 1745 thiomnaigh Jonathan Swift, a bhí ina Dhéan ar Ardeaglais Naomh Pádraig ag an am, a eastát go léir don iarracht ospidéal le haghaidh “gealt agus íorthachán” a bhunadh agus ar an 8 Lúnasa, 1746, rinne Rí Seoirse II Cairt Ríoga a dheonú ar Ospidéal Naomh Pádraig. Mar thoradh ar an taithí a bhí ag Swift ón am a chaith sé ina ghobharnóir ar Ospidéal Bedlam i Londain, bhí sé ar intinn aige gur de réir riachtanais na n-othar, thar aon rud eile, a dhearfaí an t-ospidéal agus d’fhág sé miontreoracha ar an tslí ina gcuirfeadh cóireáil orthu. Ba é an chéad ospidéal síciatrach in Éirinn - tá sé ar cheann de na cinn is sine ar domhain - agus tá sé fós ann, ag déanamh go maith, agus é ar cheann de na hospidéil is mó sa tír chomh maith le bheith an ceann is cuimsithí sa tír.[6]

D’ainneoin an tsofaisticiúlacht ag baint le Ré na hEagnaíochta a bhí le brath i mBaile Átha Cliath i réimsí leithéidí ailtireachta agus ceoil (Taispeánadh an “Messiah” le Handel den chéad uair riamh ar Shráid Sheamlas an Éisc), lean leis an gcuma mí-ghalánta agus garbh a bhí ar Bhaile Átha Cliath sa 18ú haois. Tháinig borradh tapa faoin líon daoine de dheasca an imirce ón tuath go dtí an chathair. Ba i dtuaisceart na cathrach agus ar an taobh iartheas dí a chuir na hinimircigh seo fúthu go príomha. Throid buíonta comhraic ar a tugadh na “Liberty Boys”, fíodóirí Protastúnacha ó na Saoráidí, agus na “Ormonde Boys”, búistéirí ó Mhargadh Ormonde ar an taobh thuaidh, cathanna fíochmhara in aghaidh a chéile.[10] D'uaireanta bhí a lán arm acu agus fuair daoine bás sna hachrainn. Chomh maith leis sin, ba mhinic a bhailigh na sluaite chun agóidí foréigneacha lasmuigh de Pharlaimint na hÉireann nuair a rith na baill reachtanna nach raibh gnaoi an phobail orthu.

Rud eile a d’fhág an imirce seasta ón tuath go dtí Baile Átha Cliath ná gur athraigh an chothromaíocht dhéimeagrafach arís, agus tharla go raibh Caitlicigh ar an móramh ann den athuair san 18ú haois dhéanach.

Éirí amach 1798, an tAontas agus Fuascailt na gCaitliceach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Suas go dtí 1800 bhí Parlaimint na hÉireann suite i mBaile Átha Cliath. Cé gur pharlaimint neamhspleách í, ní raibh inti mar bhaill ach amháin plandóirí nó seanuaslathas Sasanacha ar bhonn eisiach amach is amach. Faoi dheireadh an 18ú haois, tharla gur smaoinigh lucht na Cinsealachta - ar de shliocht coilíneacha Briotanacha den chuid is mó - ar Éirinn mar a thír dhúchais. D’éirigh leis an ‘Pharlaimint Tírghráthóra’ seo níos mó féinriara a bhaint amach di féin as agóid a rinneadh ar a son, agus d'éirigh léi téarmaí trádála níos fearr a shocrú maidir le trádáil leis an mBreatain Mhór agus leis na Coilíneachtaí araon, chomh maith. Timpeall na bliana 1778, cuireadh tús le deireadh a chur leis na Péindlíthe, a ndéantar leithcheal ar Chaitlicigh Rómhánacha in a lán gnéithe den saol, agus aisghaireadh iad de réir a chéile, a bhuí le tacaíocht an lucht liobrálacha, leithéidí Henry Grattan. (Féach Éire 1691-1801)

Dearcadh ar na Tithe Parlaiminte agus ar Fhaiche an Choláiste san 18ú haois

Ach faoi thionchar na Réabhlóidí móra den aois sin, i.e. Réabhlóid na Fraince agus Réabhlóid Mheiriceá, thóg cúpla radacaithe Éireannacha céim ní b’fhaide ná sin nuair a bhunaigh siad na hÉireannaigh Aontaithe agus bunaíocht phoblachta neamhspleáiche neamhsheictí daonlathaí mar chuspóir ag an eagraíocht siúd. I measc cheannasaithe na nÉireannach Aontaithe bhí Napper Tandy, Oliver Bond agus an Tiarna Éadbhard Mac Gearailt. B'as Baile Átha Cliath Wolfe Tone, ceannaire na heagraíochta, freisin. Bheartaigh na hÉireannaigh Aontaithe ar éirí amach ar na sráideanna a chur i gcrích in 1798, ach gabhadh na ceannairí agus forghabh fórsa mór míleata d’Arm na Breataine tamall gar roimh an am cruinnithe a bhí socraithe ag na reibiliúnaigh. Bhí beagáinín troda a tharla ar imeall na cathrach - ag Ráth Fearnáin, mar shampla - ach fágadh an chathair í féin faoi smacht daingean i rith Éirí Amach 1798.

Chuir eachtraí na 1790í aiféaltas ar an gCinsealacht Phrotastúnach agus ar Rialtas na Breataine araon. In 1801, d’fhreagair siad le hAcht an Aontais a rinne comhaontú as Ríocht Éireann agus Ríocht na Breataine Móire i bhfoirm Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Éireann. De réir vóta i bParlaimint na hÉireann, tugadh deireadh den tionól sin agus chaill Baile Átha Cliath an stádas príomhchathrach a bhí aige go dtí an pointe sin.

Bású Roibeaird Emmett

Cé gur lean an chathair ar aghaidh ag fás, d’fhulaing sí maidir le cúrsaí maoine ag an am céanna mar gheall ar an pharlaimint a bheith curtha ar ceal, agus ar bhealach níos dírí ná sin de bharr na cailliúna ioncaim a thagtaí isteach roimhe sin, nuair a tháinig na céadta piaraí agus feisirí, agus na mílte searbhóntaí acu siúd, go dtí an phríomhchathair le haghaidh suití parlaiminte agus shéasúr sóisialta chúirt Chaisleán Bhaile Átha Cliath, araon. Laistigh de thréimhse de chúpla bliain, cuireadh a lán de na tithe móra ba ghalánta ar díol gur mhaoin de chuid piaraí a chaití cuid mhaith den bhliain sa phríomhchathair roimh an Aontas iad, Teach Laighean, Teach Powerscourt agus Teach Aldborough ina measc. Níorbh fhada gur aistrigh roinnt mhaith comharsanachtaí a tógadh i Ré na Seoirseach agus a bhí fíorghalánta, tráth dá raibh, ina slumaí cearta. In 1803, thosaigh Roibeard Emmet, deartháir de cheann de cheannasaithe na nÉireannach Aontaithe éirí amach eile, sa chathair nár mhair ach lá amháin. Cuireadh ceal air gan mórán deacrachta, áfach, agus maidir le hEmmet é féin, crochadh é, tarraingíodh é, agus rinneadh ceathrúna de.

In 1829 d’éirigh leis na Caitlicigh ba shaibhre lánsaoránacht na Ríochta Aontaithe a bhaint amach. Ar shlí éigin, ba de thoradh an chuid agóidíochta a rinne Dónall Ó Conaill é sin. D’eagraigh sé slógaí ollmhóra i mBaile Átha Cliath, agus ar fud na tíre, ar chúis Fhuascailt na gCaitliceach

In 1840, rinne Thomas Drummond, Fo-Rúnaí d’Éirinn den Pháirtí Liobrálach, an tAcht Bardais a rith, gníomh a d’athraigh an rialtas áitiúil in Éirinn go hiomlán. De thoradh na gníomhartha sin, cuireadh deireadh leis an seanchóras saincheadúnais i mBaile Átha Cliath ina dtugadh vóta d’úinéirí maoine Protastúnacha agus do bhaill gild Protastúnacha amháin, agus, ina ionad sin, tugadh an vóta de na húinéirí maoine uile a raibh luach níos airde ná deich bpunt sa bhliain ar an maoin a raibh acu. D’fhág sé sin gur tharla go raibh tromlach ag na Caitlicigh ann ar chóimheas 2 : 1, tar éis bac a bheith curtha orthu dul isteach sa rialtas áitiúil ó na 1690í go dtí sin. De thairbhe an bhua sin, toghadh Dónall Ó Conaill ina Ard-Mhéara den chathair in 1841, sa chéad toghchán a ritheadh faoin gcóras saincheadúnaigh nua.[7]

Dónall Ó Chonaill ag cosaint cearta muintir na hÉireann sna cúirteanna i mBaile Átha Cliath, 4 Feabhra, 1844

Chuaigh Ó Conaill i mbun feachtais eile, nár éirigh leis, chun féinriara reachtacha a athbhunú in Éirinn - “Aisghairm an Aontais”, mar a dtugadh air. D’eagraigh sé slógaí ollmhóra ar a tugadh “Ollchruinnithe” (nó “Monster Meetings” i mBéarla) orthu d’fhonn brú a chur ar rialtas na Breataine chun géilleadh agus Parlaimint na hÉireann, arna gcuireadh críoch leis faoi Acht an Aontais in 1801, a athbhunú. Bhíothas ag súil le slógadh a thionóil i gCluain Tarbh, beagáinín ó thuaidh ón gcathair, mar bhuaicphointe an fheachtais. Roghnaíodh an suíomh sin mar gheall ar an tábhacht shiombalach a bhí inti de bharr Chath Cluain Tarbh a thit amach ann in 1014. Bhíothas ag súil go bhfreastalófaí na mílte daoine ar an gcruinniú sin, ach chuir rialtas na Breataine cosc air agus slógadh trúpaí ann chun na críche sin. Chúlaigh Ó Chonaill agus tháinig scoilt san eagraíocht ar chuir sé ar bhun agus cailleadh an móiminteam a raibh inti.[8]

Déantar Ó Chonaill a chuimhneamh i measc lucht ceardchumannaithe na cathrach ó shin toisc gur ghair sé ar arm na Breataine chun stríoc a chur faoi chois le linn dá thréimhse oifige.

An 19ú hAois Dhéanach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cúinne Ché Éidin agus Dhroichead Uí Chonaill, 1897

Ag teacht sna sála ar an bhFuascailt agus ar an bhforleathnú céimseach ar líon na ndaoine a raibh ceart acu vótáil sa saol polaitíochta Briotanach, d’éirigh le náisiúnaithe Éireannacha (a bhí ina gCaitlicigh den chuid is mó) teacht i gcumhacht sa rialtas cathrach nuair a d’athleasaigh an córas rialtais áitiúil in 1840, agus d’éirigh le Dónall Ó Conaill a bheith ina Mhéara sa chathair - an chéad uair a bhí Méara Caitliceach ann le 150 bliain anuas. De dheasca an borradh a bhí ag teacht faoin saibhreas sa chathair ag an am, chinn a lán de lucht na meánaicme Protastúnaí agus Aontachtaí bogadh amach as an bhfíorchathair chun cur fúthu i mbruachbhailte nua, leithéidí Droichead na Dothra, Ráth Maonais agus Ráth Garbh - ceantair a bhfuil raon den ailtireacht chuanna den Ré Victeoiriach orthu fós sa lá atá inniu ann. Tógadh iarnród nua a chónaisc Baile Átha Cliath le buachbhaile eile den mheánaicme sin, Dún Laoghaire, a athainmníodh Kingstown in 1821.

Faiche Stiabhna sna 1870í

Níor tháinig an réabhlóid thionsclaíoch go Baile Átha Cliath i gceart, cé gur tháinig sí go Béal Feirste sa tuaisceart, agus mar thoradh ar sin, bhí ardráta i gcónaí ar an líon oibrithe neamhoilte a bhí dífhostaithe. Bhí leithéidí ghrúdlann Guinness, dhrioglann Jameson, agus monarcha brioscaí Jacob’s ar na comhlachtaí tionscail a chuir na poist ba sheasmhach ar fáil do mhuintir Bhaile Átha Cliath. D’fhás bruachbhailte ina raibh a lán daoine ón lucht oibre ina gcónaí iontu in aice leis na tionscail seo, leithéidí Chill Mhaighneann agus Inse Chór. D’oibrigh a lán daoine le haghaidh an chórais trambhealach, a raibh comhlacht príobháideach i gceannas air - an Comhlacht Aontaithe Tramanna Bhaile Átha Cliath. Faoi 1900 bhí níos mó daoine ina gcónaí i mBéal Feirste ná mar a bhí i mBaile Átha Cliath, cé gur an mhalairt atá ann sa lá atá inniu ann.

Léarscáil de Bhaile Átha Cliath ó 1837

In 1867, Rinne Bráithreachas Phoblacht na hÉireann, nó na ‘Fínínigh', iarracht éirí amach a chur í gcrích, agus deireadh le riail na mBriotanach mar chuspóir aige. Mar sin féin, ní raibh an t-éirí amach dea-eagraithe agus níor éirigh leo an t-éirí amach a chur ar bun i gceart. Níor tharla aon troid i mBaile Átha Cliath ach amháin i mbruachbhaile amháin - Tamhlacht. Chuaigh cúpla míle Fíníneach (meastar go raibh idir 4,000 is 8,000 fear) ar máirseáil go Cnoc Thamlachta, agus troid cuid dóibh siúd in éadan na bpóilíní i scirmis ghearr ag beairicí Chonstáblacht Ríoga na hÉireann i dTamhlacht. Toisc nach raibh ceannaireacht mhaith acu, nó scéimeanna soiléire ach oiread, bhí orthu scaipeadh tamall beag ina dhiaidh sin, áfach, agus gabhadh cúpla céad dóibh.[9] Níor tháinig an foréigean náisiúnach seo chun deireadh nuair a theip ar an reibiliún seo, áfach. Maraíodh garda nuair a rinneadh iarracht triúr Fíníneach a scaoileadh saor, agus mar thoradh ar sin crochadh triúr Fíníneach. Tionóladh agóidí ollmhóra i mBaile Átha Cliath chun dlúthpháirtíocht leis na triúr a cuireadh chun báis a chur ar taispeáint agus ritheadh Feachtas Maithiúnas ar son na bpríosúnach Fíníneach eile ann chomh maith.[10]

1888 léarscáil Ghearmánach de bhaile átha Cliath

In 1882 d’fheallmharaigh foghrúpa de na Fíníní, a thug an t-ainm na hInvincilbes, nó Invincibles Náisiúnta na hÉireann, orthu féin, beirt bhaill tábhachtacha de chuid údarás na mBreataine le sceana máinliachta i bpáirc an Fhionnuisce, mar fhreagra ar thabhairt i láthair na nAchtanna Comhéignithe i gcoinne Chonradh na Talún, chomh maith leis an eachtra ina mharaigh baill den RIC páistí agus daoine fásta i gContae Mhaigh Eo.[11] Sular i bhfad tugadh na dúnmharuithe i bPáirc an Fhionnuisce ar an eachtra agus cáineadh é go forleathan.

Rinne baill Bhardas Bhaile Átha Cliath líon na toghthóirí a mhéadú ionas go raibh vóta ag gach uile íocóir rátaí sa chathaoir. Cineachadh níos mó cumhachtaí riaracháin don rialtas áitiúil, mar chuid den straitéis pholaitiúil sin a bhí ag an bpáirtí Coimeádach, “deireadh a chur leis an Rialtas Dúchais le cineáltas", nó an iarracht na gearáin a bhí ag náisiúnaigh na hÉireann a shuaimhniú.[12]

Tús an 20ú haois[cuir in eagar | athraigh foinse]

Monto[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cé gur tháinig ídiú suntasach ar Bhaile Átha Cliath i dtéarmaí saibhris agus tábhacht i ndiaidh Acht an Aontais, tharla gur fhás sé go leanúnach i rith an 19ú haois. Faoi 1900, bhí breis is 400,000 sa líon daonra inti. Agus an chathair ag dul i méid, tharla amhlaidh ar líon na bochtaineachta. Cé gur tarraingíodh uirthi mar “dhara cathair na hImpireachta (de chuid na Breataine)”, tharraing an líon fada tionóntán a bhí inti go leor cainte, agus thug scríbhneoirí, James Joyce ina measc, suntas iontu. Tarraingíodh droch-cháil ar limistéar darbh ainm Monto (an limistéar timpeall arbh í an dúiche faoi sholas dearg ab fhairsinge in Impireacht na Breataine, agus an méid beairicí de chuid Arm na Breataine, agus líon fada saighdiúirí dá bharr sin, sa chathair, go sonrach na Beairicí Ríoga (the Royal Barracks) (Collins Barracks níos déanaí agus ceann d’ionaid de chuid Ard-Mhúsaem na hÉireann). Cuireadh deireadh leis an striapachas i Monto sa deireadh i lár na 1920í, tar éis feachtas ina gcoinne a rinne an Léigiún Muire de chuid na hEaglaise Caitlicí, cé go raibh sí lagaithe go suntasach cheanna de dheasca aisghairm na saighdiúirí a tháinig i sála an Chonartha Angla-Éireannaigh (Nollaig 1921) agus bunaíocht Saorstát Éireann (6 Nollaig 1922).

An Frithdhúnadh[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Féach freisin Stailc agus Frithdhúnadh 1913 (Baile Átha Cliath)
    Dealbh de James Larkin ar Shráid Uí Chonaill (Oisín Kelly 1977)
    In 1913, tharla go raibh ceann de na díospóidí oibre ba sheirbhe dár bhfacthas riamh in Éirinn nó sa Bhreatain chomh maith - ar a dtugtar an Frithdhúnadh. Bhunaigh Séamas Ó Lorcáin, ceardchumannaí sindeacáiteach míleatach Ceardchumann Iompair agus Ilsaothair na hÉireann agus rinne sé iarracht feabhsaithe a bhaint amach do mhuintir an lucht oibre, neamhoilte agus oilte araon, ó thaobh pá agus coinníollacha de. Ba iad na modhanna a bhí aige chun dul i ngleic leis na cuspóirí siúd ná an idirbheartaíocht agus, mar ba ghá leis, stailc chomhbhá. Mar thoradh air sin, D’eagraigh William Martin Ó Murchadha, arbh úinéir an Chomhlachta Trama Bhaile Átha Cliath (Dublin Tram Company) é, cairtéal d’fhostóirí ar aontaigh gach ball de go gcaithfidís amach as a bpost na baill uile de chuid an cheardchumainn agus go gcuirfidís iallach ar a n-oibrithe eile a aontú nach rachaidís isteach leis. Dá réir sin, ghair Larkin ar na hoibrithe trama dul amach ar stailc, rud a d’fhág go gcaitheadh amach as a bpost iad, nó gur “fhrithdhúnadh” iad, murar ghlac siad le héirí as an gceardchumann. Tharla go raibh 25,000 oibrithe ar stailc nó frithdhúnta laistigh de mhí amháin de thús na stailce. 

Bhí círéibí duáilceacha i gcoinne Póilíní Chathair Átha Cliath ag na hagóidí le linn na díospóide (ar an 1 Meán Fómhair 2013), agus fágadh triúr marbh agus na céadta gortaithe ina sála siúd. 

Ag an am céanna, bhí na coinníollacha sláintíochta go dona sna tionóntáin. Ar an 2 Meán Fómhair 1913, thit dhá theach go talamh ar Shráid an Teampaill (Church Street), uimhreacha 66 agus 67[13]. Maraíodh seachtar, triúr páistí ina measc. Clampar poiblí an toradh ar an tragóid. Cuireadh feachtas bailiúchán airgid ar bun lena mbailítear £2,000[14], agus bunaíodh Fiosrúchán Tithíochta[15], údaraithe ag Augustine Birrell, Príomhrúnaí na hÉireann.

Sráid an Teampaill inniu

Mhair an t-aighneas ón 26 Lúnasa 1913 go dtí an 18 Eanáir 1914, Mar thoradh air sin, bhunaigh Séamus Ó Conghaile Arm Cathartha na hÉireann chun cosaint ó na póilíní a thabhairt don lucht a raibh ar stailc. Mhair an frithdhúnadh ar feadh sé mhí, agus faoina dheireadh bhí an chuid is mó de na hoibrithe, a raibh teaghlaigh stiúgtha ag a lán dóibh, tar éis éirí as an gceardchumann agus fillte ar ais ag obair.

Deireadh Riail na Breataine[cuir in eagar | athraigh foinse]

In 1914, tar éis gar is trí aois den agóid, bhí an cuma ar an scéal go raibh Éire ar imeall Rialtas Dúchais a bhaint amach di féin, ach, seachas aistriú cumhachta síochánta ó riail dhíreach ón mBreatain go bhféinriar theoranta Éireannach, tharla go raibh beagnach deich mbliana den fhoréigean polaitíochta agus den éagobhsaíocht polaitíochta, rud a d’fhág sa deireadh go cuireadh scoilt i bhfad ní ba iomláine idir an Bhreatain ná mar a bheadh i gceist leis an Rialtas Dúchais. Faoi 1923, ba phríomhchathair Shaorstát Éireann í Baile Átha Cliath, stát a bhí beagnach neamhspleách ar fad, agus a raibh feidhmeannas aige ar 26 as na 32 chontae in Éirinn.

Tabhairt i dtír na ngunnaí i mBinn Éadair 1914[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rinne Aontachtaithe, a bhí suite go dlúth i gCúige Uladh ach go háirithe, ach a raibh líon suntasach dóibh i mBaile Átha Cliath agus ar fud na tíre chomh maith, an t-aistriú go dtí an Rialtas Dúchais a dhíonadh agus bhunaigh siad Óglaigh Uladh - arm príobháideach - chun na críche sin. D'fhreagair na náisiúnaithe le harm dá gcuid féin, Óglaigh na hÉireann, a chur i gcríche chun deimhniú go bhfíorófar an fonn a raibh acu Rialtas Dúchais a bhaint amach in Éirinn. Í mí Aibreán 1914, d’iompórtáil an UVF na mílte arm Gearmánach ar tugadh i dtír sa tuaisceart iad (féach tabhairt i dtír na ngunnaí i Latharna). I mí Iúil, rinne cuid dóibh siúd a bhí in Óglaigh na hÉireann, i dteannta le náisiúnaithe eile nach raibh baint acu leis an eagraíocht sin, iarracht déanamh díreach mar an gcéanna. D’éirigh le criú an Asgard soláthar barrachais raidhfilí agus armlóin Gearmánacha a thabhairt i dtír ar Bhinn Éadair.

Tamall ina dhiaidh don lastas a bheith tugtha i dtír, rinne trúpaí Briotanacha ón reisimint na Scottish Borderers iarracht cuid den lastas a ghabháil, ach níor éirigh leo. Chuir slua mór daoine i mBaile Átha Cliath gáirthe magaidh orthu nuair a d’fhill siad go lár na cathrach.[16] Bhris ciréib amach. Ansin thosaigh na Borderers ag scaoileadh ar Shiúlán Bhaitsiléir agus mharaigh siad triúr. 

Bhí an cuma ar an scéal go raibh Éire ar imeall cogaidh cathartha faoin am a ritheadh an Bille Rialtas Dúchais faoi dheireadh, i mí Mheán Fómhair 1914. Ach cuireadh ar leataobh é de dheasca bhriseadh amach an Chéad Chogadh Domhanda, áfach. Ghair Seán Mac Réamann, ceannaire Pháirtí Parlaiminteach na hÉireann agus a bheadh gan mhoill ina cheannaire de na hÓglaigh Náisiúnta (seachas Óglaigh na hÉireann) ar gach aon náisiúnaí dul isteach le hArm na Breataine. D’fhág sé sin go ndearnadh scoilt san eagraíocht. Chuaigh na mílte Éireannach isteach san Arm (go háirithe ó cheantair inar cónaigh a lán daoine den aicme oibre, ceantair ina raibh ardleibhéal dífhostaíochta ann) agus fuair a lán dóibh siúd bás sa chogadh. Chuaigh an tromlach faoi cheannasaíocht Mhic Réamainn sna hÓglaigh Náisiúnta. D’fhan mionlach míleatach faoin ainm Óglaigh na hÉireann, agus bhí siad siúd ullamh agus sásta troid i gcoinne fhórsaí na Breataine, seachas lena dtaobh, chun neamhspleáchas a bhaint amach d'Éirinn..

Éirí Amach na Cásca, 1916[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sráid Uí Chonaill i ndiaidh Éirí Amach na Cásca, 1916

I mí Aibreáin 1916 ghlac timpeall 1,250 poblachtánach Éireannach faoi stiúir Phádraig Mac Piarais páirt in eachtra i mBaile Átha Cliath ar a dtugtar Éirí Amach na Cásca. Ní Rialtas Dúchais a bhí mar chuspóir ag an Éirí Amach ach bunaíocht Phoblacht na hÉireann. Ba é ceann de na céad-bhearta a rinne na reibliúnaithe ná fógairt go gcuirfeadh an Phoblacht sin i gcrích a thabhairt go poiblí. Is éard a bhí i mballraíocht réabhlóidithe ná baill d'Óglaigh na hÉireann agus baill d'Arm Cathartha na hÉireann, faoi cheannasaíocht Shéamuis Uí Chonghaile agus a raibh i bhfad ní ba lú dá bhaill rannpháirteach san eachtra ná líon na nÓglach ar ghlac pháirt. Ghabh na reibiliúnaithe baill daingne sa chathair, lena n-áirítear na Ceithre Cúirteanna, Faiche Stiabhna, Muilte Uí Bheoláin, Aontas Bhaile Átha Cliath Theas chomh maithe le Monarcha Brioscaí Iacóib, agus rinne siad a gceannceathrú d’fhoirgneamh Ard-Oifig an Phoist ar Shráid Uí Chonaill. Sheas siad an fód ar feadh seachtaine go dtí gurbh éigean dóibh géilleadh do thrúpaí Briotanacha. Thuairgneáil fórsaí na Breataine baill daingne na reibiliúnaithe le gunnaí móra ionas go ngéillfidh siad, agus cuireadh bád gunna darbh ainm an Helga ar seol sa Life chomh maith le gunnaí móra eile a lonnaíodh iad sa Chabrach, i mBaile Phib agus ar Shráid an Phrúis chun na críche sin. Scriosadh cuid mhaith de lár na cathrach mar gheall ar na sliogáin a scaoileadh air agus maraíodh timpeall 450 duine, timpeall leathchuid dóibh siúd a bhí ina saoránaigh, agus gortaíodh timpeall 1,500 duine. Bhí comhrac fíochmhar ar siúl ar thaobh na Canála Móire ar Shráid an Mhóta, suíomh ina ndearnadh luíochán ar thrúpaí Briotanacha agus ina raibh an-chuid taismeach ag an Arm dá bharr sin. Chomh maith leis sin, tharla go raibh ráig shuntasach den chreachadh, den ghoid agus den aindleathachas lenar ransaigh lucht slumaí Bhaile Átha Cliath a lán de na siopaí i lár na cathrach. Ghéill an ceannasaí, Pádraig Mac Piarais, i ndiaidh seachtaine troda ionas nach mbeadh tuilleadh taismeach saoránaigh. I dtosach, ní raibh gnaoi phobail Bhaile Átha Cliath ar an Éirí Amach go ginearálta mar gheall air an méid sin áir agus argana a d’fhágadh ina sála, chomh maith leis an tuairim gur chinneadh easurramach a bhí i gceist an tÉirí Amach a dhéanamh aimsir na Cásca agus mar gheall ar an méid sin daoine i mBaile Átha Cliath a raibh gaolta acu ag troid in Arm na Breataine ag an am, freisin.

Cé go raibh sé éasca go leor d’arm na Breataine an reibiliún a chur faoi chois agus an pobal naimhdeach ina threo ar thús, tharla gur athraigh tuairim an phobail de réir a chéile go dtí go raibh a chuid tacaíochta go diongbháilte leis na reibiliúnaithe, in iarmhairt an Éirí Amach, nuair a chuir arm na Breataine 16 cheannasaí dá gcuid chun báis. I mí na Nollag, 1918, bhain an pháirtí ar ghlac leis na reibiliúnaithe seilbh uirthi, Sinn Féin, tromlach an-mhór de na suíocháin pharlaiminte in Éirinn. Seachas a gcuid suíochán i dTeach na dTeachtaí sa Bhreatain a ghlacadh, chruinnigh siad i dTeach an Ard-Mhéara, Bhaile Átha Cliath agus d’fhógair gurbh í Poblacht na hÉireann an stát agus gurbh iadsan féin, Dáil Éireann (an tionól ar son muintir na hÉireann), parlaimint na tíre.

Cogadh na Saoirse 1919-21[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tharla Cogadh na Saoirse in Éirinn idir 1919 agus 1921 - coinbhleacht treallchogaíochta idir fórsaí na Breataine agus Óglaigh na hÉireann, a bhí atheagraithe faoin am sin agus ar ar tugadh an t-ainm “the Irish Republican Army” (“IRA”) (seachas “the Irish Volunteers”) i mBéarla. [Tugadh “Óglaigh na hÉireann” uirthi go hoifigiúil sa Ghaeilge go fóill.] Chuir aonaid Bhaile Átha Cliath den IRA treallchogaíocht cathrach ar na póilíní agus ar arm na Breataine sa chathair. In 1919, cuireadh tús leis an bhforéigean le feallmharú cigirí de chuid na bpóilíní sa chathair faoi lámha lín bhig fhear de chuid an IRA (ar a tugadh "the Squad” [“an Bhuíon”] uirthi), faoi stiúir Mhíchíl Uí Choileáin. Faoi dheireadh 1920, bhí an feachtas sin tar éis forleathnú go dtí go raibh oibríochtaí i bhfad ní ba dlúithe, lena n-áirítear gnáth-ionsaithe ar thrúpaí na Breataine le gunnaí agus gránáidí. Rinne an tIRA iarracht trí ionsaithe a dhéanamh gach uile lá i mBaile Átha Cliath, bíodh sin le scaoileadh gunnaí nó le pléascadh bambaí. Bhí na hionsaithe ar na patróil Bhriotanacha ag tarlú chomh minic sin gur thug saighdiúirí na Breataine na “Dardanelles” (suíomh an fheachtais míleata in Gallipoli) ar an limistéir timpeall Shráid Camden agus Shráid Aungier (idir na beairicí i bPortobello agus Caisleán Bhaile Átha Cliath).

Dealbh chuimhneacháin Chogadh na Saoirse i mBaile Átha Cliath

Tá líon fada d’eachtraí tragóideacha a tharla sa chathair le linn na coimhlinte, agus tá roinnt mhaith ina measc siúd a choinnítear i gcuimhne i gcónaí. I mí Mheán Fómhair 1920, gabhadh ball den IRA, ógfhear nach raibh ach 18 mbliana d’aois, Kevin Barry, i luíochán ar Shráid an Teampaill ar an taobh thuaidh den cathair, ina maraíodh triúir saighdiúirí Briotanacha. Crochadh Barry as dúnmharú ar 1 Samhain, d’ainneoin an feachtas chun trócaire mar gheall ar cé chomh óg is a bhí sé. Mairtíreacht cháiliúil eile is ea an gunnadóir IRA Seán Treacy, a maraíodh é le linn troda scaoilte gunnaí ar Shráid Thalbóid i mí Dheireadh Fómhair 1920 ag deireadh tóraíocht faidréiseach a cuireadh air. Is maith is minic a bhain na fórsaí Briotanacha díoltas amach, go háirithe na Dúchrónaigh, as gníomhaíochtaí an IRA le gníomhartha brúidiúlachta. Is sampla amháin den bhrúidiúlacht seo é loscadh Bhaile Brigín, beagáinín ó thuaidh ó mBaile Átha Cliath, i mí Mheán Fómhair 1920 agus is sampla eile de é an eachtra ar a dtugtar “na dúnmharuithe i nDroim Conrach” (nó na “Drumcondra murders” i mBéarla) a tharla i mí Feabhra 1921, nuair a mharaigh trúpaí den Roinnt Cúntacha [“Auxiliaries Division”] beirt de chuid an IRA sa bhruachbhaile sin ar an taobh thuaidh den chathair.

Ba é an lá ab fhuiltí i mBaile Átha Cliath sna “Troubles” (mar a tugadh ar an chogadh seo ag an am) ná Domhnach na Fola, an 21 Samhain, 1920, nuair a fheallmharaigh an “Squad” faoi stiúir Mhichíl Uí Choileáin 18 ngníomhairí (an “Cairo gang”) timpeall na cathrach go moch ar maidin. Sa tráthnóna, bhain na fórsaí Briotanacha díoltas amach as sin nuair a scaoil siad gunnaí ar an slua a bhí i bPáirc an Chrócaigh le haghaidh cluiche mór pheile, rud a d’fhág gur maraíodh 14 shaoránach agus gur ngortaíodh 65. San iarnóin, gabhadh triúr gníomhaithe poblachtánacha agus maraíodh iad i gCaisleán Bhaile Átha Cliath.

De bhrí go raibh an foréigean ag éirí níos measa, chuir na trúpaí Briotanacha roinnt mhaith móroibríochtaíi bhfeidhm i mBaile Átha Cliath ionas go n-aimseofar baill den IRA. Ó 15 Eanáir go 17 Eanáir, 1921, chuir siad bac ar na bealaí isteach sa tsionchathair thuaidh ar a dteorannaítear le Sráid Chéipil, Sráid an Teampaill agus Sráid an Rí Thuaidh, gan cead a thabhairt ar aon duine isteach nó amach agus ag dul ó theach go teach ar tóir arm agus amhrastach. I mí Feabhra chuir siad an nós imeachta céanna i bhfeidhm sa cheantar timpeall Chearnóg Mhuinseo agus ina dhiaidh sin sa cheantar timpeall Shráid Chill Dara agus Shráid Nassau. Mar sin féin, níor tháirg na cuirfiúnna mórán torthaí. Rinne an tIRA an oibríocht ba mhó i mBaile Átha Cliaht dá rinneadar le linn an choimhlint ar 25 May, 1921, nuair a dhó siad Teach an Chustaim, ceann de na foirgnimh ab ghalánta i mBaile Átha Cliath, ina raibh ceanncheathrú na rialtas áitiúil in Éirinn lonnaithe. Cuireadh na Briotanacha in iúl faoi gan mhoill, áfach, agus rinne siad fáinne timpeall ar an bhfoirgneamh. Maraíodh cúigear ball de chuid an IRA agus gabhadh 80 san oibríocht sin, a rinne maitheas don IRA ó thaobh na poiblíochta de, cé gurbh uafásach amach is amach é ó thaobh cúrsaí míleata de dóibh.

An Cogadh Cathartha 1922-23[cuir in eagar | athraigh foinse]

Síníodh conradh síochána idir an Bhreatain agus Éire arna dtugadh an Conradh Angla-Éireannach air i ndiaidh sos cogaidh (a fógraíodh ar 11 Iúil, 1921). Sa chonradh sin, cruthaíodh stát féinrialaitheach in Éirinn arna cuimsiú 26 contae, faoin teidil “Saorstát Éireann”. Mar sin féin, rinneadh deireadh le Poblacht na hÉireann leis, rud ar chreid a lán daoine sa ghuaiseacht náisiúnach, agus go háirithe baill an IRA, go raibh siad faoi cheangal miona seasamh leis. Is de dheasca an Chonartha sin a scaoileadh amach an Cogadh Cathartha Éireannach, nuair a chuaigh poblachtaigh dhígeanta chun comhraic i gcoinne iadsan a ghlac leis an gcomhghéill a rinneadar leis an mBreatain. 

Bombardú na gCeithre Cúirteanna le linn an Chogaidh Chathartha

Ghabh fórsaí faoi cheannas Ruairí Uí Chonchúir na Ceithre Cúirteanna agus cúpla foirgnimh eile i mí Aibreáin 1922.

I ndiaidh dhá lae den tuairgneáil a rinne trúpaí an Saorstát (ón 28 - 30 Meitheamh 1922) ghéill na poblachtaigh.

Príomhalt: Cath Átha Cliath

Maraíodh níos mó ná 60 comhraiceoir le linn na troda, an poblachtánach sinsearach Cathal Brugha ina measc. 

Ar an 6 Nollaig 1922, d'fheallmharaigh an tIRA Sean Hales, an feisire, agus é ag imeacht ó dTeach Laighean i lár Bhaile Átha Cliath, chun díoltas a bhaint amach as bású de chuid dá mbaill a bhí ina bpríosúnaigh ag lámha airm an Saorstáit. An lá dár gcionn, cuireadh an ceathrar ceannasaithe poblachtánacha a bhí i gceannas sna Ceithre Cúirteanna (Rúairí Ó Conchúir, Liam Ó Maoilíosa (Liam Mellows), Dick Barret agus Joe McKelvey) mar dhíoltas a bhaint amach as sin. 

Ní raibh mórán trioblóide i mBaile Átha Cliath as sin amach, cé gur lean treallchogaíocht ar aghaidh go tréan timpeall na tíre. Chuir rialtas nua an Saorstáit cosc ar an éirí amach faoi lár an bhliain 1923. I mí Aibreáin, d’ordaigh Proinsias Mac Aodhagáin (Frank Aiken), ceann foirne an IRA, go gcuirfeadh na fórsaí i gcoinne an chonartha a gcuid arm síos agus go n-éireoidís as an troid. D’fhág an cogadh cathartha buanrian searbhais i bpolaitíocht na hÉireann, rud a d’fhág drochbhlas ar an éacht a rinneadh neamhspleáchas a bhaint amach don tír.

Neamhspleáchas[cuir in eagar | athraigh foinse]

Caisleán Bhaile Átha Cliath, suíochán de riail na Breataine go dtí 1922

Rinneadh scrios ceart sa chathair sa tréimhse 1916-1922. Ba í an láthair inar tharla an dianchomhrac ar na sráideanna ar feadh sheachtain an Éirí Amach in 1916 agus arís ina dhiaidh sin nuair a bhris an cogadh cathartha amach in 1922. I measc na taismigh i mBaile Átha Cliath sa tréimhse réabhlóideach ó 1916-1923 áirítear timpeall 1,000 marbh-maraíodh 482 in Éirí Amach 1916,[17] 309 dtaismeach eile a fuair bás i gCogadh na Saoirse 1919-21[18] agus ansin maraíodh timpeall 250 sa chathair sa Chogadh Cathartha a thit amach idir 1922 agus 1923.[19]

Scriosadh roinnt mhaith de na foirgnimh ba ghalánta i mBaile Átha Cliath le linn na tréimhse úd; ní raibh fágtha d’Ard-Oifig an Phoist ach creatlach i ndiaidh an sliogáin san Éirí Amach 1916; dhóigh an IRA Teach an Chustaim ar dhear Gandon é, agus ghabh poblachtánaigh na Ceithre Cúirteanna, foirgneamh eile i measc shárshaothair Ghandon, rud a d’fhág gur mbombardaigh an t-arm ar thaobh an Chonartha é. (Mar fhreagra air sin, rinne na Poblachtánaigh bobghaiste in Oifig Thaifid Phoiblí na hÉireann, agus scriosadh taifid a chuaigh míle bliain siar). Atógadh na foirgnimh siúd ní ba dheireanaí.

Rinne údarás an Stáit nua a dhícheall an Stát a bhunú ar bhonn socair, chomh fada is gurbh fhéidir leo. Roghnaíodh Áras an Leasrí mar áit chónaithe Sheanascal Shaorstát Éireann, áras cónaithe a mbíodh ag an Ard-Leifteanant Briotanach in Éirinn, toisc gur ceapadh gurbh ar cheann den líon beag ionad nach mbeadh sé i gcontúirt ó fheallmharfóirí poblachtánacha. Roghnaíodh seanphálás Dhiúc Laighean, Teach Laighean, mar ionad thionól na parlaiminte ar bhonn sealadach, an áit ina bhfuil sé fós suite. De réir a chéile, le himeacht ama, athóghadh Ard-Oifig an Phoist, Teach an Chustaim agus na Ceithre Cúirteanna, Cé gur moladh a lán mórscéimeanna le haghaidh Baile Átha Cliath, ó thaobh athdearaithe na cathrach de, níor cuireadh aon dóibh siúd i gcríoch sa tréimhse tosaigh sin.

Aimsir na "hÉigeandála"[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí Éire neodrach go hoifigiúil ar fad an Dara Chogaidh Dhomhanda (féach neodrachas na hÉireann i rith an Dara Chogaidh Dhomhanda). Bhí sé chomh neodrach sin nár tugadh “an cogadh” air nuair a thagraíodh air in Éirinn, fiú, ach ina ionad sin, “an Éigeandáil”. Cé gur éirigh le Baile Átha Cliath a bheith fágtha slán ón oll-bhuamáil sa chogadh mar gheall ar neodrachas na hÉireann, rinne aerfhórsa na Gearmáine Baile Átha Cliath a bhuamáil ar 31 Bealtaine, 1941, agus bhuail siad an Trá Thuaidh – ceantar lucht oibre i dtuaisceart lár na cathrach – rud a d’fhág 34 saoránach Éireannacha marbh agus 90 eile gortaithe. Fógraíodh gur tharla an bhuamáil trí thimpiste, cé go raibh tuairim ag a lán daoine gurbh é a bhí i gceist ná díoltas a rinneadh d’aon ghnó as an gcinneadh a rinne de Valera innill dóiteán a chur chuig Béal Feirste chun cúnamh a thabhairt don phobal ann nuair a rinneadh oll-bhuamáil ar an gcathair sin. Bhí faicsean amháin den IRA a bhí ag súil ar leas a bhaint amach as an ndeis a thug an cogadh dóibh as cúnamh a fháil ó na Gearmánaigh chun ionradh a dhéanamh ar Thuaisceart Éireann. I mí Nollag 1939 d’éirigh leo beagnach an chúltaisce uile d’armlón Airm na hÉireann a ghoid nuair a rinne siad creach ar Dhún na hArmlainne i bPáirc na Fionnuisce i mBaile Átha Cliath. Mar fhreagra air sin, d’imtheorannaigh de Valera baill an IRA agus chuir sé roinnt dóibh chun báis. In aimsir an chogaidh forchuireadh ciondáil i mBaile Átha Cliath agus cuireadh borradh ar bhonn sealadach faoi líon na ndaoine sa phobal beag Giúdach mar gheall ar na Giúdaigh a chuir fúthu ann i ndiaidh teite ó géarleanúint faoi lámh na Naitsithe.

Dul i ngleic le fadhb na dtionóntán[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba iad an dá iarracht ab luaithe a rinneadh chun dul i ngleic leis na ceantair fhada fairsinge de slumaí ná bunaíodh an Iveagh Trust in 1891, agus an Dublin Artisan Dwellings Company freisin, ach ní raibh na comhlachtaí sin in ann níos mó ná cúpla míle teaghlach a chuidiú. Ba é príomhfhócas an Rialtais sa tréimhse 1900-1914 ná tógáil 40,000 teachíní do shaothraithe tuaithe. Rinneadh beagáinín pleanála le haghaidh na cathrach sna blianta tosaigh den Saorstát agus ansin cuireadh i gcrích iad tar éis 1932, an bhliain ina tháinig de Valera i gcumhacht. De réir a chéile rinneadh mórathruithe a chur i gcrích a bhuí leis an bhfeabhas a bhí tagtha ar an méid airgid a bhí ar fáil faoin am sin, agus mar gheall ar an pá ní b’ísle de dheasca ar an Spealadh Mór. Cuireadh tús le scéim chun tithe cuibheasach maith a thógáil in ionad tionóntán le haghaidh na mbocht i mBaile Átha Cliath. Thógadh bruachbhailte nua dála Marino agus Cromghlinn ach fágadh na slumaí i lár Bhaile Átha Cliath mar a bhí.

Ní dhearnadh dul chun cinn substaintiúil maidir le scriosadh thionóntáin Bhaile Átha Cliath go dtí na 1960í, nuair a aistríodh na mílte de dhaonna lucht oibre Bhaile Átha Cliath go dtí eastáit tithíochta fho-uirbeacha suite timpeall ar imeall na cathrach. B'ar bhonn measartha ar éirigh leis an scéim seo. Cé gur scriosadh na tionóntáin den chuid is mó, bhí an méid sin práinne ann chun na tithe nua a sholáthar nach ndearnadh mórán pleanála chun na tithe poiblí nua a thógáil. Tharla go raibh daonra ollmór i bpreabadh na súl i gceantair dála Tamhlachta, na Cúlóige agus Bhaile Munna ina raibh an borradh seo dírithe, 50,000 i gcás Thamhlachta, gan aon siopaí, seirbhísí iompair phoiblí nó fostaíocht curtha ar fáil iontu. Dá dheasca sin, fágadh go smaoiníodh go forleathan ar na háiteanna siúd mar láraithe den choiriúlacht, den mhí-úsáid drugaí agus den dhífhostaíocht. Le blianta beaga anuas, tá feabhas tagtha ar na fadhbanna seo a bhuí le teacht an ‘Tíogair Cheiltigh', borradh eacnamaíochta a cuireadh tús leis sna 1990í déanacha. Tá Tamhlacht tar éis athruithe ionas gur ceantar i bhfad níos measctha é ar bhonn sóisialta agus sa lá atá inniu ann tá a lán áiseanna cumarsáide, iompair agus caitheamh aimsire ann. Cúpla bliain ó shin rinneadh blocaí árasáin Bhaile Munna, ceann den líon beag de scéimeanna tithíochta ardstóracha sa chathair, a scartáil agus a athdhearadh.

Ar dóigh íorónta, áfach, i bhfianaise an rathúnais eacnamaíocha atá tar éis teacht in Éirinn, agus an inimirce a tharla dá bharr, tá easpa tithíochta arís eile sa lá atá inniu ann. Tá borradh mór curtha faoin daonra sa chathair de dheasca an méadú atá tagtha ar an líon daoine fostaithe. Mar thoradh ar sin, tá ardú géar tar éis teacht ar phraghsanna cóiríochta, aonaid ar cíos agus aonaid chun díol araon, rud a fágann go bhfuil a lán Bleá Cliagh óga ag fágáil na cathrach chun cóiríocht níos saoire a cheannach i gContae na Mí, i gContae an Lú, i gContae Chill Dara agus i gContae Chill Mhantáin, agus téann siad chun oibre i mBaile Átha Cliath, ag timaistriú ar bhonn laethúil. Deartar go forleathan go bhfuil drochtionchar aige sin ar chaighdeán na beatha sa chathair - agus mar thoradh air tá dianfhadhbanna thráchta, cianchomaitéireacht agus an tsraoilleáin uirbeach tar éis teacht ar an gcathair.

Scrios Bhaile Átha Cliath Sheoirseach sna 1960í[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Féach freisin: Forbairt agus caomhnú an oidhreacht i mBaile Átha Cliath
    Teach den Ré Sheoirseach ar Fhaiche Stiabhna: Teach den Ré Sheoirseach atá fós ina sheasamh ar Fhaiche Stiabhna, idir foirgneamh de Ré Victoria (ar dheis sa phictiúr) agus bloc d'oifigí a tógadh sna 1960í (ar chlé). Tá breis is leathchuid de na foirgnimh den Ré Sheoirseach ar Fhaiche Stiabhna scroiste, agus roinnt mhaith dóibh siúd a scriosadh sna 1950í agus sna 1960í.
    Tháinig foirgnimh agus sráideanna Bhailé Átha Cliath den ré Sheoirseach faoi ionsaí comhbheartaithe ó na 1950í amach mar gheall air an clár tógála a bhí ar mbun ag an am, an clár céanna lena gcuireadh críoch leis na slumaí. Leagadh slaodanna de tithe an 18ú haois, go háirithe i Sráid Fitzwilliam agus ar Fhaiche Stiabhna, chun spás a dhéanamh le haghaidh ceap oifigí fónta agus ranna rialtais. Tharla roinnt mhaith den fhorbairt seo mar thoradh ar an bhfonn a bhí ag amhantraithe agus ag forbróirí réadmhaoine tairiscint airgid a dhéanamh as an margadh tithe agus talún a bhí buacach sna 1960í, sna 1970í deireanacha agus sna 1980í chomh maith. Ba bhaill de lucht tacaíochta an Rialtais iad roinnt mhaith de na daoine a thógáil a lán de na scéimeanna, agus iad ag súil ar bhrabús maith a fháil as foirgnimh a thabhairt de chomhlachtaí Stáit agus Ranna Rialtais chun cíos maith a fháil dóibh. Cruthaíodh gur thug Airí Rialtais ceadúnas do roinnt mhaith foirgneamh agus aitheantas pearsanta acu ar na réalóirí i gceist, agus is minic a bheadh an cinneadh sin chun dochair leasa an cáiníocóra chun an pleanáil ceart nó chun chaomhnú oidhreacht Bhaile Átha Cliath.
    Scriosadh Piléar Nelson ar Shráid Uí Chonaill sa bhliain 1966.

Bhí cothú ón dearcadh polaitíochta náisiúnach a bhí in uachtar in Éirinn ag an am i gceist maidir le roinnt mhaith de na forbartha seo, agus é ar intinn air déanamh glan de na cuimhneacháin ábharacha uile de stair choilíneacha na hÉirinn. Ba shampla antoisceach den chineál smaoinimh seo é scriosadh Philéar Nelson ar Shráid Uí Chonaill in 1966. Bhí an dealbh den aimiréal Briotanach cáiliúil ina sainchomhartha i mBaile Átha Cliath le breis is céad bliain anuas, ach séideadh é le buama beag tamall beag roimh chomóradh caoga bliain Éirí Amach na Cásca.

Sa bhliain 2003, cuireadh Spuaic Bhaile Átha Cliath in áit an Philéir mar sainchomhartha, agus é suite díreach san áit ceannann céanna. Polla miotail barrchaolaithe 120 m ar airde is ea atá le feiceáil ó na mílte i bhfad uaidh, agus é an foirgneamh is airde i lár mBaile Átha Cliath. Cuireadh le chéile é as seacht píosaí ar leith, rud ar baineadh tairbhe as an grús ba mhó a bhí le fáil in Éirinn. Is é an dealbh sráide is airde ar domhan.

Spuaic Bhaile Átha Cliath

[...]

Na Trioblóidí sa Tuaisceart[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chuaigh tionchar na Triobolóidí, coimhlint cathartha a bhí fíochmhar i dTuaisceart Éireann ó 1969 go dtí na 1990í deireanacha, i bhfeidhm ar Bhaile Átha Cliath, uaireanta go mór agus uaireanta eile ní chomh mór sin.

 In 1972, dhó slua feargach Ambasáid na Breataine ar Fhaiche Mhuirfean agus iad ag agóid i gcoinne scaoileadh 13 saoránach i nDoire a rinne trúpaí Briotanacha ar Dhomhnach na Fola (1972).

Mar sin féin, níor tharla go raibh eachtraí foréigin pharaimíleataigh sa chathair go díreach, cé is moite an tréimhse idir na 1970í luath agus na 1970í déanacha nuair ba sprioc é an chathair i gcúpla tograí buamála a d’eagraigh na ndílseoirí. Maraíodh triúr agus gortaíodh 185 i mbuamálacha Bhaile Átha Cliath 1972 agus 1973. Ba é an ionsaí buamála ba mheasa, áfach, ná an ceann a tharla ar Shráid Thalbóid in 1974. Sraith ionsaithe sceimhlitheora ab ea Buamálacha Bhaile Átha Cliath agus Mhuineacháin a tharla ar an 17 Bealtaine, 1974, eachtra a d’fhág go maraíodh 33 duine (26 dóibh i mBaile Átha Cliath), agus go ngortaíodh beagnach 300, an líon taismeacha b’fhada a tharla in aon lá amháin le linn na dTrioblóidí. Cé nár admhaigh aon eagraíocht gurbh iadsan a raibh freagrach as na hionsaithe ag an am, cuireadh an milleán i leith paraimíleataigh Dhílseacha (Fórsa Óglaigh Uladh (Ulster Volunteer Force) ach go háirithe) go fairsing. In 1993 d’admhaigh Fórsa Óglaigh Uladh gurbh iadsan a rinne na hionsaithe. Déantar tuairimíocht go forleathan gur thug baill de chuid fhórsaí slándála na Breataine cuidiú do na buamálaithe.

An Túr Solais i mBaile Átha Cliath, an píosa dealbhóireachta sráide is airde ar domhan

Go luath sna 1970í rinne rialtas na hÉireann an paráid Chásca bhliantúil a chuirtí ar siúl gach bliain go dtí sin chun Éirí Amach 1916 a chomóradh a chur ar ceal agus in 1976 chuir siad ar cosc í, ar eagla go raibh feidhm aici mar uirlis earcaíochta do na paramíleataigh neamhdhleathacha phoblachtánacha. Mar sin féin, rinne an ghluaiseacht phoblachtach shealadach léirsiú a eagrú ina raibh 10,000 duine ann ar Dhomhnach Cásca. Taispeánadh an chontúirt a d’fhéadfadh an IRA Sealadach a thabhairt don Stát cúpla mí níos déanaí nuair a d'fheallmharaigh baill den eagraíocht sin Ambasadóir na Breataine d’Éirinn, Christopher Ewart-Biggs, in aice lena theach in Áth an Ghainimh i ndeisceart Bhaile Átha Cliath.[20]

Athghiniúint Bhaile Átha Cliath[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ó bhí na 1980í ann, tá i bhfad níos mó tuisceana ag lucht pleanála Bhaile Átha Cliath faoin ngá atá ann oidhreacht ailtireachta Bhaile Átha Cliath a chaomhnú. Tá orduithe buanchoimeádta curtha ar fhoirgnimh sa chuid is mó de na ceantair den ré Sheoirseach. 

Tá an tuiscint nua le brath i bhforbairt den cheantar darb ainm Barra an Teampaill, an t-aon cheantar de Bhaile Átha Cliath a bhfuil an plean sráideanna ó na meánaoiseanna fós ann. Sna 1970í cheannaigh Córas Iompair Éireann (CIÉ), cuideachta iompair an Stáit, a lán de na tithe sa cheantar, d’fhonn busáras mór lárnach nua-aimseartha agus ionad siopadóireachta ceangailte leis a thógáil ar an suíomh. B’ealaíontóirí a bhí ina gcónaí sna foirgnimh den chuid is mó, áfach, agus mar thoradh air sin, spreag an ceantar ina ‘cheathrú cultúrtha’ a ndearnadh comparáid le Bruach Clé Pháras air. Rinneadh éilimh go gcaomhnófar é de bharr an beocht a bhí sa cheantar. 

Faoi na 1980idí deireanacha, bhí an plean le haghaidh an bhusárais caite san aer agus ina ionad cuireadh máistirphlean in áit chun Barra an Teampaill a chaomhnú mar chroíbhloc cultúrtha Bhaile Átha Cliath, agus tugadh tacaíocht mhórscála ón rialtas don mháistirphlean seo. 

Tá an próiseas sin tar éis éirí leis ar bhealach measartha. Chomh fada is atá an plean sráideanna ó na meánaoiseanna fós ann, tá costas na gcíosanna tar éis ardú as cuimse, agus chuir sé sin ar na healaíontóirí go mbeadh orthu aistriú go háit éigin eile. Ina n-ionad tá bialanna agus barranna tar éis lonnú ann a tharraingíonn na mílte turasóir ach gur minic a cháintear iad mar gheall ar an tslí ina bhfuil an tráchtálaíocht i bhfeidhm go hiomarcach agus an tslí ina bhfuil iomarca óil alcóil ann. Rud eile a tharla sna 1980í deireanacha ná gur rinneadh Sráideanna Grafton agus Anraí a choinneáil do choisithe amháin.

An Fhadhb le Drugaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sna 1970í deireanacha, sna 80í agus sna 90í, fulaingíodh a lán daoine i gceantair lucht na haicme oibre i mBaile Átha Cliath mar gheall ar bhabhta suntasach d'andúile i ndrugaí agus an choir a bhíonn gaolmhair leis sin. Rinne cur i láthair den druga hearóin san ionchathair sna 1970í deireanacha borradh a chur faoi na fadhbanna sóisialta a théann leis an dífhostaíocht, an drochthithíocht agus an mbochtaineacht. B'fhadhbanna dúbailte iad siúd. Den chéad dul síos, d’fhág an andúil hearóin go raibh babhta mionchoir, leithéidí mugáilí, robáil agus na handúiligh ag iarraidh airgead a ghnóthú le haghaidh a gcéad “steall” eile. 

D’fhág sé sin gurbh bheag go bhféadfaí don duine nach raibh tógtha leis maireachtáil sna ceantair a bhí buailte leis an andúil sin. Ina dteannta sin, sa deireadh fuair a lán de na handúiligh bás le SEIF agus le heipitíteas mar thoradh ar roinnte snáthaidí. Ina dhiaidh sin, tháinig sindeacáití den choireacht eagraithe sa chathair chun tosaigh, agus mar thoradh air sin agus ar an bhforéigin a raibh bainteach leo, dúnmharaíodh a lán daoine. An dúnmharú a bhfuil an droch-cháil is mó air ná dúnmharú an iriseora Veronica Guerin in 1996, a maraigh coirpigh a raibh mionscrúdú á dhéanamh aici fúthu do nuachtán Domhnaigh í.

D’éirigh gluaiseacht frithdhrugaí amach go fairsing mar thoradh ar fhadhb na ndrugaí, an ceann is mó aithne air ná Concerned Parents Against Drugs, gníomhaíocht a tháinig buaicphointe air sna meán-1990í, agus a chuir a mbaill iallach ar mhangairí drugaí bailiú leo as na comharsanachtaí seo acusan. Cuireadh ina leith gurbh fhorairdeallaithe iad na feachtasóirí, nó gur ghluaiseacht faoi smacht Shinn Féin agus an IRA Sealadach, cé gur tugadh aighneas go bríomhar i leith na líomhna.

Cé go raibh srianta de chineál éigin curtha ar fhadhb na ndrugaí crua faoin am tháinig an cúlú eacnamaíochta in 2008, as cúrsaí meatadóin a bheith curtha ar fáil d’andúiligh chomh maith le níos mó seansanna do dhaoine óga go n-éireodh leo, is fadhb í a bhfuil fós ann ná baol air. Ó mhí Eanáir 2011, is fadhbanna móra iad andúil hearóin agus an easpa dídine in ionchathair Bhaile Átha Cliath.

Inimirce[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is cathair í Baile Átha Cliath as ar imíodh a lán daoine ar imirce, go hiondúil, mar thoradh ar ardráta dífhostaíochta agus ardráta beireatais a bheith ann, rud a d’fhág gurbh éigean de chuid mhaith dá muintir Éire a fhágáil chun cónaí i dtíortha eile, go háirithe sa Bhreatain agus sna Stáit Aontaithe

Tháinig líon fada daoine ó thuatha na hÉireann as 1700 amach, freisin. Mar sin féin, tá an próiseas sin tar éis mhalartú ó bhonn le cúig bliana déag anuas, agus inimircigh á mealladh ó gach cearn den chruinne de dheasca an borradh atá tar éis teacht faoi gheilleagar na hÉireann

Tá an grúpa d'imircigh Éireannach atá tar éis filleadh go hÉirinn ar an ceann is mó de na hinimircigh, ach ina theannta sin tá a lán inimircigh ó náisiúnaithe eile. Sa lá atá inniu ann tá pobail mór go leor de dhaoine ón tSín, ón Nígir, ón mBrasaíl, ón Rúis, ón Rómáin chomh maith le a lán tíortha eile - go háirithe ón Afraic agus ón oirthear na hEorpa - i mBaile Átha Cliath. I ndiaidh aontachais de roinnt mhaith tíortha in oirthear na hEorpa leis an Aontas Eorpach in 2004, tá muintir Oirthear na hEorpa ar an ngrúpa d’inimircigh is mó i mBaile Átha Cliath sa lá atá inniu ann. Is í an Pholainn an tír as ar tháinig níos mó daoine ná aon tír eile, agus breis is 150,000 Polannaigh óga tar éis teacht go hÉirinn as 2004 deireanach amach; tá an chuid is mó de na daoine sin lonnaithe i mBaile Átha Cliath agus ina dtimpeallacht.[21]

Tagairtí ó Annálacha Ríoghachta Éireann[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • 765 – "Coscradh Átha Cliath ria Ciannachtaibh Breagh for h-Ua Tégh, & ár mór for Laighnibh, & dna ro báidheadh sochaidhe do Ciannachtaibh i l-lán mara oc tionntudh."
  • 787 – "S. Mael Ruain, epscop Tamlachta Maoil Ruain, d'écc an 7 lá Iul."

Nótaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • ^a Dublin City Council & its Millennium 
  • ^b Peritia: Journal of the Mediæval Academy of Ireland Volume 5 (1986) The Slave Trade of Dublin, Ninth to Twelfth Centuries - Poul Holm 
  • ^c Dublin's Tram system was discontinued in the 1950s and its tracks taken up. However, in the early 2000s, a new tram system called the Luas was installed at great expense. It was opened in 2004.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Fords & Black Pools – History of Dublin – Dublin History and Heritage" Curtha i gcartlann 2012-03-14 ar an Wayback Machine. Dublinks.com. Retrieved 16 November 2012.
  2. Rev. J. Ryan, Pre-Norman Dublin; JRSAI 1949, p.64.
  3. Ranelagh, John O'Beirne (2001). A Short History of Ireland. Cambridge University Press. p. 31. ISBN 0-521-46944-9.
  4. Collin, James, Life in Old Dublin, James Duffy and Co., Dublin, 1913. Chapters of Dublin History Curtha i gcartlann 2020-10-14 ar an Wayback Machine
  5. Dublin Historical Record vol.46 (1993) pp.5–14.
  6. American Journal of Psychiatry, November 1998
  7. Loyal Dublin – The Dublin Protestant Operative Association, The Irish Story
  8. Patrick Geoghegan, Liberator, The Life and Death of Daniel O'Connell, 1830–1847, p163
  9. theirishstory.com. "Today in Irish History –The Fenian Rebellion, March 5, 1867 – The Irish Story" (en-GB). Dáta rochtana: 2021-07-21.
  10. Published January 8, 2013 in Revolutionary History (2013-01-08). "The Great Amnesty Campaign of 1869 • Irish history podcast" (en-US). Irish history podcast. Dáta rochtana: 2021-07-21.
  11. theIrisHstory.com. "The Invincibles and the Phoenix Park killings – The Irish Story" (en-GB). Dáta rochtana: 2021-07-21.
  12. Beckett, J C (1966). The Making of Modern Ireland 1603–1923. London: Faber & Faber. p. 406. ISBN 0-571-09267-5.
  13. "The Church Street disaster, September 1913" (en-US). History Ireland (2013-03-05). Dáta rochtana: 2018-09-01.
  14. ucd.ie (2016). "Decade-of-Centenaries". Dáta rochtana: 2 M.F. 2018.
  15. James Curry. "Column: ‘A tragedy of the very poor’ – Remembering the 1913 Church Street disaster" (en). TheJournal.ie. Dáta rochtana: 2018-09-01.
  16. Turtle Bunbury. "DEATH ON BACHELOR’S WALK". www.turtlebunbury.com. Dáta rochtana: 2020-07-26.
  17. Eunan O'Halpin, Counting Terror, in (David Fitzpatrick Ed.) Terror in Ireland, p150
  18. O'Halpin, Terror in Ireland, p152
  19. John Dorney Casualties of the Civil War in Dublin The Irish Story
  20. Dr Mark McCarthy (2013-01-28). "Ireland's 1916 Rising: Explorations of History-Making, Commemoration & Heritage in Modern Times" (as en). Ashgate Publishing, Ltd.. 
  21. A. S. "Polish migrants post-crisis in Ireland: is there no place like home?" (en). Cafébabel. Dáta rochtana: 2021-07-21.