Tomás Mac Gearailt, 10ú hIarla Chill Dara

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Tomás an tSíoda)
Tomás Mac Gearailt, 10ú hIarla Chill Dara
Thomas FitzGerald, 10th Earl of Kildare.jpg
Iarla Chill Dara

1534 - 1537
Saol
Eolas breitheÉire, 1513
NáisiúntachtÉire
BásTyburn, 1537
Cúis bháis (crochadh, tarraingíodh, dícheannadh, agus rinneadh ceathrúna de/di)
Muintir
AthairGearóid Óg Mac Gearailt
MáthairElizabeth Zouche
Céile/CéilíFrances Fortescue (en) Aistrigh
Siblíní
TreibhRishliocht Mhic Gearailt
Gairm
Gairmréabhlóidí

Duine uasal mór le rá i stair na hÉireann sa 16ú haois ab ea Tomás Mac Gearailt, 10ú hIarla Chill Dara (1513–1537), agus Tomás an tSíoda mar leasainm air i nGaeilge. Mac le Gearóid Óg Mac Gearailt a bhí ann, d’éirigh sé amach in aghaidh na Corónach sa bhliain 1534.

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chaith Tomás Mac Gearailt cuid mhaith dá luath-shaol thall in Sasana. Cé gur chol ceathracha iad a mháthair Elizabeth Zouch agus Rí Anraí VII, ba bheag an mhaith é sin chun an caidreamh corrach idir Anraí agus na Gearaltaigh a leigheas. Nuair a ordaíodh dá athair Gearóid Óg dul go Londain chun dul os comhair an Rí, ceapadh Tomás ina Leas-Ionadaí san idirlinn.

Gríosaíodh chun gnímh é i mí an Mheithimh na bliana 1534 nuair a chuala sé ráflaí gur básaíodh a athair i dTúr Londan agus go mbeadh an pionós céanna i ndán dó féin agus do dheartháireacha a athar. Chuaigh sé chun Baile Átha Cliath agus céad is daichead marcach leis a raibh frainse síoda ar a gclogaid, rud a d’fhág “Tomás an tSíoda” air mar leasainm. Thionóil Tomás an Chomhairle i Mainistir Mhuire ar an 11 Meitheamh agus thréig a dhílseacht don Rí.

D’ionsaigh sé Caisleán Bhaile Átha Cliath ach cloíodh a saighdiúirí gan mórán stró. Maraíodh an tArdeaspag John Alen, fear a bhí ag iarraidh comhréiteach a dhéanamh, i gCluain Tarbh, rud a tharraing fearg na hEaglaise ar Thomás. Deir seantraidisiún gur bhain na dúnmharfóirí, John Teeling and Nicholas Wafer, ciall chontráilte as ordú a thug Tomás i nGaeilge go dtabharfaí Alen as.

Bhí sláinte a athar ag dul chun donais i ngéibheann agus cailleadh é ar an 2 Deireadh Fómhair. Ní bhfuair Tomás aitheantas ón Rí mar an Iarla nua. Ruaigeadh as Baile Átha Cliath é go dtí a dhaingean féin i gCaisleán Mhaigh Nuad. Ba ghearr gur ghabh arm Sasanach faoi cheannas Sir William Skeffington an áit i Mí Mhárta 1535. Ghéill an garastún ach cuireadh gach duine acu chun báis. Tugadh "Pardún Mhaigh Nuad" ar an eachtra úd.

Ba léir anois nach bhfaigheadh Tomás an chabhair a raibh sé ag súil léi, go háirithe ó Chaitlicigh arbh fhuath leo beartas reiligiúnda Anraí VIII, toisc nár coinnealbhádh Anraí go dtí 1538.

I Mí Iúil 1535 tháinig an Tiarna Leonard Grey i dtír in Éirinn mar Fhear Ionaid. Ós rud é go raibh drochbhail ar arm Thomáis agus go raibh a chomhghuaillithe ag géilleadh de réir a chéile, d'iarr sé pardún ar an Tiarna Grey. Bhí Tomás láidir fós agus is beag fonn a bhí ar Grey an cogadh a choinneáil ar siúl. D'áitigh sé ar Thomás géilleadh gan choinníoll don Rí agus tugadh Tomás go Londain i Mí Dheireadh Fómhair 1535. Básaíodh é féin agus cúigear dá uncailí ar an 3 Feabhra 1537 ag Tyburn.

D'fhág éirí amach Thomás an tSíoda a rian ar aigne an Rí. Thug Anraí VIII aird nua ar chúrsaí na hÉireann, rud a raibh a rian le haithint ar bhunú Ríocht na hÉireann sa bhliain 1542. Cuireadh srianta le cumhacht na bhFear Ionaid agus cuireadh "géilleadh agus athbhronnadh" ar bun mar bheartas.