Eacnamaíocht na hÉireann

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Fiach na hÉireann i gcomparáid le fiach léir an AE, mar chéatadán na OTI
Fiach na hÉireann i gcomparáid le fiach léir an AE, mar chéatadán den OTI

Éire ina ball den Aontas Eorpach agus den limistéar euro. Is tír ag cleachtadh 'comórtais chánach' í Éire; tá ceann de na hualaí cánaí is ísle san AE aici. Tá a pá íosta i measc na gceann is airde san Aontas Eorpach, é ag €8.65 in aghaidh na huaire. Baineann Éire leas mór as infheistíocht eachtrach, go h-áirithe as Stáit Aontaithe Mheiriceá, agus tá mórán gnólachtaí ríomhaireachta idirnáisiúnta a dhéanann cuid dá ngníomhaíochtaí in Éirinn. Tá an tionscal airgeadais (go háirithe cistí frithpháirteacha) an-fhorbaithe; tá sé ó roinnt blianta ar cheann de na inneall gluaiste is mó fáis in Éirinn, agus meastar gurb é 60,000 é líon na bpostanna a chruthaíonn sé in Éirinn go díreach agus go hindíreach. Tá na postanna seo le fáil den chuid is mó i gcomharsanacht gnó Bhaile Átha Cliath, an LSAI (Lárionad Seirbhísí Airgeadais Idirnáisiúnta). I gcomparáid le méid mór an tionscail seo i dtéarmaí luach airgeadais, ní fhostaíonn an tionscal airgeadais ach beag duine: sa bhliain 2002, níor fhostaigh sí ach 29% den daonra gníomhach, ach chuir sé 46% ar an OTI náisiúnta. Dá réir sin, tá postanna sa tionscal airgeadais níos fearr íoctha tríd is tríd ná an meán; don leith eile, tá tionscail mar an talmhaíocht agus an próiseáil bia nach bhfuil luach airgeadais chomh mór acu, ach a fhostaíonn níos mó daoine i bpostanna atá níos measa íoctha i gcomparáid.[1]

I Mí na Márta 2019, bhí ráta dífhostaithe na hÉireann ar 5.4%, an 14ú figiúr is fearr as 28 tír an Aontais Eorpaigh.[2] Dar le hInnéacs Forbartha Daonna Socraithe don Éagothroime na Náisiún Aontaithe, is an 11ú tír is forbartha ar domhan í Éire, as 151 ceann a thomhaiseadh, agus mar sin an séú tír is forbartha san Aontas Eorpach.[3]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. https://www.economist.com/news/finance-and-economics/21720313-tale-two-economies-irelands-food-industries-would-be-worst-hit-hard
  2. "Unemployment statistics - Statistics Explained". ec.europa.eu. Dáta rochtana: 2019-01-26.
  3. "| Human Development Reports". hdr.undp.org. Dáta rochtana: 2019-01-27.