Geilleagar na hÉireann

Tá Éire ina ball den Aontas Eorpach agus den limistéar euro. Ag an am céanna, tá geilleagar na hÉireann ag brath ar infheistíocht ó chomhlachtaí ilnáisiúnta as na Stáit Aontaithe le fada.[1]
Dálaí maireachtála
[cuir in eagar | athraigh foinse]I Mí Eanáir 2020, bhí ráta dífhostaithe na hÉireann ag 4.8%, an 12ú figiúr is fearr as 27 tír an Aontais Eorpaigh.[2] Dar le hInnéacs Forbartha Daonna Socraithe don Éagothroime 2019 na Náisiún Aontaithe, is an 9ú tír is forbartha ar domhan í Éire, as 150 ceann a thomhaiseadh, agus mar sin an cúigiú tír is forbartha san Aontas Eorpach.[3] I dTuarascáil Sonais Domhanda 2018 na Náisiún Aontaithe, meastar gurb í Éire an 14ú tír is sona, as 156 tír.
Tá a pá íosta i measc na gceann is airde san Aontas Eorpach, é ag €10.10 in aghaidh na huaire, mar a bhí i Mí na Márta 2020.[4]
Infheistíocht dhíreach choigríche
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá eacnamaíocht na hÉireann ag brath go mór ar infheistíocht ó thar lear, infheistíocht dhíreach choigríche [FDI]. Baineann Éire leas mór as infheistíocht eachtrach, go háirithe as Stáit Aontaithe Mheiriceá, agus tá mórán gnólachtaí ríomhaireachta agus comhlachtaí cógaisíochta idirnáisiúnta a dhéanann cuid dá ngníomhaíochtaí in Éirinn.
Tá os cionn 300,000 duine fostaithe ag comhlachtaí eachtrannacha, an chuid is mó díobh, comhlachtaí Meiriceánacha. Sin deich faoin gcéad den daonra oibre fostaithe go díreach de bharr FDI, mar aon le dúbailt an líon sin go hindíreach ag comhlachtaí a fhreastalaíonn ar riachtanais na gcomhlachtaí móra.[5]
Ba é T.K. Whitaker a mhol polasaí an FDI thiar sna caogaidí.
Cáin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá cáin chorparáide an-íseal in Éirinn, ag 15%, a mhealann comhlachtaí domhanda móra isteach. Is pointe conspóide é an Cháin Chorporáide íseal ach deir an ESRI go bhfuil ról tábhachtach ag an ioncam ón gcáin sin san Airgeadas Poiblí agus go mbeidh torthaí dona ann má chailltear é.[6]
Tionscal airgeadais
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá an tionscal airgeadais (go háirithe cistí frithpháirteacha) an-fhorbartha; tá sé ó roinnt blianta ar cheann de na inneall gluaiste is mó fáis in Éirinn, agus meastar gurb é 60,000 é líon na bpostanna a chruthaíonn sé in Éirinn go díreach agus go hindíreach. Tá na postanna seo le fáil den chuid is mó i gcomharsanacht gnó Bhaile Átha Cliath, an LSAI (Lárionad Seirbhísí Airgeadais Idirnáisiúnta). I gcomparáid le méid mór an tionscail seo i dtéarmaí luach airgeadais, ní fhostaíonn an tionscal airgeadais ach beag duine: sa bhliain 2002, níor fhostaigh sí ach 29% den daonra gníomhach, ach chuir sé 46% ar an OTI náisiúnta. Dá réir sin, tá postanna sa tionscal airgeadais níos fearr íoctha tríd is tríd ná an meán; don leith eile, tá tionscail mar an talmhaíocht agus an próiseáil bia nach bhfuil luach airgeadais chomh mór acu, ach a fhostaíonn níos mó daoine i bpostanna atá níos measa íoctha i gcomparáid.[7]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Nuacht RTÉ (2025-03-25). "Cúrsaí trádála pléite ag an Tánaiste le Howard Lutnick" (as ga-IE).
- ↑ "Unemployment statistics - Statistics Explained". ec.europa.eu. Dáta rochtana: 2019-01-26.
- ↑ "Human Development Report 2019 - Overview". Dáta rochtana: 15-03-2020.
- ↑ Citizensinformation.ie. "Íosrátaí pá" (ga). www.citizensinformation.ie. Dáta rochtana: 2020-03-15.
- ↑ Eoin Ó Murchú (2 Nollaig 2024). "Má dhéanann Trump beart de réir a bhriathar beidh muintir na hÉireann thíos leis" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-12-02.
- ↑ Conradh na Gaeilge Londain (29 Márta 2025). "Nuacht Mhall (Tiobraid Árann)" (ga-IE). Apple Podcasts. Dáta rochtana: 2025-03-29.
- ↑ "Ireland’s food industries would be worst hit by a hard Brexit". The Economist. Dáta rochtana: 2024-12-02.