Eacnamaíocht na Sláinte in Éirinn

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is éard atá i gceist le hEacnamaíocht na Sláinte in Éirinn ná cúrsaí maoinithe sláinte mar atá ar oileán na hÉireann. Is córas casta é córas sláinte na hÉireann, ceann a bhfuil rannóga poiblí agus príobháideacha ann atá fite fuaite lena chéile.

An córas sa Phoblacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá díreach os cionn trian den phobal i dteideal cúram sláinte saor in aisce, a ndéantar é a thástáil ó thaobh acmhainne, a fháil ón stát.

Tá an chuid eile i dteideal seirbhísí othar cónaitheacha nó seachtracha saor in aisce a fháil ach ní cúram príomhúil, dochtúirí teaghlaigh, ná drugaí ar oideas.

Tá isteach is amach le 40% den phobal faoi chlúdach árachais shláinte phríobháidigh. Na fáthanna a gceannaíonn daoine árachas ná go meastar fáil níos sciobtha a bheith ar sheirbhísí, agus tuairim go bhfuil fáil ar sheirbhísí níos fearr sa tslí seo.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Acht Sláinte 1947[cuir in eagar | athraigh foinse]

Thóg an rialtas Fianna Fáil an tAcht Sláinte 1947[1] isteach tar éis dóibh Páipéar Bán a ullmhú. Ach níor thóg siad an tríú chuid den Páipéar isteach roimh an olltoghchán sa bhliain 1948.

Lucht taistil, 1946, Máthair agus Leanbh

Nollaig de Brún[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ceapadh Aire Sláinte nua, an Dr Nollaig de Brún, sóisialach, ar 18 Feabhra 1948 Bhí drugaí nua ar fáil (vacsaín BCG agus an phenicillin, mar shampla). Bhí na drugaí nua ábalta galair éagsúla a leigheas, rud a bhí do-dhéanta roimhe sin. Chuir de Brún scéim scagthastála don eitinn ar bun a bhí saor in aisce don phobal. Dhíol sé acmhainní na roinne chun íoc as a fheachtas, a d'ísligh go mór ráta na heitinne in Éirinn.

Thaitin an tAcht Sláinte 1947 le de Brún. Rinne sé iarracht cuid III den Páipéar Bán a chur i bhfeidhm, a d'éirigh an Scéim Mháthar agus Linbh níos déanaí. Chuirfeadh an scéim cúram sláinte saor in aisce ar fáil, coincheap radacach ag an am. Ach chuir an Eaglais agus na dochtúirí in aghaidh na scéime. Níor thacaigh na hairí rialtais eile le de Brún. Bhí easaontas sa Chlann maidir leis an scéim freisin - bhí an Eaglais go mór in éadan na scéime agus níor thacaigh Seán Mac Giolla Bhríde le de Brún.

D'éirigh de Brún as an rialtas agus as an gClann sa bhliain ar an 11 Aibreán 1951 nuair nár thacaigh an rialtas leis an Scéim Máthar agus Linbh.

VHI Healthcare logo.svg.png

Acht Sláinte 1953 agus Árachas Sláinte Saorálach 1957[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cé gur theip ar de Brún leis an Scéim Mháthar agus Linbh, chuir an chéad rialtas eile (rialtas Fhianna Fáil) roinnt de na polasaithe céanna i bhfeidhm. Ar 29 Deireadh Fómhair 1953, ritheadh an tAcht Sláinte in Éirinn.[2] D'éirigh an tsláinte saor in aisce, réabhlóid ag an am. Ach bunchúram amháin a bhí i gceist. Tháiing an ASS (Árachas Sláinte Saorálach) nó VHI isteach sa bhliain 1957, agus cúram sláinte dhá leibhéal.

1980idí ar aghaidh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí infheistiú íseal agus ciorruithe móra i rith an chúlaithe geilleagraí sna 1980dí.

Bhíodh monaplacht ag an VHI bord árachais shláinte, a bhí státmhaoinithe. Osclaíodh an margadh árachais shláinte sa bhliain 1996 agus tháinig BUPA isteach ann ina dhiaidh sin. Bunaíodh córas árachais shláinte ar na prionsabail seo; dlúthpháirtíocht idir glúnta faoi árachas trí ghrádú comphobal, liostáil oscailte, clúdach saoil, agus comhionannú riosca.

Timpeall ar an mbliain 2000 chaith Éire tuairim is 8.5% den OTN ar shláinte, beagán os cionn mheán an Aontais Eorpaigh.

Tháinig méadú suntasach ar an gcaiteachas sláinte thart faoin mbliain 2000 agus an daonra ag dul in aois. Ag an am céanna, bhí an rialtas ag déanamh iarracht leigheas a chur ar liostaí fada feithimh agus feitheamh do dhochtúirí comhairleacha agus do mháinliacht.

Tuaisceart Éireann[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ó thuaidh tá clúdach uilíoch ann agus scarúint idir an ceannaitheoir agus an soláthróir, ach cosúlachtaí eatarthau seachas sin.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Office of the Houses of the Oireachtas House Services Directorate Bills Office. "AN tACHT SLÁINTE, 1947" (ga). www.acts.ie. Dáta rochtana: 2022-10-29.
  2. Tithe an Oireachtais (1952-12-11). "An tAcht Sláinte, 1953 – Uimh. 26 de 1953 – Tithe an Oireachtais" (ga). www.oireachtas.ie. Dáta rochtana: 2022-10-29.

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • The Encyclopaedia of Ireland – Meán Fómhair 1, 2003, Brian Lalor (Eag)