Jump to content

Cúram sláinte in Éirinn

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
cúram sláinte, % olltáirgeacht intíre de réir tíre, 2022

Is éard atá i gceist le cúram sláinte in Éirinn[1] ná sláinte an phobail agus na seirbhísí sláinte atá ar fáil in Éirinn.

Ó thaobh rátaí báis agus ionchas saoil, tá Éire i measc na dtíortha is fearr ar domhan.[2] In 2023, ba é 82.6 bliain an t-ionchas saoil in Éirinn.[3][4][5]

Ar an 5 Iúil 1948 bunaíodh an NHS sa Bhreatain, agus ar an lá céanna, seirbhís sláinte i Tuaisceart Éireann (Sláinte agus Cúram Sóisialta Thuaisceart Éireann). Nuair a rinneadh iarracht an córas céanna a bhunú ó dheas i ndeireadh na 1940dí, chuir gairm na míochaine agus an Eaglais Chaitliceach ina choinne.

Ar 29 Deireadh Fómhair 1953, ritheadh an tAcht Sláinte in Éirinn.[6] D'éirigh an tsláinte saor in aisce, réabhlóid ag an am. Ach bunchúram amháin a bhí i gceist. Bhí ar mhórchuid na ndaoine íoc as seirbhísí dochtuirí teaghlaigh i gcónaí. Tháinig an ASS (Árachas Sláinte Saorálach) nó VHI isteach sa bhliain 1957, agus cúram sláinte dhá leibhéal.

Sa 20ú haois, bhí caiteachas in aghaidh an duine níos airde ó Thuaidh ná mar a bhí ó Dheas ach tháinig athrú ar an scéal de réir a chéile. Bunaíodh Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte sa bhliain 2005.

Seirbhís otharchairr i mBÁC
An Roinn Sláinte
Savita Halappanavar
an Ghníomhaireacht Sláinte Poiblí

Bainistíocht na seirbhíse sláinte

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Mar atá ó thuaidh is é an rialtas a mhaoiníonn cuid mhór de na seirbhísí sláinte. Agus an pobal ag dul i méid agus ag dul in aois, deirtear uaireanta nach bhfuil an córas sláinte ábalta freastal ar an éileamh atá air.

Tá deacrachtaí ann pearsanra cáilithe a aimsiú agus greim a choimeád orthu; bíonn coinníollacha oibre, traenála agus pá thar sáile níos fearr, a deirtear.

Bítear ag maíomh go bhfuil córas dhá leibhéal ann. Tá suas is anuas le 40% den phobal faoi chlúdach árachais shláinte phríobháidigh. Déantar fóirdheonú cánach ar na híocaíochtaí seo agus laghdú ar chostas sna hotharlanna poiblí.

Príomhchúiseanna an bháis ná galar croí agus ailse. Tá fadhb na hotrachta ag dul i méid agus Éire ar na tíortha is measa ó thaobh róraimhreachta ar domhan. Ach nuair a iarrtar ar mhuintir na hÉireann cén caighdeán sláinte atá acu, is nós leo leibhéil níos ísle tinnis a thuairisciú thar mar a dhéantar áiteanna eile sna Eoraip.

Is cúiseanna báis eile iad an féinmharú agus básanna i dtimpistí bóithre a mbíonn an rialtas agus an pobal ag iarraidh dul i ngleic leo.

Chaith isteach is amach le 20% den phobal toitíní timpeall ar 2010, figiúr a laghdaigh tar éis cosc ar chaitheamh i dtithe tábhairne agus clubanna oíche sa bhliain 2004, agus a raibh súil ann go dtitfidh sé tuilleadh. níl ach galar amháin, galar croí, a mharaíonn níos mó daoine ná an ailse

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. i mBearla, Healthcare in the Republic of Ireland
  2. Tuarascáil Bhliantúil agus Ráitis Airgeadais, FSS, 2015
  3. Cathal Mac Coille (5 Feabhra 2022). "Ní léir fós go bhfuil polaiteoirí toilteanach labhairt go macánta faoi phinsin" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-03-12.
  4. oecd.org (2024). "Health at a glance in Europe". 
  5. "Ireland’s life expectancy at birth rises to 82.6 years as Europe bounces back from pandemic" (en). Irish Independent (2025-01-14). Dáta rochtana: 2025-03-12.
  6. Tithe an Oireachtais (1952-12-11). "An tAcht Sláinte, 1953 – Uimh. 26 de 1953 – Tithe an Oireachtais" (ga). www.oireachtas.ie. Dáta rochtana: 2022-10-29.