Seirbhísí Sláinte na hÉireann

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is éard atá i gceist le Seirbhísí Sláinte na hÉireann ná na seirbhísí sláinte atá ar fáil do Phoblacht na hÉireann. Tá fréamhacha roinnte acu sna forbairtí leighis agus na sláinte poiblí mar a tháinig siad chun cinn sa 19ú céad. Tar éis 1920 thosaigh an dá chóras ag bogadh óna chéile. Sa bhliain 1948 bunaíodh seirbhís náisiúnta sláinte i Tuaisceart Éireann a bunaíodh ar phrionsabail mar atá ag an NHS sa Ríocht Aontaithe. Is é an t-ainm atá ar an eagraíocht i dTuaisceart Éireann ná Sláinte agus Cúram Sóisialta Thuaisceart Éireann. Tá eagrúchán na heagraíochta cosúil go leor leis an NHS, ach go n-áirítear leas sóisialach agus seirbhísí cosanta leanaí mar chuid de.

Nuair a rinneadh iarracht macasamhail an chórais a bhunú ó dheas go deireanach san 1940dí chuir gairm na míochaine agus an Eaglais Chaitliceach ina choinne. An rud a baineadh amach ar deireadh ná fáil ar sheirbhísí otharlainne nó speisialtóirí ar chostas íseal nó saor ó chostas ar fad ach go raibh ar mhórchuid na ndaoine íoc as seirbhísí dochtuirí teaghlaigh. Mar atá ó thuaidh is an rialtas lánach a mhaoiníonn seirbhísí sláinte. Bhí caiteachas in aghaidh an daonra níos airde ó thuaidh ná mar a bhi ó dheas agus rinneadh cáineadh ag deireadh na 1990dí go raibh líon na leapacha agus na speisialtoirí íseal. Bunaíodh Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte sa bhliain 2005. Amach sna 2000dí dúradh go raibh deacracht ann foireann cháilithe a aimsiú agus a choinneáil toisc imeacht dochtúirí thar sáile áit a raibh coinníollacha oibre, traenála agus pá níos fearr, mar a dúradh. Thart ar an am céanna bhí suas is anuas le 40% den phobal faoi chlúdach árachais shláinte phríobháidigh. Déantar fóirdheonú cánach ar na híocaíochtaí seo agus laghdú ar chostas sna hotharlanna poiblí. Bítear ag maíomh go bhfuil córas dhá leibhéal ann agus bhí deacracht ann idir lárnú seirbhísí speisialtóirí agus fáil ar sheirbhísí go háitiúil.

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • The Encyclopaedia of Ireland – Meán Fómhair 1, 2003, Brian Lalor (Eag)