Sláinte agus Cúram Sóisialta Thuaisceart Éireann
Sonraí | |
---|---|
Ainm gearr | HSC agus Health and Social Care |
Cineál | córas sláinte |
Rialachas corparáideach | |
Máthaireagraíocht | An Roinn Sláinte |
Cuid de | An tSeirbhís Náisiúnta Sláinte |
Suíomh gréasáin | online.hscni.net |
Is é Sláinte agus Cúram Sóisialta Thuaisceart Éireann (SCSTÉ)[1][2] an t-ainm atá ar an eagraíocht atá freagrach as seirbhísí sláinte agus cúram sóisialta i dTuaisceart Éireann. Tá eagrúchán na heagraíochta cosúil go leor leis an NHS, ach go n-áirítear leas sóisialach agus seirbhísí cosanta leanaí mar chuid de. Bhí buiséad £3.9bn ag an eagraíocht sa bhliain 2010.
Comhthéacs
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá dúshláin mhóra amach roimh an SCSTÉ:[3]
• Tá an daonra i dTuaisceart Éireann ag fás agus ag dul in aois.
• Tá na riochtaí sláinte fadtéarmacha ag éirí níos coitianta agus níos costasaí.
• Déadú ar éileamh agus barraíocht spleáchais ar leapacha sna hospidéil
• Deacrachtaí a bhaineann le lucht saothair cliniciúil
• Gá le tuilleadh táirgiúlachta agus luach ar airgead
Fostaíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá an córas Sláinte agus Cúram Sóisialta ag brath go hiomlán ar a fhoireann ó mhionlaigh eitneacha. Ritheann na hiontaobhais sláinte feachtas earcaíochta thar lear i ngeall ar an nganntanas foirne baile.[4]
Tá oibrithe cúram sláinte as India, as na Filipíní, daoine ón tSúdáin agus eachtrannaigh eile mar chloch choirnéil ag an tseirbhís sláinte sa Tuaisceart. I measc na réigiún san India a bhfuil spéis ar leith ag SCSTÉ ann tá Kerala mar a bhfuil coláistí leighis ar ardchaighdeán; tháinig lear mór oibrithe as an stát sin anoir.[4]
I mí Lúnasa 2024, tharla círéibeacha ciníocha i mBéal Feirste agus áiteacha eile sa Tuaisceart. Tá Ospidéal na Cathrach i mBéal Feirste buailte le Sandy Row agus Bóthar Dhún na nGall, an chomharsanacht inar bhris na círéibeacha amach.[5] Cháin eagraíochtaí na n-oibrithe sláinte (nó NICON, scátheagraíocht na seirbhíse) na hionsaithe ar lucht gnó.[4]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Seirbhísí Sláinte ar Oileán na hÉireann
- Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (an HSE sa Phoblacht)
- Sláinte in Éirinn
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ i mBéarla, Health and Social Care (Northern Ireland) nó HSCNI
- ↑ "hscni.net". web.archive.org (2024-08-06). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2024-08-06. Dáta rochtana: 2024-08-11.
- ↑ ccea.org.uk (2018). "SLÁINTE & CÚRAM SÓISIALTA GCE - ÚSÁIDEOIRÍ FÁSTA SEIRBHÍSÍ". Dáta rochtana: 2014.
- ↑ 4.0 4.1 4.2 Póilín Ní Chiaráin (11 Lúnasa 2024). "Contúirt don tsochaí ar fad is ea an foréigean ciníoch seo" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-08-11.
- ↑ Loisceadh siopaí agus rinneadh iarracht a n-úinéirí a ionsaí mar gur inimircigh neamhgheala iad, Moslamaigh