Longa Skuldelev
Baineann longa Skuldelev (longa Uigingeacha) leis an aonú haois déag, nuair a d'fhág na Danmhargaigh roinnt constaicí i bhFiord Roskilde chun an phríomhchathair, Roskilde, a chosaint ar thaobh na farraige di. Scuitleáladh cúig long i gcaolas Peberrende in aice le Skuldelev, timpeall fiche ciliméadar taobh thuaidh de Roskilde. Baineadh aníos iad sa bhliain 1962. Cuireadh leatháin iarainn ina dtimpeall, taoscadh an t-uisce agus tógadh na longa amach ina mílte blúire, obair a thóg os cionn ceithre mhí. Ansin rinneadh na blúirí a chaomhnú agus a chur i dtoll a chéile, agus fuarthas neart eolais ar shaoirseacht bád agus long i ré na nUigingeach dá bharr.[1] Síleadh ar dtús go raibh long bhreise (Skuldelev 4) ann ach fuarthas amach nach raibh inti ach cuid de cheann de na longa eile.
I lár na nóchaídí bhí Iarsmalann Roskilde á méadú chun go bhfágfaí longa Skuldelev ann. Ag baint na cré dóibh i bhFómhar na bliana 1996 tháinig an lucht tógála ar iarsmaí long eile. Bhain cuid de na longa sin leis na meánaoiseanna ach bhí long chogaidh Uigingeach ina measc. Tugadh Roskilde 6 uirthi, agus bhí sí timpeall 36 méadar ar fad – an long Uigingeach is faide a fuarthas riamh. Thaispeáin an deindreacroineolaíocht go ndearnadh í timpeall na bliana 1025, agus socraíodh go gcuirfí í ar taispeáint in éineacht le longa Skuldelev.[2]
Na longa
[cuir in eagar | athraigh foinse]Skuldelev 1
[cuir in eagar | athraigh foinse]Long thrádála. B’fhéidir gur chnarr í. Rinneadh í de chláir ghiúise ag Sognefjord in iarthar na hIorua, agus deisíodh go minic í le hadhmad darach ó Fhiord Osló agus ó oirthear na Danmhairge. Bhí deic thosaigh agus deic thiar aici agus broinn oscailte ina lár. Bheadh idir triúr agus ochtar foirne aici, agus bheadh sí in ann an tAtlantach Thuaidh a shiúl. Bheadh meánshiúl idir cúig agus seacht muirmhíle fúithi agus í ag imeacht le cóir. Thóg Iarsmalann na Long Uigingeach Ottar mar mhacasamhail de Skuldelev 1.
- Adhmad: giúis, dair, teile
- Fad: 15.84 méadar
- Leithead: 4.8 méadar
- Snámh: méadar amháin
- Toillíocht: 20 tonna
- Rámha: 2-4
- Foireann: 6-8
- Méid an tseoil: 90 m2
- Meánluas: 5-7 muirmhíle
- Barrluas: c.13 muirmhíle
- Dátú: c. 1030 AD
- Áit tógála: Iarthar na hIorua
- Iarsmaí: 60%[3]
Skuldelev 2
[cuir in eagar | athraigh foinse]Long chogaidh ar skeid í, b'fhéidir. Bhíodh seasca fear ar a laghad ar bord, rud a fhágann gur long taoisigh í. Rinneadh d’adhmad darach í, agus taispeáin dátú fáinní crainn gur tógadh an long i aice le Baile Átha Cliath timpeall na bliana 1042. Bhí cruth fada caol ar an long agus bheadh luas mór fúithi dá bharr. Rinneadh macasamhail di, Havhingsten fra Glendalough (Stail Mhara Ghleann dá Loch), long atá in ann barrluas 12 muirmhíle a bhaint amach faoi sheol.
- Adhmad: dair
- Fad: timpeall 30 méadar
- Leithead: 3.8 méadar
- Snámh: méadar amháin
- Toillíocht: 26 tonna (le trealamh iomlán)
- Rámha: 60
- Foireann: 65-70
- Méid an tseoil: 112 m2
- Meánluas: 6-8 muirmhíle
- Barrluas: 13-17 muirmhíle
- Dátú: 1042 AD
- Áit tógála: Baile Átha Cliath
- Iarsmaí: timpeall 25%[4]
Skuldelev 3
[cuir in eagar | athraigh foinse]Long bheag ghreanta thrádála agus iompair ar byrding í, b’fhéidir. Rinneadh d’adhmad darach Danmhargach í. Bhí deic de chláir scaoilte aici sa chuid tosaigh agus thiar, agus broinn oscilte ina lár a dtoillfeadh lasta timpeall ceithre thonna inti. Bhí sí an-oiriúnach don Mhuir Bhailt agus do chósta na Danmhairge. Tógadh an long Roar Ege mar mhacasamhail di.
- Adhmad: dair
- Fad: 14 30 méadar
- Leithead: 3.3 méadar
- Snámh: 0.9 amháin
- Toillíocht: 9.6 tonna
- Lasta: 4.6 tonna
- Rámha: 5
- Foireann: 5-8
- Méid an tseoil: 45 m2
- Meánluas: 4-5 muirmhíle
- Barrluas: 8-10 muirmhíle
- Dátú: 1040 AD
- Áit tógála: An Danmhairg
- Iarsmaí: timpeall 75%[5]
Skuldelev 5
[cuir in eagar | athraigh foinse]Long bheag chogaidh ar snekke í, b’fhéidir, agus cuid adhmad inti a baineadh as longa eile. Bhí trí phéire dhéag buillí aici, rud a fhágann gur bhain sí leis na 13-sessers, na longa fada ba lú toirt. Tá blúirí den raca sciath ar an stráca uachtair, agus tá maisiúchán snoite le feiceáil ar an séú stráca ar an taobh clé thiar. Bhí sí an-oiriúnach don Mhuir Bhailt agus do chósta na Danmhairge. Tógadh an long Helge Ask mar mhacasamhail di.
- Adhmad: dair, giúis, fuinseog agus fearnóg
- Fad: 17.3 méadar
- Leithead: 2.5 méadar
- Snámh: 0.6 amháin
- Toillíocht: 7.8 tonna
- Rámha: 26
- Foireann: timpeall 30
- Méid an tseoil: 46 m2
- Meánluas: 6-7 muirmhíle
- Barrluas: timpeall 15 muirmhíle
- Dátú: 1030 AD
- Áit tógála: An Danmhairg
- Iarsmaí: timpeall 50%[6]
Skuldelev 6
[cuir in eagar | athraigh foinse]Long a tógadh, is dócha, le haghaidh iascaireachta agus seilg míolta móra nó rónta. Rinneadh í as cláir ghiúise in aice le Sognefjord san Iorua. Cuireadh clár breise léi chun cuidiú léi iasc, earraí nó daoine a iompar. Baineadh cuid de na seanleapacha iomartha di uair éigin, rud a d’fhág níos lú buillí aici. Rinneadh a tóin a dheisiú le cláir dharach. Tógadh an long Kraka Fyr mar mhacasamhail di.
- Adhmad: dair, giúis, beith
- Fad: 11.2 méadar
- Leithead: 2.5 méadar
- Snámh: 0.5 amháin
- Toillíocht: 3 tonna
- Rámha: 14
- Foireann: 5-15
- Méid an tseoil: 26.5 m2
- Meánluas: 4-5 muirmhíle
- Barrluas: 9-12 muirmhíle
- Dátú: 1030 AD
- Áit tógála: Iarthar na hIorua
- Iarsmaí: timpeall 70%[7]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2013-06-07. Dáta rochtana: 2013-05-14.
- ↑ "BBC - History - Ancient History in depth: Viking Dig Reports" (en-GB). www.bbc.co.uk. Dáta rochtana: 2021-09-26.
- ↑ "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2014-03-02. Dáta rochtana: 2013-05-14.
- ↑ http://www.vikingeskibsmuseet.dk/en/exhibitions/the-skuldelev-ships/skuldelev-2/
- ↑ "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2013-08-13. Dáta rochtana: 2013-05-14.
- ↑ "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2013-08-13. Dáta rochtana: 2013-05-14.
- ↑ "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2013-08-13. Dáta rochtana: 2013-05-14.