Sléacht Shiúlán Bhaitsiléir
| ||||
Cineál | eirleach | |||
---|---|---|---|---|
Cuid de | tabhairt i dtír na ngunnaí i mBinn Éadair | |||
Dáta na bliana | 26 Iúil 1914 | |||
Suíomh | Baile Átha Cliath, Éire | |||
Tír | Éire | |||
Líon básanna | 4 | |||
Líon gortaithe | 30 | |||
Déantóir na coire | King's Own Scottish Borderers (en) | |||
Ar an 26 Iúil 1914, maraíodh triúr sibhialtach in achrann idir trúpaí an rialtais agus slua a bhí tar éis bailiú le chéile ar Shiúlán Bhaitsiléir, i mBaile Átha Cliath.[1]
Cúlra
[cuir in eagar | athraigh foinse]Idir an 3 Iúil agus an 26 Iúil 1914, seoladh bád seoil, an tAscar, ón mBreatain Bheag chun airm a bhailiú sa Ghearmáin. Tháinig an bád beag i dtír i mBinn Éadair ar 26 Iúil, timpeall 1pm. D'éirigh Óglaigh na hÉireann an lastas a choinneáil slán in ainneoin póilíní agus Arm na Breataine a bheith ag faire orthu (fuair siad 19 raidhfil i ndeireadh an lae).[2]
Níos deireanaí sa lá, timpeall 4pm, rinne trúpaí Briotanacha ón reisimint na King’s Own Scottish Borderers iarracht cuid den lastas a ghabháil i mBinn Éadair, ach níor éirigh leo.
Imeachtaí
[cuir in eagar | athraigh foinse]D’fhill na Borders go lár na cathrach. Agus iad ag filleadh ar ais go dtí a mbeairicí, tháinig cuid de na saighdiúirí trí Shiúlán Bhaitsiléir. Bhris ciréib amach timpeall 6pm.[3]
Bhí an slua ag déanamh ceap magaidh de na saighdiúirí faoin tslí ar dteip orthu ina n-iarracht na hairm a urghabháil. Thosaigh an slua ag caitheamh cloch srl agus gortaíodh cuid de na saighdiúirí Briotanacha.
Timpeall 7pm, scaoil gasra de na Scottish Borderers faoi shlua a bhí ag fonóid orthu.[4] Maraíodh triúr ar an toirt – Mrs Duffy, James Brennan agus Patrick Quinn – agus gortaíodh ocht nduine is tríocha. Fuair fear amháin bás níos déanaí ó chréachtaí a fuair sé ó bheaignit.
Iarmhairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí uafás agus alltacht ar an bpobal ar fud na hÉireann mar gheall ar an eachtra sin agus na daoine a maraíodh nó a gortaíodh ann.[5]
I gcoimisiún fiosrúchán a thionóladh ina dhiaidh, cáineadh an cinneadh a rinneadh go ngairfí an t-arm amach.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Ard-Mhúsaem na hÉireann. "1914: Amlíne Eachtraí" (ga). National Museum of Ireland. Dáta rochtana: 2020-07-26.
- ↑ centenaries.ucd.ie (COBAC) (2016). "DEICH mBLIANA na gCUIMHNEACHÁN". Dáta rochtana: 2020.
- ↑ Turtle Bunbury. "DEATH ON BACHELOR’S WALK". www.turtlebunbury.com. Dáta rochtana: 2020-07-26.
- ↑ "decade of centenaries". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-07-26.
- ↑ Irish Independent, 29 July 1914