James Napper Tandy

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
James Napper Tandy

Réabhlóidí Éireannach, agus ball de chuid na nÉireannach Aontaithe ab ea James Napper Tandy (timpeall 1739 - 24 Lúnasa 1803). 

Gníomhaíochas Polaitiúil[cuir in eagar | athraigh foinse]

Protastúnach as Baile Átha Cliath[1] agus mac iarnmhangaire a bhí i dTandy, agus baisteadh é faoin ainm 'James Naper Tandy’ in Eaglais San Audeon ar an 16 Feabhra 1739.[2] D’fhreastail sé ar an scoil chónaithe cháiliúil sin de chuid Chumann na gCarad i mBéal Átha an Tuair, i ndeisceart Chill Dara, scoil ar ar fhreastail Edmund Burke, a bhí ocht mbliana ní ba shine, freisin. Ina dhiaidh sin, chuir sé faoi ina ghairm mar mhioncheardaí i lár na cathrach i mBaile Átha Cliath. In 1765, bhí sé ina bhardach eaglaise in Eaglais san Audeon, agus in eaglais áitiúil eile (seans gurbh Eaglais Naomh Bríd nó Eaglais Naomh Eoin a bhí i gceist) ina ndearna sé cloigín eaglaise nua a raibh a ainm sínte air a choimisiúnú. Tá an cloigín sin ar taispeáint ar urlár Eaglais Naomh Werburgh ó bhí 1946 ann.

Taobh istigh d'Eaglais Naomh Werburgh. Tá an Cloigín Napper Tandy le feiceáil ann.

Thug sé aghaidh ar ghairm sa pholaitíocht agus toghadh é ina bhall de chuid Bhardas Bhaile Átha Cliath agus é ina ionadaí do Ghild na gCeannaithe. Tugadh gnaoi na ndaoine air as cáineadh a rinne sé ar an éilitheacht bhardasach agus as an togra a mhol sé baghcat a dhéanamh ar earraí Sasanacha mar fhreagra ar na teorannacha a chuir an Rialtas ar an gcumarsáid in Éirinn.

I mí Aibreáin 1780, caitheadh Tandy amach as Óglaigh Bhaile Átha Cliath toisc gur mhol sé go ndíbreofar Diúc Laighean. Bhí sé ar cheann de na baill ab fheiceálaí sa pháirtí polaitíochta beag, a raibh daoine as aicme na siopadóirí inti den chuid is mó, a bhunaigh buanchoiste i Mí an Mheithimh 1784 chun suaitheadh a dhéanamh chun leasaithe a bhaint amach, agus a ghair ar thionól chomhdhála ina mbaileodh toscairí ó gach cearn den tír. Tionóladh an coinbhinsiún sin i mí Dheireadh Fómhair 1784.

In 1785, d’éirigh le Tandy agus John Binns a chur ina luí ar Bhardas Bhaile Átha Cliath go rithfí rún ina lochtófar na rúin leasaithe tráchtála a rinne Pitt. Rinneadh ina bhall é den Chumann Fuigeanna a bhunaigh Henry Grattan, ach chuaigh sé leis an gcraobh radacach de agus ghlac sé páirt ghníomhach i mbunadh Chumann na nÉireannach Aontaithe le Wolf Tone in 1791, agus ba eisean an chéad duine a ceapadh ina rúnaí den eagraíocht sin.

Díríodh aird na n-údarás air de bharr na barúla a bhí aige, a raibh tionchar Réabhlóid na Fraince le brath go soiléir iontu. Briogadh é chun dúshlán a thabhairt do Tholer, an tArd-Aighne ar Éirinn, chun comhraic aonair a throid, nuair a chuir Toler in iúl gur dhrochdhuine a bhí i dTandy ar bhonn pearsanta. D’fhéach Teach na dTeachtaí air sin mar shárú pribhléide Feisire, agus eisíodh barántas gabhála air, rud a d’éirigh leis a éalú go dtí gur tháinig a bhailíocht chun críoch nuair a tháinig an Téarma Parlaiminte chun deiridh. Leis sin thionscnaimh sé imeachtaí in aghaidh Fhear Ionaid an Rí as an mbarántas gabhála a eisiúint; cé nár éirigh leis an gcaingean dlí seo, chuir sé borradh faoin ngnaoi a raibh air, agus rinne Cumann na nÉireannach Aontaithe na costais a bhí i gceist leis sin a íoc.

James Napper Tandy, Lifford Jail[3]

Leagadh amach réabhlóide agus é ar deoraíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí bá le muintir Réabhlóid na Fraince ag fás agus ag leathadh go forleathan agus go tapa in Éirinn ag an am. Rinneadh cinneadh óráid chomhgairdis a thabhairt do náisiún na bhFrancach i mí Iúil 1791 nuair a vótáil timpeall 6,000 duine i gcruinniú i mBéal Feirste. An bhliain dár gcionn, ghlac Tandy páirt ceannródaíochta i mbunaíocht de chumann míleata nua in Éirinn, bunaithe ar mhúnla an Gharda Náisiúnta sa Fhrainc; ghlac siad le prionsabail phoblachtacha agus chaith siad feisteas ar a raibh caipín Frigiach (nó caipín na saoirse) ar taispeáint ar barr na cruite Gaelaí, seachas an choróin. Chomh maith leis sin, thug Tandy mionn na gCosantóirí, cumann Caitliceach Rómhánach a raibh borradh ag teacht faoin bhforéigean arúlachta agus polaitíochta a rinne siad le blianta beaga anuas ag an am, ionas go dtiocfadh an eagraíocht sin le chéile leis na hÉireannaigh Aontaithe.

JAMES NAPPER TANDY, ó BARRINGTON (1833) p1.261

Nuair a fuair na húdaráis amach gur thóg sé mionn na gCosantóirí, cuireadh an dlí air as paimfléad ceannairceach a thabhairt amach i gContae Lú. Is iomaí uair a d’aistrigh sé a sheoladh ina dhiaidh sin, chun ionchúiseamh, chomh maith le leabhal, a éalú; i measc cuid de na seoltaí inar chuir sé faoi ag an am, áirítear: 16 Sráid Dorset in 1779, 21 Margadh an Arbhair go dtí 1783, 180 Sráid na Mainistreach go dtí 1785, 67 Sráid Bhríde go dtí 1786, 97 Sráid Bhríde go dtí 1788, agus d’fhill sé go 57 Sráid Bhríde ó 1789 go dtí 1795, an bhliain a theith sé go dtí na Stáit Aontaithe, inar fhan sé go dtí 1798. Chuaigh sé go Páras i mí Feabhra 1798, áit ina raibh scata teifeach Éireannach ag bailiú, agus Wolfe Tone an phearsa ba mhó le rá ina measc, chun éirí amach in Éirinn agus ionradh Francach a phleanáil. Bhí siad in adharca a chéile ag an am céanna maidir le teaicticí, faraor.[4]

Filleadh go hÉirinn[cuir in eagar | athraigh foinse]

Nuair a thairg rialtas na Fraince coirbhéad dó, an Anacreon, ghlac sé leis, agus sheol sé ó Dhunkirk i dteannta scata maith d’Éireannaigh Aontaithe, fórsa beag saighdiúirí agus lasta réasúnta maith arm agus armlóin le bheith tugtha amach in Éirinn. Tháinig sé i dtír ar Árainn Mhór, oileán in aice le cósta Chontae Dhún na nGall, ar an 16 Meán Fómhair 1798.

Eaglais Naomh Werburgh (1740) agus cloigín tiomnaithe do James Napper Tandy (1798)

Dúiche faoi líon beag daoine a bhí ann, áfach, mar sin féin, agus ní raibh mórán suime ann sa turas taiscéalaíochta. D’fhorghabh Tandy an sráidbhaile Inis Mhic an Doirn, chuir sé bratach na hÉireann in airde ann agus d’eisigh sé forógra; ach sular i bhfad d’éirigh sé soiléir nach raibh aon dóchas ann go n-éireodh leo nuair a fuair sé amach gur dtreascair Humbert agus gur cuireadh Connachta faoi smacht Sasanach. Chuir Tandy a shoitheach ar ais ar seol timpeall thuaisceart na hAlban chun cabhlach na Breataine a sheachaint. Tar éis dó long Bhriotanach a ghabháil, thóg sé leis í agus shrohic sé Bergen go slán sábháilte agus í faoina stiúir. Leis sin lean Tandy ar aghdigh go dtí an saorphort in Hamburg agus timpeall trí nó ceithre chéad príosúnach ina theannta leis - áit inar tháinig sé ar oifigeach Briotanach ar thug sé rabhadh dó dul i bhfolach chun dubh a chur ar na hoibreáin Francacha.[5] Ach glacadh le héileamh tiarnasach go ngaálfar na teifigh d’ainneoin cuntar-bhagairt a tháinig ó Dhíreachtóireacht na Fraince. In 1799 tugadh Tandy agus cuid dá gcomhghleacaithe go Sasana ar bord an HMS Xenophon (Xeineafón), faoi stiúir Cheannasaí George Sayer, agus iad gafa mar phríosúnaigh stáit.[6]

Deoraíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naomh Audeon, BÁC

Cuireadh Tandy ar a thriail i mBaile Átha Cliath ar an 12 Feabhra 1800, ach éigiontaíodh é. D’fhan sé i ngéibheann i bPríosún Leifir i gContae Dhún na nGall[7] go dtí mí Aibreáin 1801, agus cuireadh ar thriail é ansin as an bhforghabháil mhídhleathach a rinne sé ar Inis Mhic an Doirn. Phléadáil sé ciontach agus cuireadh pianbhreith bháis air; tugadh faoiseamh ó bhreith bháis dó agus tugadh cead dó teitheadh go dtí an Fhrainc.

Seans gurbh de bharr an cheist faoin tslí inar thug údaráis Hamburg do na Sasanaigh é agus an t-amhras ar ghníomh dleathach a bhí i gceist nó nach raibh, a tugadh an trócaire seo dó. Ina theannta sin, rinne Napoléon idirghabháil ar a shon agus deirtear fiú gur choinníoll de Chonradh Amiens ab ea scaoileadh Tandy.

Leach chuimhneacháin dhátheangach do Napper Tandy

D’ainneoin na drochnósanna agus na laigí uile a bhí aige, agus an easpa cumais a bhí aige chomh maith, níl aon údar ann a mheas gur dhuine mímhacánta nó gur dhuine bréige a bhí ann, agus, mar a thaispeántar go soiléir sa tslí ina bhfuil a ainm curtha isteach san amhrán sin a bhfuil cáil air “The Wearing of the Green”, is léir gur éirigh leis dul i bhfeidhm ar shamhlaíocht an phobail mhóir a bhí ar son éirí amach i gcoinne Shasana. Féachadh air mar dhuine céimiúil sa Fhrainc, ina dtuigeadh gur bhua taidhleoireachta na Fraince a bhí i gceist nuair a scaoileadh saor é, i mí an Mhárta 1902, agus nuair a d’éag sé ar an 24 Lúnasa 1803 in Bordeaux, “bhí an t-arm go léir sa dúiche agus sluaite ollmhóra de shaoránaigh, leis” ag a shochraid. Tá ráflaí ann go ndí-adhlacadh a chorp ní b’fhaide anonn agus gur cuireadh ar ais go hÉirinn é, agus go n-adhlachadh é in uaigh gan leach in Eaglais Paróiste Chaisleán Bellingham i gContae Lú (bhí neacht leis, Anne Bearcáil, pósta le Bairnéad Chaisleán Bellingham). Cuireadh a bhaintreach chéile i reilig Naomh Muire, Bhaile Iúiliáin, Contae na Mí agus is éard atá scríofa ar an leach ná: "To the memory of Mrs Ann Tandy, died 25 Dec 1820, widow of James Napper Tandy, Irish Patriot and General French Army. This stone was erected by their son James Napper Tandy whose youthful son was buried here with Thomas Cannon..."[8]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Nótaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Wikisource-logo.svg
  2. The parish record book lists the entries for February 1739 as '1738', due to the legal year being counted from 25 March in years prior to 1752.
  3. "Lifford old courthouse".
  4. Tá ort na shonrú' 'teideal = agus' 'url = nuair a úsáideann {{ lua idirlín}}."".
  5. A memoir of major-general sir R. Rollo Gillespie by Major Sir William Thorn. 1816. Printed for T. Egerton, at the Military Library, Whitehall. Page 87. https://books.google.co.uk/books?id=JEgVAAAAQAAJ
  6. The United Service Magazine: With which are Incorporated the Army and Navy Magazine and Naval and Military Journal, Part 2 (1831), p.221.
  7. Patton, Billy. "The Court Will Rise". L.A.T.C.H, 2004, p63
  8. Tá ort na shonrú' 'teideal = agus' 'url = nuair a úsáideann {{ lua idirlín}}."".