Jump to content

Edmund Burke

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaEdmund Burke

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith12 Eanáir 1729
Baile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Bás9 Iúil 1797
68 bliana d'aois
Beaconsfield, England Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de 12ú Parlaimint na Breataine Móire

Téarma parlaiminte: 12th Parliament of Great Britain (en) Aistrigh

Toghcheantar: Wendover (en) Aistrigh
Ball de 15ú Parlaimint na Breataine Móire

Téarma parlaiminte: 15th Parliament of Great Britain (en) Aistrigh

Toghcheantar: Malton (en) Aistrigh
Ball de 16ú Parlaimint na Breataine Móire

Téarma parlaiminte: 16th Parliament of Great Britain (en) Aistrigh

Toghcheantar: Malton (en) Aistrigh
Ball de 14ú Parlaimint na Breataine Móire

Téarma parlaiminte: 14th Parliament of Great Britain (en) Aistrigh

Toghcheantar: Bristol (en) Aistrigh
Ball de 13ú Parlaimint na Breataine Móire

Téarma parlaiminte: 13th Parliament of Great Britain (en) Aistrigh

Toghcheantar: Wendover (en) Aistrigh
Ball de 17ú Parlaimint na Breataine Móire

Téarma parlaiminte: 17th Parliament of Great Britain (en) Aistrigh

Toghcheantar: Malton (en) Aistrigh
Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Idé-eolaíocht pholaitíochtaLiobrálachas agus coimeádachas
ReiligiúnEaglais na hÉireann
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Réimse oibreEolaíocht pholaitiúil, idé-eolaíocht pholaitiúil, coimeádachas agus fealsúnacht
Gairmpolaiteoir, scríbhneoir, fealsamh, eolaí polaitiúil Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirOllscoil Ghlaschú Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaFuigeanna Rockingham (1765–1784)
Fuig Cuir in eagar ar Wikidata
GluaiseachtCoimeádachas liobrálach agus counter-revolutionary (en) Aistrigh
Faoi thionchar
TeangachaBéarla
Saothar
Saothar suntasach
Suíomh a chartlainne
Teaghlach
TeaghlachTeach de Búrca Cuir in eagar ar Wikidata
CéileJane Mary Nugent Cuir in eagar ar Wikidata
Síniú


Find a Grave: 12496191 Project Gutenberg: 842 Cuir in eagar ar Wikidata

Scríbhneoir Angla-Éireannach, státaire, fealsamh agus parlaiminteoir Sasanach ab ea Edmund BurkeÉamonn de Búrca, a rugadh sa bhliain 1729 i mBaile Átha Cliath. Fear ildánach sa chiall chlasaiceach agus smaointeoir de dhlúth ba ea an Búrcach.[1] Ó 1766 go dtí 1794 bhí sé ina Bhall Parlaminte i dTeach na dTeachtaí sa Bhreatain Mhór leis na Fuigeanna.

Chreid an Búrcach gur dlúth an ceangal idir suáilcí agus béasa sa tsochaí, agus tábhacht na n-insititiúdí creidimh ar mhaithe le seasmhacht mhorálta agus do leas an stáit, faoinar scríobh sé sa leabhar Cosaint na Sochaí Nádúrtha (1756). Cháin sé gníomhartha Rialtas na Breataine i dtaca leis na gcoilíneachtaí Meiriceánacha; a bearta cánach san áireamh. Mhaígh an Búrcach gur cheart go mbeadh cead ag lucht na gcóilíneachtaí dul i gcoinne údarás an Rialtais i Londain, cé nár thacaigh sé riamh leo siúd a rinne iarracht neamhspleáchas a bhaint amach. Cuimhnítear air mar dhuine a thug tacaíocht d'fhuascailt na gcaitliceach, do tháinseamh Warren Hastings as Comhlacht na nIndiacha Thoir, agus a fhrithbheart diongbháilte in éadan Réabhlóid na Fraince.

Ina leabhar Smaointe ar an Réabhlóid sa Fhrainc a scríobh an Búrcach sa bhliain 1790, mhínigh sé gurb í an réabhlóid ba chúis leis an scrios a rabhthas ag déanamh ar an tsochaí agus ar institiúidí an stáit, agus lochtaigh sé géarleanúint na hEaglaise Caitlicí a d'eascair aisti. An toradh a bhí air sin go ndearnadh duine mór le rá sna Fuigeanna agus go háirithe ar an taobh coimeádach den pháirtí polaitíochta sin, murab ionann agus na Fuigeanna Nua a bhí á stiúradh ag Cathail Séamas Mac an tSionnaigh (Charles James Fox) a bhí i bhfách le Réabhlóid na Fraince.

Sa 19ú haois, mhol idir choimeádaigh agus liobrálaigh an Búrcach. Dá éis sin, le linn an 20ú haois, chreidtí gurb é an Búrcach bunaitheoir fhealsúnacht an choimeádachais go háirithe sna Stáit Aontaithe agus sa Ríocht Aontaithe.

Ba i mBaile Átha Cliath a rugadh an Búrcach dá mháthair Máire (de Nógla an sloinne a bhí uirthi roimh phósadh di) a bhí ina Caitliceach Rómhánach de bhunadh Chontae Chorcaí. Dlíodóir éirimiúil a bhí ina athair, Ristéard, ar bhall Eaglais na hÉireann é. Ní léir ar thiontaigh Ristéard ón gCaitliceachas sular saolaíodh a mhac Éamonn. Ba de shliocht Uilleag de Búrca, ridire Angla-Normannach, iad an teaghlach. Tháinig Uilleag de Búrca i dtír in 1185 i ndiaidh ionradh Anraí II ar Éirinn in 1171 agus bhíodar ar na teaghlaigh mhóra Gall a tháinig leis na Gaeil, leis an nGaeilge agus le nósanna na nGael de réir a chéile.

Murab ionann agus a dheirfiúr, Joanna, a tógadh mar Chaitliceach agus a chloígh leis an gcreideamh sin ar feadh a saoil, tógadh Éamonn le creideamh a athar, an tAnglacánachas, agus cloígh sé leis go docht go deireadh a shaoil. Rinne a naimhdí polaitiúla ón eite chlé iarracht clúmhilleadh a tharraingt air trí líomhaintí a scaipeadh gur Chaitliceach diamhair a bhí sa Bhúrcach, gur cuireadh oideachas air i gColáiste Íosánach Naomh Omer in Calais na Fraince (rud nárbh fhíor), gur raibh báúlacht rúnda aige don Chaitliceachas. Ó thús go deireadh a shaoil b'ionann ballraíocht na hEaglaise Caitlicí agus dícháilliú ó oifig phoiblí de réir na bPéindlíthe in Éirinn. Mar a mhínigh an Búrcach do Phroinséas Crewe:

Rinne naimhdí an Bhúrcaigh tréaniarracht cur ina luí ar an saol mhór gur tógadh sa Chreideamh Caitliceach é, 7 gur den chreideamh sin iad a mhuintir, 7 gur cuireadh oideachas air féin in St. Omer—ach ba bhréag é, óir ba chleachtóir an dlí é a athair i mBaile Átha Cliath go rialta, rud nárbh fhéidir dá mba Chaitliceach é: 7 mar sin cé gur tharla don Bhúrcach a bheith i bPáras faoi dhó, níor tharla go ndeachaigh sé tríd an mBaile sin ar a dtugtar St. Omer.

I ndiaidh don Bhúrcach bheith tofa chuig Teach na dTeachtaí, ghlac sé mionn dílseachta, séanadh faoi mhionn, an mionn ceannais agus frithdhearbhú i gcoinne an tras-substaintithe.

Agus é ina pháiste, ar uairiribh chaitheadh an Búrcach seal i bhfad ar shiúl ó aer míshláintiúil Bhaile Átha Cliath i gcomhluadar theaghlach a mháthar cóngarach do Chill an Mhuilinn ar bhruach na hAbhann Móire i gContae Chorcaí. Fuair sé a chuid oideachais ar dtús i scoil de Chumann na gCarad i mBéal Átha an Tuair i gContae Chill Dara, 42 míle (42 ciliméadar) siar ó dheas ó Bhaile Átha Cliath. Ní fios ar fhreastail sé ar na scoileanna cois claí mar a rinne a col ceathrar i gCill an Mhuilinn. Choinnigh sé teagmháil le hiar-chomhscoláire dá chuid ar feadh a shaoil, mar a bhí Máire Leadbeater arb í iníon úinéir na scoile.

In 1744 thosaigh an Búrcach ag staidéar ar Choláiste na Tríonóide i mBaile Átha Cliath, a bhí ina institiúid Phrotastúnach an t-am sin ina raibh bac ar Chaitlicigh tabhairt faoi chéimeanna. In 1747 chuir sé cumann díospóireachta ar bun, Cumann Éamann de Búrca, rud a comhcheanglaíodh le Cumann Staire na hollscoile agus cruthaíodh Cumann Staire an Choláiste, ar é an cumann fo-chéime is sine ar domhan. Tá miontuairiscí na gcruinnithe fós i seilbh an Chumainn Staire. Ghnóthaigh an Búrcach a chéim in 1748. Ba mhian lena athair go ndéanfadh sé staidéar ar an dlí, agus leis sin chuaigh sé go Londain in 1750, áit a ndeachaigh sé go Cumann Ónórach an Mheánteampaill agus go luath ina dhiaidh sin d'éirigh sé as an staidéar dlíchun taisteal go dtí an Eoraip. Iar ndiúltú an dlí dó, chuaigh sé leis an scríbhneoireacht chun slí bheatha a shaothrú.

Ba mhór tionchar teoiric an Novus Homo de chuid Cicearó ar Burke agus é i mbun feisireachta i Londain, teoiric a leag béim ar leith ar theilgean phearsantacht mhacánta an chainteora san earnáil mhórálach phoiblí.[2]

scigphictiúr, 1790

D'fhreastail an Búrcach ar Choláiste na Tríonóide i mBaile Átha Cliath ó 1744 go 1748.

Bhogadh sé go Londain sa bhliain 1750. Ba bhall Fuig de Pharlaimint Westminster é ó 1765 ar aghaidh.

Bhí Burke an-láidir ina chuid coimeádachais. Mar shampla, thosaigh Réabhlóid na Fraince sna 1780idí agus sheas Burke an fód go láidir ina éadan ó thaobh na hidé-eolaíochta de.

Fuair an Búrcach bás le hailse goile (pianmhar agus míshuaimhneach ag an am) sa bhliain 1797 i mBeaconsfield, Sasana.

  1. Liam Ó Muirthile (Cois Life 2014). "Rogha alt" (ga-IE). Cois Life. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2019-07-09. Dáta rochtana: 2019-07-09.
  2. "Edmund Burke an Aithisc" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2019-07-09.