Jump to content

An Músaem Tionóntán

An Músaem Tionóntán
Íomhá
Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
CineálTeach agus músaem Cuir in eagar ar Wikidata
Foirgníocht1720 Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh geografach
Limistéar riaracháinContae Bhaile Átha Cliath, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Map
 53° 21′ 08″ N, 6° 16′ 13″ O / 53.3523486°N,6.2701543°W / 53.3523486; -6.2701543
Suíomh gréasáin oifigiúil14Henriettastreet.ie

An Músaem Tionóntán suite ag 14 Sráid Henrietta, Baile Átha Cliath. Is féidir cuairteoirí an gnáthshaol sa teach a fhiosrú, ó lár an 18ú haois go dtí tréimhse na dtionóntán sa 19ú/20ú haois.[1]

Tógadh na tithe móra Seoirseacha seo ar dtús san 18ú haois d’fheisirí Parlaiminte agus do na huaisle, ach ag tús an 19ú haois, tháinig deireadh le Parlaimint na hÉireann agus bhog na huaisle go Londain dá bharr. Leis na tithe anois folamh, tháinig athrú suntasach orthu agus rinneadh tionóntáin astu do theaghlaigh ón lucht oibre.[2]

Tógadh teaghlaigh mhóra i seomra amháin sna tionóntáin plódaithe seo ar fud na cathrach agus bhí míchlú agus mí-cháil orthu as na coinníollacha millteanacha seo.

Cumadh an leasainm Dirty Dublin de bharr na ‘slums’ seo agus bhí galar, míchothú agus easpa sláinteachais go forleathan iontu.[2]

14 Sráid Henrietta

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa daonáireamh i 1911, bhí os cionn 100 duine ina gcónaí sna tionóntáin in uimhir 14 Sráid Henrietta. Bhí ceathrú faoin gcéad de dhaonra Bhaile Átha Cliath ina gcónaí sna tionóntáin ag an am.[2]

Tá trí urlár sa mhúsaem, athchóirithe ó c.1960-70, agus aischuireadh ann príomhstaighre ó na 1740idí. Tá taifeadtaí béil ó dhaoine a chónaigh sna tionóntáin tráth. Tá ionad taighde ar an 4ú leibhéal.

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. gov.ie (2016). "Cuimhneacháin Dhomhnach Cásca 2016". Dáta rochtana: 2022.
  2. 2.0 2.1 2.2 Tessa Fleming le Pat Garry (2024-12-19). "Seachtain: An Ghaeilge agus an Nollaig in Dublin’s ‘tenement slums’" (ga-IE). Irish Independent. Dáta rochtana: 2025-04-06.